Tá an brúghrúpa oideachais nua Imeasc ag súil le tuilleadh tacaíocht traspháirtí a fháil tar éis dóibh tuarascáil a fhoilsiú an ina léirítear gur chun leas an gheilleagair agus na sochaí a bheadh sé níos mó oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil.
Dúirt Rachel de Bhailís, ó Imeasc, le Tuairisc gur tugadh cuireadh don Aire Oideachais Hildegarde Naughton agus d’ionadaithe ón Roinn Oideachais a bheith i láthair ag an seoladh, ach nár tháinig siad. Bhí ionadaithe ó pháirtithe éagsúla ann, mar sin féin, agus dúirt de Bhailís go bhfuil an grúpa ag iarraidh tógáil ar an “tacaíocht traspháirtí” sin.
“Bhí an méid sin daoine ann [ag an seoladh], bhí an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ann, bhí Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin ann, Naoise Ó Cearúil ó Fhianna Fáil, ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta, tuismitheoirí, baill den choiste nuabhunaithe atá ag plé le cúrsaí Gaeloideachais, agus polaiteoirí eile ó pháirtithe éagsúla,” a dúirt de Bhailís.
Dúirt sí go mbeidh an grúpa anois “ag impí” ar an rialtas an tuarascáil a léamh agus an taighde atá ann a úsáid “i ngach rud a bhaineann le cúrsaí Gaeloideachais amach anseo”.
Tá Imeasc anois ag labhairt le habhcóidí agus le “daoine sinsearacha sa státseirbhís” faoin leasú atá á dhréachtú ar an Acht Oideachais i láthair na huaire agus súil acu dul i bhfeidhm ar lucht scríofa na reachtaíochta nua le háit a dhaingniú ann don soláthar Gaeloideachais.
Dúirt an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil, a thug cuireadh don ghrúpa Imeasc an tuarascáil a sheoladh i dTeach Laighean, gur cheart go mbeadh an tAire Oideachais Hildegarde Naughton “ag caint” le grúpaí feachtais atá ag iarraidh scoileanna lán-Ghaeilge a oscailt timpeall na tíre agus go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeadh an rialtas in ann Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna a bhunú. Dúirt sé go n-oibreodh a pháirtí féin go dlúth le páirtí an Aire sa chomhrialtas le Gaelcholáistí a bhunú.
D’íocfadh infheistíocht i 350 scoil lán-Ghaeilge bhreise aisti féin – tuarascáil nua
“Tá reachtaíocht scríofa agam féin, níl ann ach dréacht faoi láthair agus caithfidh sí dul tríd na céimeanna ar fad, ach chuirfí iachall ar an stát Gaeloideachas a chur ar fáil nuair atá sé soiléir go bhfuil an t-éileamh ann. Caithfidh an dréacht dul trí Oifig na gComhairlí Dlí Parlaiminte agus Oifig Buiséid na Parlaiminte, ar ndóigh.
“Teastaíonn uaim go mbeidh tacaíocht uile-pháirtí ag an reachtaíocht seo, tacaíocht ó Shinn Féin, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, agus eile, le go mbeadh gach duine ar an taobh céanna faoi,” a dúirt Ó Cearúil.
De réir na tuarascála nua ó Imeasc, d’fhéadfaí freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas le 350 scoil bhreise lán-Ghaeilge a chur ar fáil, gan aon chostas rómhór a chur ar an stát.
De réir an taighde nua maidir leis an lorg a d’fhágfadh reachtaíocht nua faoin ngaeloideachas ar an ngeilleagar, is é is dóichí ná a mhalairt gur chun leas na heacnamaíochta agus na sochaí a bheadh sé tuilleadh oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil.
Fág freagra ar 'Achainí déanta ar an Rialtas taighde nua a úsáid ‘i ngach rud a bhaineann le cúrsaí Gaeloideachais’'