Tá sé ráite ag Seanadóir agus iar-phríomhoide gur chóir don Roinn Oideachais scoileanna atá lag ó thaobh múineadh na Gaeilge de a aithint agus tacaíochtaí breise a chur ar fáil.
Dúirt sé chomh maith gur chóir an riachtanas iontrála Gaeilge d’ábhar oidí a ardú chun dul i ngleic le heaspa cumais múinteoirí sa teanga.
Bhí an méid sin le rá ag an Seanadóir Joe Conway ag coiste Oideachais an Oireachtais i rith na seachtaine.
Mhaígh Conway, Seanadóir de chuid Fhine Gael, go raibh formhór na múinteoirí bunscoile “go feidhmiúil neamhliteartha sa Ghaeilge” agus go bhfuil gníomh práinneach ag teastáil chun caighdeán theagasc na Gaeilge a fheabhsú i scoileanna an stáit.
Dúirt sé go raibh 20 bliain caite aige ag plé le hábhar oidí agus é ag obair i gcoláiste oiliúna agus go raibh a bhformhór mór an-lag ó thaobh na Gaeilge de.
“Chonaic mé thart ar 1,000 ábhar oide ag múineadh na Gaeilge sna 20 bliain sin…agus déarfainn go raibh thart ar 10% díobh, b’fhéidir 100 as an 1,000 sin thar 20 bliain, a raibh Gaeilge mheasartha acu. An 90% eile, agus tá an nath seo úsáidte cheana agam, bhí siad go feidhmiúil neamhliteartha sa Ghaeilge. Sin an taithí a bhí agamsa, caithfidh mé a rá.”
Dúirt Conway go bhfuil an riachtanas iontrála Gaeilge do na cúrsaí múinteoireachta sna coláistí tríú leibhéal “chomh híseal sin gur masla é” agus go gcaithfí é a ardú. Grád H4 sa nGaeilge a theastaíonn chun áit a fháil sna coláistí oiliúna.
Mhaígh sé freisin gurb í an taithí a bhí aige ná nach raibh mórán suime ag múinteoirí i scoileanna Béarla lasmuigh den Ghaeltacht an Ghaeilge a chur chun cinn sa seomra ranga.
Dúirt an Seanadóir go raibh iarrachtaí ar bun an teanga a chur chun cinn i scoileanna ach nach fiú na hiarrachtaí sin go dtí go n-aithneofaí go bhfuil múinteoirí ag dul isteach i scoileanna nach bhfuil in ann an Ghaeilge a mhúineadh.
“Ba cheart go mbeadh sé de mhisneach ag an chigireacht a rá nach bhfuil an scoil seo oiriúnach don fheidhm ó thaobh múineadh na Gaeilge de agus go dtabharfaí isteach múinteoirí cúnta agus b’fhéidir múinteoirí a thabhairt isteach ó na Gaelscoileanna,” a dúirt sé.
“Má leanann muid orainn ag dul síos an bóthar céanna, an imní atá orm, agus seo é an eilifint sa seomra, ná laistigh de ghlúin eile nach mbeidh teanga ann chun athbheochan a dhéanamh uirthi.”
Mícheál Ó Flaithearta
Nach breá í an fhírinne a léamh! Ní mhúintear an Ghaeilge mar theanga bheo in Éirinn. Sin é bun agus barr an scéil. Cé mhéad ollscoil nó coláiste a bhaineann úsáid as fearais cosúil le teanglann chun an teanga a mhúineadh? Ta an mheoin aisteach i réim in Éirinn gur chóir dúinne Éireannaigh creatlach na teanga a bheith againn leis an mbainne cíche. Ní fhoghlaimítear teanga ar bith gan dua. Bhí mé ag caint i nGaeilge le tiománaí bus inné arb as an Spáinn é agus cé go raibh deacrachtaí foclóra aige, bhí blas thar cionn ar a chuid Gaeilge. Is féidir libhse freisin, a chairde!
