Beidh sé deich mbliana an samhradh seo chugainn ó d’fhoilsigh coiste sláinte an Oireachtais Sláintecare. Ghlac an tOireachtas leis an bplean a chuir Aire Sláinte na linne Simon Harris faoina mbráid agus leagadh síos sprioc deich mbliana le go gcuirfí an plean i bhfeidhm.
An aidhm a bhí le Sláintecare ón tús go mbunófaí plean comhtháite aon sraithe cúraim sláinte agus sóisialta sa tír. Glacadh leis ar deireadh thiar go raibh an córas polaitiúil ag tabhairt aghaidh ar an éagóir éagothroime leanúnach a bhain le cúram sláinte sa tír seo.
Go hoifigiúil, mar sin, tá sé réigiún sa tír a bhaineann le polasaí leighis a chuirfear i bhfeidhm i mbliana. Maítear freisin gur gearr faoi phleananna forfheidhme na Roinne Sláinte go mbeidh córas aontaithe amháin leighis againn a chuirfear ar fáil don uile shaoránach. Cén fáth mar sin go bhfuil muid go síoraí, seasta ag éisteacht le conspóidí mar a tharla le roinnt míonna agus go ndeachaigh an tAire Sláinte i mbun bagartha go mbainfeadh sí maoiniú d’ospidéal an Rotunda chun cur faoi ndeara dóibh cloí le coinníollacha Sláintecare?
Tá an-mheas ar an obair atá déanta ag Jennifer Carroll McNeill le forálacha an phlean a chur i bhfeidhm ach nach gcaithfear ceisteanna a chur ag an tráth seo. Plean deich mbliana a foilsíodh deich mbliana ó shin agus anois atá sé á chur i bhfeidhm? Agus sin an ghné a bhaineann le dochtúirí comhairleacha.
Céard faoin obair ar fad a bhí le déanamh faoi sheirbhísí cúram príomhúil a chur ar fáil i measc an phobail? Ní haon rún go bhfuil deacrachtaí leanúnacha leis na seirbhísí sin agus le liostaí feithimh. Tá níos mó airgid ná riamh dá chaitheamh leis an tseirbhís. Ach féach ar an méid a tharla le dochtúirí comhairleacha an Rotunda le tamall de sheachtainí. Má chaitheann an tAire Sláinte a leithéid seo de chath a throid le gach uile ghné den tseirbhís sláinte a leasú is fada agus anróiteach an próiseas a bheidh ann.
Nuair a chuirtear na deacrachtaí reatha leis an gcostas maireachtála as an áireamh, is iondúil go mbíonn míshástacht leis an gcóras sláinte ard go maith ar an liosta ceisteanna a bhíonn ag déanamh tinnis don phobal. Bíonn scéalta brónacha tubaisteacha á gcloisteáil againn go rialta faoi na deacrachtaí sa gcóras ach ní minic a chloiseann muid faoi aire ag tabhairt dúshlán na ndochtúirí comhairleacha go háirithe. Slogann an Roinn Sláinte airgead agus cuireadh beagnach €28 billiún ar fáil di an mhí seo caite. An bhfuil an tseirbhís feabhsaithe mar thoradh ar an gcaiteachas breise? An gcaithfidh tuilleadh conspóidí mar seo a bheith ann lena chur ina luí ar dhochtúirí comhairleacha atá ag saothrú go maith mar atá siad sa gcóras poiblí gurb é an rud is tábhachtaí anseo sláinte an phobail a chaomhnú agus a fheabhsú?
Ní dóigh go bhfuil deireadh go fóill leis na fadhbanna le leasuithe ar an gcóras agus seans go mbeidh Sláintecare ag dul roinnt blianta thar an sprioc a bhí ann dá chur i bhfeidhm.
Fág freagra ar 'Deich mbliana de Sláintecare – conspóidí agus cathanna'