AGALLAMH LE ROESY: ‘ Tá an saol sách crua. Domsa, is sa chruthaitheacht atá an slánú’

Tá an t-amhránaí Roesy ar ais in Éirinn arís tar éis cúig bliana déag a chaitheamh san Astráil. Beidh sé ag casadh i Stiúideo Cuan mar chuid de Féasta Ceoil an Spidéil '26. Labhair sé le Tuairisc

AGALLAMH LE ROESY: ‘ Tá an saol sách crua. Domsa, is sa chruthaitheacht atá an slánú’

Amhránaí agus ealaíontóir as Biorra i gContae Uíbh Fhailí é Roesy, a ghnóthaigh ardmholadh ag tús na mílaoise as albaim ar nós Sketch the Day, Paint the Night, in 2001, agus The Spirit Store in 2003.

Tarraingíonn a shaothar ar liricí fileata, macalla an cheoil tíre agus machnamh domhain ar an saol.

Chaith sé cúig bliana déag ina chónaí san Astráil, agus deir sé gur fhág sé saol an cheoil go leataobh cuid mhaith de na blianta sin. D’fhill sé ar Éirinn anuraidh, agus is athbheochan ealaíonta agus cruthaitheachta a bhí ann dó, a deir sé agus é ag filleadh ar an gcruthaitheacht agus ar an bhfiosracht ealaíne.

Tá sé ina chónaí anois san áit inar tógadh é, beagán taobh amuigh de Bhiorra i gcontae Uíbh Fhailí.

Is iad na rudaí beaga is mó a chothaíonn iontas ann anois faoin mbaile, a deir sé, na comharsana ag bualadh isteach, ceol na n-éan, boladh an aeir is na séasúir ag athrú. Cuimhní iad a mheasann sé a bhí ina gcodladh ar chúl a intinne na blianta sin ar fad a raibh sé thar lear.

“Tá sé dochreidte an chaoi a n-oibríonn an inchinn. Bhí m’inchinn chomh ceangailte leis an Astráil leis na blianta fada, agus anois tá na cuimhní seo ó m’óige ag teacht ar ais chugam, agus tá sé ar nós go bhfuil mé á bhfeiceáil den chéad uair arís.”

Ag breathnú siar ar an saothar oibre atá déanta aige déarfá nár imigh sé riamh, ach deir sé féin go n-airíonn sé go bhfuil splanc na cruthaitheachta lasta arís ann tar éis di a bheith ar iarraidh air le fada.

“Bhí tréimhse fhada agam, is dóigh cúig bliana déag, nuair nár airigh mé an chruthaitheacht. Bhí amanna dorcha istigh ina lár sin, sórt ‘dark nights of the soul’. Ba í an chruthaitheacht an rud a shábháil mé aon uair a raibh aon chuid den trioblóid sin agam ‘thuas staighre’, ach ar feadh i bhfad bhí sé ar nós nach raibh mé in ann greim a fháil uirthi.”

I gcaitheamh na mblianta, tá ocht n-albam agus dhá EP eisithe aige. Thosaigh sé amach le Sketch the Day, Paint the Night, in 2001, albam ar eascair seacht gcinn de na traiceanna as seisiúin a rinne sé i Londain le Bernard Butler, a bhí ina ghiotáraí leis an mbanna Suede. Lean sé ina dhiaidh sin le The Spirit Store in 2003 agus Only Love is Real an bhliain dár gcionn.

Sna blianta ó shin tá saothair eile eisithe aige, Wolf Counsel, The Day Before the Fair (bailiúcháin amhráin thraidisiúnta) agus The Gold of Solstice June atá ar fáil trí Bandcamp. Seachnaíonn sé lipéid cheoil agus seirbhísí sruthaithe, tá sé ag iarraidh go mbeidh gach rud a eisíonn sé ‘lámhdhéanta agus ionraic’.

Tá an leathchéad bliain sroichte aige agus airíonn sé go bhfuil rud éigin tar éis bogadh istigh ann féin.

“Tá m’fhiosracht ealaíne agus cruthaitheachta ar ais. Ní thuigim i gceart fós é. An t-aon rud atá a fhios agam ná go bhfuil mé beo arís ionam féin. Tá sé ar nós Nick Drake a chloisteáil den chéad uair arís, nó ceol na n-éan. Dúisím ar maidin anois agus fios agam, tá mé le healaín a chruthú inniu.”

Tá ómós nua aige don ról atá ag an gcruthaitheacht i saol an duine.

“Tá an saol sách crua. Téann muid ar fad tríd an uaigneas, athruithe fisiciúla, imeachtaí ‘black swan’ nach raibh aon súil againn leo… Domsa, is sa chruthaitheacht atá an slánú. Faighim faoiseamh inti.”

Cloistear an téama sin sna liricí atá ina chuid amhrán agus feictear é sna saothair ealaíne a chruthaíonn sé.

“Tá mé ag iarraidh a bheith ag scríobh, ní faoin rud atá ag tarlú timpeall orainn ach na rudaí atá ag tarlú istigh ionainn. Sílim go bhfuil an cumas caillte againn easaontú le duine agus fós a bheith togha ina dhiaidh. Ceapaim go gcaithfidh muid a bheith sách umhal le rá nach mbíonn muid ceart i gcónaí agus cead a thabhairt dúinn féin ár n-intinn a athrú. Féach ort féin ag 20, 30, 40 – ní tú an duine céanna ag na haoiseanna sin ar fad. Bíonn muid i gcónaí ag cur craicne dínn féin.”

Bhí tionchar mór ag na blianta a chaith sé san Astráil air agus ar a dhearcadh ar an saol. D’oibrigh sé i réimse jabanna,  ó thiomáint Über agus seachadadh píotsaí go glanadh scoileanna agus níochán soithí. Ar feadh ocht mbliana, d’oibrigh sé mar chúramóir le daoine atá faoi mhíchumas, agus dúirt sé gur ndeachaigh an obair sin i bhfeidhm go mór air.

“Casadh daoine orm de gach dath agus creideamh, oideachas iontach a bhí ann. Tá an oiread sin laochra inár bpobail nach gcloiseann muid aon chaint orthu. Daoine atá ag streachailt le deacrachtaí móra ina saol féin, agus iad ag imeacht leo ag déanamh na dea-hoibre gan aon aitheantas. Cloiseann muid go leor drochscéalta, ach tá an mhaith i ngach áit timpeall orainn, má thógann muid an t-am lena cuardach.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH LE ROESY: ‘ Tá an saol sách crua. Domsa, is sa chruthaitheacht atá an slánú’'