alan titley
Is fíor dó. Ceapaim, cé go bhfuil a ndícheall beatha á dhéanamh ag na coláistí atá i mbun na múinteoireachta i gcónaí. Níor cheart aon mhilleán a chur ina leith siúd. Bhí tráth fada ann nuair a bhí cead ag ábhair mhúinteoirí céim a dhéanamh sa Ghaeilge. Bhi caighdeán na céime sin chomh maith, agus de réir mo thaithíse mar scrúdaitheoir seachtrach in ollscoileanna éagsúla, go minic níos airde ná BA sna hollscoileanna eile. Dob í an Ghaeilge an t-ábhar ba mhó éileamh i measc na mac léinn múinteoireachta go mór is go fada ar feadh na tréimhse sin. Tharla, ar uaire, go ndéanadh níos mó mac léinn an Ghaeilge ná na hábhair léinn eile ar fad arna gcur le chéile san áit ina rabhas-sa. A bhuíochas don fhoireann iontach a bhí againn.
Tharla gur chuir rialtas nó rialtas eile deireadh leis an socrú sin, agus díbríodh na hábhair léinn den churaclam, an Ghaeilge ina measc. Anois, de réir mar a thuigim, is féidir an Ghaeilge a dhéanamh mar ‘ábhar speisialta’, garlach lagáiseach dá fheabhas é, suas is anuas le hábhar céime. De bharr nó de dheasca roghanna eile go hanmain na marbh atá ar fáil, is caolchuid bheag amhain a roghnaíonn an Ghaeilge mar ‘ábhar speisialta’, rud a fhágann go mbíonn formhór na mac léinn taobh le caighdeán na hardteistimeireachta ar fhágáil an choláiste dóibh ina mbunmhúinteoirí, in ainneoin na hiarrachta a dhéanann na ranna ollscoile ar chead beagán uaireanta teagaisc feabhas a chur orthu. Ná habradh polaiteoir ar bith faic, ná tada, ná giob, go socraítear arís go mbeadh an Ghaeilge i gceartlár chúrsa múinteoirí. Dob fheidir é sin a dhéanamh de dhroim oíche,
DS
Is cúis áthais dom a fheiceáil go bhfuil athrú ag teacht ar an scéal maidir le múinteoirí bunscoile. Tús na réitigh an fhadhb a thuiscint i gceart! Níl Gaeilge acu, cén chaoi ar féidir leo é a mhúineadh?
An tEisreachtach
Molaim an fear seo as ucht an fhírine a insint.
Chomh maith leis sin, cuid mhór, mhór de na cainteoirí dúchais Gaeltachta atá ina múinteoirí bunscoile, níl litriú bunúsach na Gaeilge acu.
Is léir sin go háirithe ar easpa scileanna scríbhneoireachta óige na Gaeltachta.
M.P.S
Níl fhios agam ó thalamh tuige nár cuireadh na coláistí oiliúna ar bun sa nGaeltacht an chéad lá riamh? Ba cheart go mbeadh coláiste oiliúna i chuile cheantar Gaeltachta sa tír ionas go mbeadh deis ag múinteoirí óga atá ag teacht chun cinn an Ghaeilge a thabhairt leo go nádúrthach agus go mbeadh sí ar a dtoil acu. I ndáiríre píre, tá réiteach fíor-éasca ar an scéal. Nach ndéanfadh sé níos mó céille do na coláistí oiliúna agus don Roinn Oideachais dá gcuirfí múinteoirí óga atá i mbun oiliúna go dtí an Ghaeltacht ar feadh bliana, ionas go mbeadh an deis acu béim láidir a leagan ar a gcumas labhartha sa nGaeilge, ar chothú an chruinnis agus agus ar fhorbairt a gcuid scileannaí teangan ar bhealach éifeachtach don seomra ranga? Má tá múinteoirí nua-cháilithe ag fágáil na gcoláistí oiliúna agus gan acu ach leath-Ghaeilge, ní thuigim cén chaoi bhféadfadh an Roinn Oideachais a bheith sásta leis an gcaighdeán sin agus a bheith ag súil go mbeadh scoth na Gaeilge dhá mhúineadh acu sna seomraí ranga? Tá daoine ag casaoid faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí nua-cháilithe le fada an lá agus ar ndóigh mar is iondúil ní bheidh tada faoi go ceann píosa fada eile! Is furasta a fhadhb seo a réiteach ach theastódh beagáinín céille dhó sin, mar gheall is minic dúinn caint i mbarr bata a dhéanamh ar an ábhar seachas borradh a chur faoi réiteach na faidhbe!