Áine Uí Fhoghlú
Maisithe ag Serena Scully
LeabharCOMHAR
Is úrscéal taitneamhach é Bilal agus Cócó a thugann léargas do léitheoirí óga ar shaol na dteifeach in Éirinn. Buachaill dhá bhliain déag d’aois é Bilal arb as an bPalaistín ó dhúchas dó. Tá cónaí air féin, a dheirfiúr níos óige Salma, agus a dtuismitheoirí, Mohammed agus Mariam, go sealadach in óstán i mBaile Átha Cliath.
Lá amháin agus é ar a bhealach abhaile ón scoil, tagann sé trasna ar chaitín beag atá caite sa mbruscar ag duine éigin. Ní chuimhníonn sé ar thada ach an caitín a chumhdach isteach faoina sheaicéad agus í a thabhairt abhaile leis.
Tuigeann muid go luath sa scéal go bhfuil dhá chineál duine san óstán: na daoine atá ag íoc le fanacht ann mar aíonna, agus na teifigh. Níl an meas céanna ar na teifigh, fiú nuair is buachaill dhá bhliain déag d’aois thú.
Ní chaitheann an fáilteoir san óstán go sibhialta leis nuair a thagann sé isteach an doras ón scoil. Díbríonn sí amach as an bpríomhoifig fáilte é agus ordaíonn sí dó a ghabháil amach sa mbáisteach arís agus isteach an cúldoras. Ní hé an t-iompar é a bheifeá ag súil leis ó dhuine ar bith i leith páiste atá ag fanacht faoi do dhíon.
Nuair a théann sé timpeall an choirnéil go dtí an doras cúil, sin é an uair a thagann sé ar an gcaitín. Tá a fhios aige nach bhfuil cead aige peata a bheith aige san óstán, ach déanann sé an rud ceart don ainmhí beag ina dhiaidh sin féin. Is deacair gan chomparáid a dhéanamh idir cás an chaitín agus cás na bPalaistíneach, atá curtha faoi chois ina dtír dhúchais agus scaipthe sna ceithre hairde.
Cuireann Uí Fhoghlú an saol in iúl dúinn trí ghlór Bilal agus tarraingítear isteach ina dhomhan muid. Ní aon naomh é agus ní aon diabhal é ach an oiread. Tá rudaí a chuireann as dó, boladh an bhia san óstán, an bháisteach in Éirinn… Ach ní chaitheann sé a chuid ama ag tabhairt amach fúthu.
Feiceann muid cé chomh cúng is atá an lóistín don teaghlach ceathrair, iad uilig i aon seomra óstáin amháin. Tá bréagáin scaipthe ar fud an urláir agus caithfidh an mháthair léim tharstu agus í ag deifriú amach an doras chuig cruinniú nuair a thagann sé abhaile ón scoil.
Tuigeann muid go bhfuil an cruinniú an-tábhachtach do na tuismitheoirí, an mbaineann sé le cúrsaí víosa nó stádas, b’fhéidir? Ach ní hin croí an scéil seo, tarlaíonn na rudaí sin sa chúlra do Bilal.
Fágtar eisean agus Salma sa mbaile leo féin fad is atá a dtuismitheoirí ag an gcruinniú agus tugann sé seo deis dóibh an caitín a réiteach. Isteach le Bilal i bhfolach sa seomra folctha agus é ag iarraidh an caitín a ghlanadh.
Tá na radharcanna idir é féin agus a dheirfiúr sa seomra folctha, agus iad ag iarraidh an caitín beag a ní thar a bheith barrúil. Cuimhnigh ar bheirt ghasúr ag iarraidh cat a ní sa doirteal, agus bí cinnte nach raibh an cat róshásta faoin scéal.
Cén t-ionadh é agus iad i seomra beag óstáin le chéile ach ní éiríonn le Bilal a rún a choinneáil rófhada. Is gearr go sceitheann Salma an scéal lena muintir.
Leanann tuilleadh eachtraíochta. Tá a intinn féin ag Cócó agus níl sé sásta fanacht socair i bhfolach sa seomra. De réir a chéile tugtar muid ar thuras trí shaol Bilal, agus raic á tharraingt ag an gcaitín gach áit a dtéann sé.
Cuireann léaráidí simplí Serena Scully, atá scaipthe tríd an leabhar, go mór leis an insint. Taispeántar gnéithe de chultúr na Palaistíne anseo is ansiúd sna pictiúir, sna héadaí a chaitheann a mháthair agus sna patrúin atá le feiceáil ar an éadach atá crochta sa seomra.
Ar bhealaí go leor tá laethanta Bilal cosúil le saol an ghnáthpháiste in Éirinn. Is cinnte go gcuirfidh sé le tuiscint an léitheora ar shaol na dteifeach in Éirinn agus ar na cosúlachtaí atá idir muintir na Palaistíne agus muintir na hÉireann.
Taobh amuigh den teachtaireacht sin amháin, is leabhar an-taitneamhach é atá lán le spraoi agus aicsean Bilal agus a chaitín cróga, Cócó.
Fág freagra ar 'Léargas ar shaol na dteifeach i scéal taitneamhach lán aicsin do pháistí'