Tá sé fógartha gurb é Seán Ó Maoilchiaráin, imreoir le foireann peile na Gaillimhe, a bheidh ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael i mbliana.
Dúirt Ó Maoilchiaráin, arb as Inis Mór dó, gur mór an onóir dó a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge agus go raibh sé ag súil go mór leis an ról.
Rinneadh an scéal a fhógairt i bPáirc an Chrócaigh Dé Luain agus Ó Maoilchiaráin ag teacht i gcomharbacht ar iománaí Átha Cliath, Fergal Whitely, sa ról.
Chuir CLG tús le ról an ambasadóra Gaeilge in 2022. Ba iad peileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, iománaí an Chláir, Paul Flanagan, agus peileadóir Chiarraí, Seán O’Shea, an triúr eile a roghnaíodh mar ambasadóirí roimhe seo.
Múinteoir Gaeilge i gColáiste Bhaile Chláir i mBaile Chláir na Gaillimhe é Seán Ó Maoilchiaráin. Tá sé ag imirt le foireann shinsir peile na Gaillimhe ó 2020 agus é ina chaptaen ar fhoireann faoi-20 an chontae roimhe sin.
Mar Ambasadóir na Gaeilge ag CLG, beidh sé ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn, ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne), Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, agus Comórtas Peile na Gaeltachta.
Dúirt Ó Maoilchiaráin ag an seoladh go raibh sé ag súil go mór leis an mbliain atá amach roimhe agus go bhfuil sé ag súil freisin le daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a labhairt le linn na bliana.
Beidh Seán Ó Maoilchiaráin le cloisteáil ar an eagrán is déanaí de An Pod Spórt Déardaoin agus é ag caint ar bhliain na Gaillimhe go dtí seo agus ar an bhfeachtas atá rompu.
Cuirfidh peileadóirí na Gaillimhe tús lena bhfeachtas craoibhe an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Chora Droma Rúisc chun imirt in aghaidh Liatroma i gcluiche leathcheannais Chonnacht Dé Sathairn.
Fág freagra ar 'Fear Árann, Seán Ó Maoilchiaráin, ainmnithe ina Ambasadóir Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael'