€130,000 ceadaithe do chaomhnú Chaisleán Mhionlaigh i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe

Úsáidfear an t-airgead chun “obair chaomhnúcháin ríthábhachtach” a dhéanamh ar an gcaisleán ina mbíodh na Blácaigh ina gcónaí go dtí gur scriosadh i dtine ag tús an chéid seo caite é

€130,000 ceadaithe do chaomhnú Chaisleán Mhionlaigh i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe

Tá €130,000 ceadaithe do “chaomhnú leanúnach” ar Chaisleán Mhionlaigh i nGaeltacht na Gaillimhe. Tógadh an caisleán ar bhruach Abhainn na Gaillimhe ar an taobh ó thuaidh den chathair san 16ú haois agus tá sé anois ina fhothrach.

Úsáidfear an t-airgead ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun “obair chaomhnúcháin ríthábhachtach” a dhéanamh ar an gcaisleán, ina mbíodh na Blácaigh ina gcónaí go dtí gur scriosadh i dtine ag tús an chéid seo caite é.

Ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe seilbh ar an gcaisleán agus ar an talamh timpeall air sa bhliain 2000. Deir an Chomhairle go bhfuil “daingniú agus cothabháil leanúnach” á dhéanamh ar láthair an chaisleáin.

“Is sainchomhartha iomráiteach é Caisleán Mhionlaigh ar Abhainn na Gaillimhe, a bhíodh ina áit chónaithe ag muintir de Bláca go dtí gur scriosadh i dtine é i dtús an 20ú haois.

“Tugadh faoi obair mhór le roinnt blianta anuas chun an caisleán a chaomhnú, agus chuidigh an maoiniú leithdháilte a fuarthas leis na hidirghabhálacha ríthábhachtacha seo,” a dúirt Jim Higgins, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tharla an tine, inar maraíodh duine de mhuintir de Bláca agus searbhónta, ar an 26 Iúil 1910. Tá an caisleán ina fhothrach ó shin. Ní cainteoirí Gaeilge a bhí sna Blácaigh ach bhí a gcaisleán lonnaithe i gceantar a raibh an Ghaeilge sa treis ann fós sa 19ú haois. Reáchtáiltí féilte ar thalamh an chaisleáin do mhuintir na háite i mí na Bealtaine.

Tá Mionlach, agus an caisleán féin, i gceantar oifigiúil Gaeltachta fós sa lá atá inniu ann agus tagann an ceantar faoi phlean teanga an Bhruaigh Thoir.

Ceadaíodh maoiniú freisin d’Eaglais Choláisteach San Nioclás i lár chathair na Gaillimhe. Cabhróidh an €130,000 sin le deisiú struchtúrach a dhéanamh a bhfuil “práinn” leis.

“Tá cúnamh ollmhór faighte ag rannán oidhreachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leis an leithdháileadh €260,000 ó Chiste na Séadchomharthaí Poiblí chun Caisleán Mhionlaigh agus Eaglais Choláisteach San Nioclás a chosaint,” a dúirt an comhairleoir John McDonagh, a bhí ag labhairt thar ceann Mhéara na Gaillimhe, Mike Cubbard.

“Cinntíonn an maoiniú criticiúil seo go ndéanfar deisiú struchtúrtha agus caomhnú fadtéarmach agus go gcuirfear feabhas ar an gcuma atá ar an dá shéadchomhartha iontacha seo, chun stair áitiúil a chosaint iionas gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint astu amach anseo.”

Fág freagra ar '€130,000 ceadaithe do chaomhnú Chaisleán Mhionlaigh i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe'