‘Scaití cluinim fós í: ag déanamh an bhealaigh ar na ráillí, siar agus aniar. Dúisíonn an pictiúr sin i m’intinn agus mé idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht. An fheadóg ag an stáisiún, na daoine uaisle ag teacht amach agus daoine óga an cheantair ag dul ar bord, ag gabháil ar imirce. Feicim aríst an traein deiridh ar an ráille agus muid cruinnithe ar chnocán ag fágáil slán léi ….agus tagann néal na hoíche orm, agus téim chun suain.’
Ceann de na scéalta is áille agus is tochtmhaire i leabhar a foilsíodh i gConamara sna laethanta beaga seo caite.
Bairbre Uí Mháille, (Seoigeach roimh phósadh di), as Doire Fhada Thoir ar an Sraith Salach i gConamara. Tá sí i bhfoisceacht cúig mhí den chéad. Tá sí ar an duine ba shine a thug scéal a bhain lena cuid cuimhní cinn sa leabhar nua atá foilsithe faoin teideal Wisdom and Memories.
A mac, Seán Ó Máille, a chuir peann le pár ach is ó bhéal a mháthar a tháinig na focla. Cónaíonn sí sa mbaile agus sé Seán an príomhchúramóir atá aici.
D’imigh na traenacha Gaeltachta uilig – Acaill agus uafás Kirkintilloch i 1937; gréasán traenacha Dhún na nGall sna 1960idi agus Conamara i 1935.
Ní dóigh go bhfuil cuntas níos fearr ar thraein Chonamara ag aon nduine eile beo anois ná Bairbre Ní Mháille. Cé nach raibh sí ach 9 mbliana d’aois nuair a cuireadh deireadh leis an tseirbhís traenach, tá na blianta sin greanta ina hintinn. Ba radharc míorúilteach laethúil a bhíodh sa traein.
Ní raibh bóthar ná bealach go baile fearainn Dhoire Fhada Thiar agus bhíodh orthu a dhul ar chiseach thar abhainn le dhul chomh fada leis an stáisiún. Is cuimhneach léi go dtugtaí cónraí as an gceantar máguaird siar ar an traein ón Sraith Salach go Béal an Átha Fada – tuairim 4 mhíle. Cnocán na Croise a thugtaí ar an áit a gcruinníodh na daoine ag stáisiún na traenach lá sochraide.
Is cuimhneach léi na leaids óga ag leagan na sean-leathphingineacha ar an ráille sa gcaoi agus go mbeadh cosúlacht pingine orthu ach a mbídís leathnaithe amach ag rothaí na traenach. Théití chuig an siopa leis an ‘pingin’ agus d’éireodh leo scaití; b’fhiú é a thriail mar go raibh na pingineacha gann. Ach dhéantaí ceird dó agus bhíodh amhras ar chuile phingin ar ball.
Ba mhór an t-iontas san am, a deir Bairbre, scáil shoilse na traenach san oíche i loch fhada Shraith Salach. B’in deireadh na 1920idí agus tús na 1930idí.
Ach bhí an saol ag athrú. Tháinig na leoraithe ar na bóithre. Ní raibh dóthain paisinéirí ná lasta ar an traein. Fuair an eacnamaíocht an ceann is fearr ar chóiriúlacht na ndaoine. Tháinig an lá a ndeachaigh an traein deiridh as an gClochán go Gaillimh.
Bhí Bairbre i measc an díorma a sheas amach ag an stáisiún agus a d’ardaigh a gcuid lámh ar na paisinéirí agus ar an traein de réir mar a bhuail sí ráille den uair dheireanach soir i dtreo an Tí Dhóite, agus as sin go Gaillimh, agus as sin isteach sna leabhra staire. Bhí na deora, a deir sí, le chuile dhuine agus d’fhan an pictiúr sin ina ceann, agus fanann fós.
Bíonn sé ina chomhluadar aici agus í ag dul chun suain san oíche agus beidh an dá lá agus samhlaíocht agus stuaim ag baint leis an réiteach a rinneadh ar an bhfoilseachán seo. Iarradh ar dhaoine atá teannta amach sna blianta giota, uacht mar a baisteadh air, a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Rinne Éamon Mac an Ríogh as an Aird Thoir an beart sin – é anois os cionn 90 agus ina scoth scéalaí fós. Rinne Michael Shéamuis Ó Ceannabháin as an Aird Mhóir é agus é ag cuimhneamh ar na monarchana biatais i Sasana.
I mBéarla a cuireadh an leabhar i dtoll a chéile; bhíothas ag iarraidh freastal ar chuile dhuine. B’fhiú a leathcheann a dhéanamh i nGaeilge. Ach fós féin, is seoid í, fiú agus mura mbeadh ann ach an píosa álainn agus luachmhar staire ó Bhairbre Uí Mháille, agus go mba fearr a bheidh sí.
Fág freagra ar 'Feicim aríst an traein deiridh ar an ráille agus muid cruinnithe ar chnocán ag fágáil slán léi'