Leabhar ‘mallaithe’ a chuir alltacht ar léitheoirí an 19ú haois

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: bhí Bom Crioulo ar cheann de na chéad úrscéalta i litríocht an Iarthair ina raibh an homaighnéasachas lárnach

Leabhar ‘mallaithe’ a chuir alltacht ar léitheoirí an 19ú haois

An mhí seo caite, agus mé i siopa leabhar go mall istoíche i Liospóin na Portaingéile, mheall leabhar ón mBrasaíl nár chuala mé trácht air riamh nuair a bhí cónaí orm sa tír sin m’aird: Bom Crioulo (An Criólach Maith) le Adolfo Caminha.

Ach luíonn sé le réasún nár chuala mé caint ar Bom Crioulo riamh. Leabhar ‘mallaithe’ a bhí ann – de réir an údair féin – ó céadfhoilsíodh é sa bhliain 1895.

An chúis: triantán grá idir fear dubh sna tríochaidí, fear bán nach bhfuil ach 15 bliana d’aois agus bean bhán sna daichidí atá sa phlota – agus ní sheachnaítear an cur síos ar chúrsaí collaíochta.

Comhábhair iad an grá idir ciníocha éagsúla, idir daoine den inscne chéanna, agus (thar aon rud eile is dócha) gnéas idir daoine fásta agus duine atá faoi aois a bhainfeadh geit as roinnt mhaith léitheoirí inniu, gan trácht ar léitheoirí dheireadh an 19ú hAois – sa Bhrasaíl, tír a bhí thar a bheith coimeádach an tráth sin.

Mar bharr ar an ‘donas’, mairnéalaigh i gcabhlach na Brasaíle iad beirt de na príomhcharachtair, an fear dubh Bom Crioulo agus an stócach bán Aleixo a dtugann Bom Crioulo grá dó. Dar leis na léirmheastóirí ag an am bhí droch-cháil á tarraingt ag an údar (a d’fhreastail sa chabhlach é féin, rud a rinne cúrsaí níos measa fós) ar fhórsaí míleata na tíre.

Chuaigh Bom Crioulo as cló toisc go raibh drogall ar dhaoine é a léamh, foilsíodh leagan ‘glanta suas’ sa bhliain 1936, ach cuireadh cosc scun scan air ina dhiaidh sin nuair a d’iarr cabhlach na Brasaíle ar na húdaráis sin a dhéanamh. Foilsíodh athleagan den bhuntéacs arís i 1956, ach faoin am sin, breis agus trí scór bliain tar éis an chéad chló, bhí athrú as cuimse ar an saol – agus ar an bhfaisean liteartha.

Tá Bom Crioulo ar cheann de na chéad saothair i litríocht an Iarthair a thráchtann go sonrach ar an ngrá idir daoine den inscne céanna agus tá tábhacht nach beag leis dá bharr sin. Ach fiú anois agus fáil ar an leabhar arís in eagrán nua, drochsheans gur leabhar mórdhíola a bheidh ann riamh.

Bhí an t-údar Adolfo Caminha go mór faoi anáil stíl liteartha a linne, an nádúrachas – stíl a bhí ag dul as faisean cheana féin, áfach, agus Bom Crioulo á scríobh. Fearacht údar eile an nádúrachais ar nós Flaubert agus Zola ní ar an gceist ‘cén fáth?’ a dhíríonn Caminha ach ar an ‘conas’; insítear mothúcháin na gcarachtar dúinn in ionad iad a thaispeáint.

Mar sin féin, bhain mé sult as an léitheoireacht. An bua atá ag an nádúrachas, dar liom – uaireanta ceapaim gur mór an trua é go ndeachaigh sé as faisean – ná go mínítear chuile shórt glan amach; ní gá duit a bheith buartha nach dtuigeann tú an leabhar. Ar an gcaoi sin – mar a bheifeá ag breathnú ar chluiche dornálaíochta inar léir an toradh ón tús – bíonn tú in ann díriú ar áilleacht agus ar chruálacht na mbuillí a bhuailtear ar na carachtair gan aon trioblóid ort ciall a bhaint astu.

Fuair Adolfo Caminha bás den eitinn in aois 29 sa bhliain 1897, dhá bhliain i ndiaidh dó Bom Crioulo a fhoilsiú. Dá dtiocfadh an fear bocht ar an saol céad bliain níos déanaí agus dá mbainfeadh sé úsáid as teicnící inste scéil ár linne, gach seans go scríobhfadh sé blockbuster ceart.

Fág freagra ar 'Leabhar ‘mallaithe’ a chuir alltacht ar léitheoirí an 19ú haois'