FÉILTE
Imeachtaí Gaeilge ag Féile Leabhar Bhéal Feirste
Beidh Féile Leabhar Bhéal Feirste ar bun ón Déardaoin an 4 Meitheamh ar feadh seachtaine in ionaid éagsúla ar fud na cathrach.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i rith na féile, beidh ceardlann do dhaoine atá ag tosú ag foghlaim na Gaeilge le Mollie Guidera. Is í Guidera a bhunaigh an t-ardáin ‘Irish With Mollie’ agus ainmníodh a leabhar The Gaeilge Guide: Spark your connection to the Irish language and legacy ar na gearrliostaí i nGradam Leabhar na Bliana An Post 2025.
Beidh oíche mic oscailte ilteangach, Off the Scéal, ar bun i The Crescent ar an Déardaoin, 11 Meitheamh ag a 8pm. Is iad Ola Majekodunmi agus Daniel Flynn atá i bhfeighil na hócáide agus cuirfear fáilte roimh fhilí, ceoltóirí, scéalaithe agus fuirseoirí a saothar i nGaeilge, i mBéarla agus i dteangacha eile a roinnt. Clárú ar an oíche ó 7:45 i.n.
Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.

Ceolchoirmeacha ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain
Beidh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar bun i mbliana ó 19-31 Iúil in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i rith na scoile beidh ceolchoirm mhór ar bun ar an Aoine an 24 Iúil agus Clann Mhic Ruairí, Tempest agus Clann Mhic Cionnaith ar stáitse.
Ar an Satharn an 25 Iúil, beidh buillí, gearrthóga fuaime agus ceol ceannródaíoch le cloisteáil ó Bréag, HHH & Cuan de Búrca agus Burnchurch. An tseachtain dár gcionn, ar an gCéadaoin an 29 Iúil, cuirfear Oíche Cheoil na mBan ar siúl agus Clare Sands, Muireann Ní Shé, Catríona Ní Ghribín, Edel Ní Churraoin agus Aisling Lyons ar stáitse.
Gach eolas agus ticéid le fáil ag an nasc seo.
Deireadh seachtaine deiridh na Féile Bealtaine
Beidh deireadh seachtaine deiridh na féile náisiúnta Bealtaine ar siúl an deireadh seachtaine seo. Féile í Bealtaine a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona i measc daoine atá ag dul in aois.
Is í an aidhm atá ag an bhféile ná rannpháirtíocht sna healaíona a cheiliúradh agus deiseanna a chur ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois a bheith gníomhach sna healaíona ar fud na tíre. Bunaíodh an fhéile sa mbliain 1995 agus bíonn imeachtaí ar siúl i rith mhí na Bealtaine gach bliain.
Cuirfear clár mórimeachtaí ar bun an deireadh seachtaine seo le críoch a chur le féile na bliana seo. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh Johnny Got a Bus Pass le Little John Nee sa Project Arts Centre tráthnóna inniu, Dé hAoine, an 29 Bealtaine ag 5.30pm.
Tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí.
CEOL
Loinnir, albam dátheangach leis an gceoltóir cumaisc Muirġen
Tá a céad albam EP, Loinnir, eisithe ag an gceoltóir Muirġen. Ceoltóir cumaisc í agus tá meascán de cheol traidisiúnta na hÉireann, scéalaíocht dhátheangach agus fuaimeanna leictreaphop le cloisteáil sa mbailiúchán traiceanna ar an EP.
Oileadh Muirġen sa gceol clasaiceach agus ina dhiaidh sin d’oibrigh sí mar aisteoir agus amhránaí ar feadh tréimhse go dtí go ndeachaigh sí isteach leis an ngrúpa Celtic Woman agus chuaigh sí ar camchuairt dhomhanda leo ar feadh cúig bliana. Tháinig sí ar ais go hÉirinn ag deireadh 2024 agus casadh an léiritheoir Cian Sweeney uirthi i samhradh na bliana seo caite agus d’oibrigh siad le chéile ar an albam seo.
I measc na dtraiceanna ar an albam, tá an traic ‘Loinnir’, ina bhfuil mír filíochta ó bhéal á haithris ag Hector Ó hEochagáin.
Tá an t-albam agus tuilleadh eolais ar Bandcamp anseo.
Deireadh seachtaine ceoil Na Sceirí
Cuirfear deireadh seachtaine an cheoil thraidisiúnta ar bun sna Sceirí i mBaile Átha Cliath ón Aoine an 5 Meitheamh go dtí an Domhnach an 7 Meitheamh. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine, beidh ranganna ar an bhfeadóg stáin á múineadh ag Mary Bergin agus Éamonn Galldubh. Tá na ranganna sin dírithe ar dhaoine atá go maith nó an-mhaith ar an bhfeadóg stáin.
Beidh an banna Téada ar stáitse i rith na féile ar an Satharn, 6 Meitheamh i The Lark i mBaile Brigín. Níos luaithe ar an Satharn ag 4pm i Séipéal an Cornerstone sna Sceirí, beidh ceadal ceoil acústach le Mícheál agus Macdara Ó Raghallaigh.
Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.
SIÚLÓID
Siúlóidí samhraidh le Na Cnocadóirí
Beidh siúlóidí sléibhe d Na Cnocadóirí ar siúl gach dara Domhnach i rith an tsamhraidh. Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe é Na Cnocadóirí a eagraíonn siúlóidí sléibhte i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin do chainteoirí Gaeilge.
Bíonn siúlóidí éasca á n-eagrú ag an ngrúpa i rith an tsamhraidh chomh maith le turais chnocadóireachta in Éirinn agus thar lear agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
Beidh an grúpa ag teacht le chéile arís ar an Domhnach an 31 Bealtaine ag meán lae ag Clifton Hall, Sráid Mhic Liam Íochtarach i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Gach eolas anseo.
COMHDHÁIL
Comhdháil ar léann na haiteachta agus ealaín LADTA+
Beidh Comhdháil ar Léann na haiteachta agus ealaín LADTA+ trí Ghaeilge á reáchtáil ag an ngrúpa Aerach Aiteach Gaelach i gcomhar le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD ar an Déardaoin an 18 Meitheamh.
Cuirfear an chomhdháil ar bun ar champas UCD agus seo í an chéad chomhdháil aiteach den chineál seo sa nGaeilge.
Is í aidhm na comhdhála seo a deir an lucht eagraithe ná an t-eispéireas aiteach a chíoradh agus a chur i láthair ar bhealach a chuimsíonn an ealaín agus an taighde acadúil le chéile.
Ar chuid de na cainteoirí a bheidh ag labhairt ag an gcomhdháil, beidh Ciara Ní É, Orna Ní Choileáin, Eoin McEvoy.
Clár an lae agus ticéid ar fáil ag an nasc seo anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Loinnir Muirġen, Comhdháil LADTA+, Na Cnocadóirí i mBÁC, Téada sna Sceirí, Clann Mhic Ruairí ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain'