Polasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste curtha i bhfeidhm

Thacaigh tromlach na gcomhairleoirí leis an bpolasaí den dara huair agus ritheadh arís é. Tugadh feidhm láithreach don pholasaí nuair a ritheadh é

Polasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste curtha i bhfeidhm

Chuaigh Polasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste tríd an gcéim dheireanach den phróiseas faofa i Halla na Cathrach an tseachtain seo. Cuireadh moill ocht mí ar an bhfaomhadh deiridh mar gheall ar chás dlí a tugadh in aghaidh an pholasaí.

Vótáil os cionn dhá thrian de chomhairleoirí cathrach Bhéal Feirste ar son an pholasaí nuair a cuireadh os a gcomhair é den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Ach thug aontachtóirí sa chomhairle dúshlán don chinneadh sin. Mhaígh Sarah Bunting, comhairleoir de chuid an DUP, go raibh “cogadh cultúrtha” á fhearadh ag an gcomhairle leis an bpolasaí nua. Dúirt an Comhairleoir de chuid an TUV, Ron McDowell go dtroidfí “go nimhneach” in aghaidh an pholasaí.

Mar gheall ar chás a thug an Comhairleoir Ann McClure ón TUV in aghaidh na comhairle faoin scéal, cuireadh an polasaí ar athló go dtí go ndéanfadh breitheamh rialú.

Chinn an Breitheamh Paul McLaughlin i mí Aibreáin nach raibh bunús leis an gcás a tugadh agus go raibh an próiseas a bhí i bhfeidhm ag an gComhairle Cathrach bailí agus dlíthiúil.

Cuireadh an polasaí os comhair na gcomhairleoirí an athuair an tseachtain seo agus míníodh tuairim an abhcóide a bhí ag plé leis an gcás.

Mhaígh an t-abhcóide sin nach raibh aon éifeacht dhíobhálach dhíréireach ag an bpolasaí ar aon sciar den phobal.

Thacaigh tromlach na gcomhairleoirí leis an bpolasaí den dara huair agus ritheadh arís é. Tugadh feidhm láithreach don pholasaí nuair a ritheadh é.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an scéala go bhfuil an chéad pholasaí Gaeilge ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i bhfeidhm anois agus go mbeidh “soláthar nua Gaeilge” ar fud na cathrach dá bharr.

Deir an Conradh go gcinnteoidh an polasaí soláthar Gaeilge “mar a bhaineann le seirbhísí, cumarsáid agus comharthaíocht de chuid na Comhairle” ar fud Bhéal Feirste.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go bhfuil an eagraíocht teanga ag obair ar an bpolasaí Gaeilge le “beagnach deich mbliana anuas” agus go bhfuil ag éirí leis an gConradh “cearta teanga a bhrú chun cinn” in institiúidí agus i spásanna poiblí an Tuaiscirt. Dúirt sé gur polasaí “forásach” é a chuireann “cearta mionlaigh chun cinn”.

“Chuidigh muid le dearadh an pholasaí de réir bhunphrionsabail an chomhionannais atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta a threoraíonn ár n-údaráis chun ‘gníomh diongbháilte’ a dhéanamh ar son na Gaeilge. Chuir muid san áireamh treoir ó na Náisiúin Aontaithe, ó Chomhairle na hEorpa, ón Choimisiún Comhionannais, ó Choimisiún um Chearta an Duine agus ó Fhoras na Gaeilge.

“Molann muid go mór gach páirtí sa Chomhairle a thacaíonn leis an pholasaí ionchuimsitheach, dea-chleachtais seo, mar aon le foireann dhíograiseach na Comhairle féin agus na mílte gníomhaithe teanga a d’éiligh na hathruithe seo le fada an lá,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Thug Uachtarán an Chonartha chun cuimhne “na laethanta nuair a díbríodh cainteoirí Gaeilge ó Halla na Cathrach siocair gur labhair siad ina dteanga dhúchais féin” ach dúirt go mbeidh Béal Feirste anois ina “lóchrann comhionannais” in Éirinn ó thaobh cearta teanga de.

“Cuirfidh an polasaí úr le stádas na hathbheochana pobalbhunaithe iontaí atá faoi lán seoil ar fud na cathrach. Is cloch mhíle ollmhór eile é an polasaí seo ar ár n-aistear fada i dtreo comhionannais agus i dtreo cearta teanga cuimsitheacha,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar 'Polasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste curtha i bhfeidhm'