Tá an t-iriseoir ó Mhaigh Eo, Póilín Ní Chiaráin, le criú an ‘An Pod Spóirt’ chun labhairt ar bhua stairiúil a contae dúchaisi gcraobh na hÉireann. Pléitear chomh maith craobh peile na bliana seo agus cluichí ceannais chraobhacha na mban an deireadh seachtaine seo
Tá Póilín Ní Chiaráin i dteannta Darren, Pádraic agus Dara san eagrán deireanach sa tsraith seo de ‘An Pod Spóirt’ chun féachaint siar ar lá na fuascailte do Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite nuair a bhuaigh siad craobhna hÉireann den chéad uair le 75 bliain.
Tugann Póilín blaiseadh dúinn den cheiliúradh i Maigh Eo le seachtain agus caitear súil siar ar an gcluiche stairiúil in aghaidh Chiarraí agus ar na deora áthais a lean i bPáirc an Chrócaigh.
Cuimhnítear chomh maith ar na daoine nár mhair chun slánú Mhaigh Eo a fheiceáil agus labhraítear ar an misneach a thabharfaidh an bua don chontae.
Deir Pádraic, an Gaillimheach inár measc, go raibh áthas air féin fáil amach agus Maigh Eo ag déanamh ar cheann scríbe, go raibh a leithéid de rud is croí ann!
Pléitear freisin buaicphointí Chraobh Peile na hÉireann 2026, na buaicphointí agus na ceachtanna atá le foghlaim.
Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Deireadh go deo le ‘Maigh Eo, go bhfóire Dia orainn’ agus báidín Andy Moran ar snámh ar dheora áthais'