Údarás na Gaeltachta ag seasamh le heolas ‘nach bhfuil bunús’ leis i dtuarascáil nua faoin Intleacht Shaorga

Deir an CSO nach bhfuil ‘bunús’ le cuid de na figiúirí i dtuarascáil nua, figiúirí a deir an tÚdarás atá bunaithe ar eolas ón CSO

Údarás na Gaeltachta ag seasamh le heolas ‘nach bhfuil bunús’ leis i dtuarascáil nua faoin Intleacht Shaorga

Níl aon bhunús le cuid de na figiúirí i dtuarascáil nua faoin AI a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta, a deir an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Tá an tÚdarás ag seasamh leis na figiúirí atá le fáil in IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara, a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Maítear sa tuarascáil, a réitigh an comhlacht Ernst & Young don Údarás, gur tharla “~72,000 comhrá Gaeilge taobh amuigh den timpeallacht oideachais”. Ní luaitear tréimhse ná amscála leis an bhfigiúr ach maítear i gcáipéis an Údaráis go bhfuil sé “bunaithe ar dhaonáireamh 2022”.

Dúirt urlabhraí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh le Tuairisc nach raibh bunús leis an maíomh sin agus gur dócha gur baineadh “míbhrí” as staitisticí eile atá ag an CSO faoi chainteoirí Gaeilge in Éirinn.

“Is cinnte nach bhfiafraímid de dhaoine cé mhéad comhrá Gaeilge a bhí acu. Tá ceist ann faoina gcumas an Ghaeilge a labhairt, ach níl aon cheist ann faoi líon na gcomhráite Gaeilge a bhí acu agus ní fhéadfaí staitistic faoi sin a oibriú amach bunaithe ar an eolas atá ar fáil ón Daonáireamh ná ó shonraí eile atá ag an bPríomh-Oifig Staidrimh,” a dúradh.

Sa cháipéis féin, tugtar ‘cso.ie’ mar fhoinse don mhaíomh faoi líon na gcomhráite Gaeilge, i lúibíní ag deireadh na habairte. Luaitear ‘daonáireamh 2022’ go sonrach san abairt chéanna.

Nuair a d’iarr Tuairisc ar an Údarás foinse a maíte faoi líon na gcomhráite Gaeilge a shoiléiriú, dúradh arís gur bunaithe ar an daonáireamh a bhí an staitistic, agus gur chóir aon cheist eile faoin tuarascáil a chur ar Ernst & Young.

“Tagann figiúirí na tuarascála ó obair chomhairleach EY bunaithe ar fhoinsí oifigiúla ón bPríomh-Oifig Staidrimh, figiúirí daonáirimh san áireamh, ionchur ó gheallsealbhóirí stáit, áisíneachtaí stáit, ranna stáit, Boird Oideachais agus Oiliúna, údaráis áitiúla agus eile.

“Rinne EY comhtháthú ar na figiúirí sin ag úsáid múnlaí dá gcuid ag leanúint an ghnáthchleachtais atá acu i gcásanna mar seo agus bunaithe ar phlé leanúnach le feidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta,” a dúirt urlabhraí ón Údarás.

San alt céanna sa tuarascáil nua, deirtear go mbaineann 2% de na comhráite a bhíonn ag cainteoirí Gaeilge na hÉireann leis an tSeirbhís Phoiblí agus go bhféadfaí “€440,000 a shábháil gach bliain” dá dtabharfaí na poist atá ag cainteoirí Gaeilge a bhíonn ag plé leis an bpobal i nGaeilge in ionad glaonna do “chóras IS uathoibrithe”.

Tá an maíomh sin bunaithe ar an tuairim go maireann an 2% de na ‘72,000 comhrá’ cúig nóiméad ar an meán agus go n-íoctar €16.70 in aghaidh na huaire le fostaithe in ionad glaonna in Éirinn. Maítear gur “meastachán coimeádach” é an tuarastal sin “maidir le hionadaí seirbhíse poiblí a bhfuil seirbhísí poiblí ar an teilfeafón á gcur ar fáil aige”.

Ní luaitear aon fhoinse leis an maíomh go mbaineann 2% de na comhráite Gaeilge a tharlaíonn sa tír leis an tSeirbhís Phoiblí, ná leis an maíomh go maireann na comhráite sin cúig nóiméad ar an meán. Nuair a fiafraíodh den dara huair den Údarás cé as a tháinig an t-eolas sin, dúradh gur chóir ceist a chur ar Ernst and Young. Níor chuir Ersnt and Young aon eolas breise ar fáil do Tuairisc ach an oiread. Dúirt siad nach nós leo aon phlé a dhéanamh faoin obair a dhéanann siad dá gcliaint.

Is ionann 2% de 72,000 comhrá Gaeilge agus 1,440 comhrá i nGaeilge. Bunaithe ar mhaíomh na tuarascála go sábhálfaí ‘€440,000’ sa bhliain dá mbeadh córas uathoibrithe AI seachas cainteoirí Gaeilge ag plé le glaonna ón bpobal, is léir go gcreideann an tÚdarás go gcosnaíonn gach glao ar an tSeirbhís Phoiblí a dhéantar i nGaeilge €305 ar an stát.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc den Údarás ar sheas an eagraíocht leis an méid sin, dúradh gurbh é Ernst and Young a chuir an figiúr ar fáil “bunaithe ar phlé leanúnach le feidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta” agus ar mhodhanna oibre dá gcuid féin.

D’fhiafraigh Tuairisc den dara huair den Údarás an seasann an eagraíocht leis an maíomh go gcosnaíonn gach glao i nGaeilge a dhéantar ar an tSeirbhís Phoiblí €305. Dhiúltaigh an tÚdarás an cheist a fhreagairt agus mhol “dul i dteagmháil go díreach le Ernst & Young” le ráiteas ón Údarás a fháil.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc den Údarás cén chaoi a bhféadfadh Ernst & Young ráiteas a dhéanamh thar ceann an Údaráis, dúirt urlabhraí an Údaráis go mb’fhéidir go mbeadh freagra na ceiste sin ag Ernst & Young.

Deir an tÚdarás gur gá an Intleacht Shaorga a úsáid leis an nGaeilge a “athbheochan ar fud na seirbhísí poiblí”, de réir na tuarascáil nua.

Luaitear trí “phríomhchúis úsáide” don AI sa tuarascáil a d’fhéadfadh “an luach is mó a sholáthar don earnáil phoiblí agus don phobal araon”.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag seasamh le heolas ‘nach bhfuil bunús’ leis i dtuarascáil nua faoin Intleacht Shaorga'