An rud is annamh is iontach – náire curtha ar pholaiteoirí Stormont

Go tobann, bhí beirt airí in ann a theacht ar shocrú faoi chinneadh conspóideach maidir le scéim samhraidh do pháistí le riachtanais speisialta

An rud is annamh is iontach – náire curtha ar pholaiteoirí Stormont

Comhartha sóirt ar an bhail atá ar Fheidhmeannas Stormont ab ea é.

Bheadh páistí le riachtanais speisialta d’uireasa scéim samhraidh i mbliana. Buille do 7,500 páiste atá i measc na ndaoine is goilliúnaí sa tsochaí agus a muintir. Tharraing an cinneadh raic, bhí tuismitheoirí na bpáistí suaite agus bhí athghairm an Tionóil ó shaoire na Cásca á lorg chun an éigeandáil a phlé.

Go tobann, bhí beirt airí in ann a theacht ar shocrú. Cé go raibh an scéal faoi chaibidil le míonna, gan réiteach, bhí Paul Givan an DUP, an t-aire oideachais agus Mike Nesbitt an UUP, an t-aire sláinte, ábalta comhshocrú a dhéanamh chun an phraiseach a fhuascailt lá arna mhárach. U-chasadh níos sciobtha ní dhéanfadh Keir Starmer fiú.

Ar an Déardaoin seo caite agus na Teachtaí Tionóil ag bailiú leo ar saoire go dtí an 13 Aibreán, d’fhógair an tÚdarás Oideachais nach rithfí an scéim samhraidh i mbliana. Bhí sé á chur ar ceal ar bhonn sábháilteachta, toisc nárbh fhéidir cúram leighis sásúil a sholáthar. Ní bheadh na haltraí atá riachtanach le haghaidh roinnt daltaí ar fáil. Bhí éileamh le fada ar bhreis altraí sna scoileanna speisialta, ach mhaígh an tÚdarás Oideachais go bhfuil gá níos mó leo ar an scéim samhraidh mar gur múinteoirí nó feitheoirí nach bhfuil aithne mhaith ag na páistí orthu a bhíonn i bhfeighil na hoibre go minic.

Ba chosúil go raibh an tÚdarás, a fhreagraíonn don Roinn Oideachais, ag cur an mhilleáin ar an Roinn Sláinte as an easnamh. Is ar bhonn sábháilteachta amháin atá an cinneadh á dhéanamh ‘tar éis plé a dhéanamh leis an Roinn Sláinte go minic le míonna’, a dúradh sa bhfógra. Ba é seo an t-aon chinneadh freagrach ab fhéidir a dhéanamh ó dhearbhaigh an Roinn Sláinte nach mbeadh altraí i láthair ar an scéim, arsa an tÚdarás.

Bhí leagan eile ag an Roinn Sláinte. Dúirt Mike Nesbitt, an t-aire sláinte, go raibh a roinn ag breathnú ar phlean teagmhais. Ní fheadfadh sé a thuiscint cén fáth ar deineadh an fógra anois nuair a bhí cúpla mí eile fós acu chun a theacht ar shocrú.

Mhol sé go bhfostófaí na cúramóirí a bhíonn sna scoileanna speisialta le linn an téarma toisc go mbeadh aithne agus taithí acu ar na daltaí. Ar thuig an tAire Oideachais na cáilíochtaí atá ag na cúntóirí speisialta sin? a d’fhiafraigh sé. Dúirt Rúnaí na roinne gur thrua gur chinn an tÚdarás an scéim a dhruidim. D’oibrigh an scéim le blianta gan altraí ar gach láthair, a dúirt sé. Mhaígh se nach mbeadh gá ach ag timpeall 1,500 dalta le cúram leighis agus gurbh fhéidir socrú eile a dhéanamh fós.

Cibé coraíocht a bhí ar siúl idir feidhmeannaigh le míonna anuas, bhí amhras ann gur fheil iomarbhá le Mike Nesbitt agus an UUP do Paul Givan agus an DUP, a bhfuil gothaí toghchánaíochta orthu le míonna agus iad gafa cheana leis an vótáil i gceann bliana. Chuir fearg an phobail uile cruth eile ar an scéal, áfach. Is fada ó chonacthas oiread sin daoine ar buile faoi mhíchumas Stormont. Dúradh i chuile cheard agus dúirt lucht tacaíochta na bpáirtithe ar fad gur cheart náire a bheith ar na polaiteoirí.

B’éigean réiteach polaitiúil a dhéanamh, go haibéil. Labhair an bheirt Airí lena chéile, thug siad treoracha dá bhfoirne agus, tráthnóna Dé hAoine, dúirt an tÚdarás oideachais go mbeadh an scéim ar siúl. Níl na socruithe soiléir fós ach sólás é do theaghlaigh go mbeidh cúram faoisimh ar fáil mar is gnách. Slán an tsamhail, rinneadh an gnó nuair a bhí an brú sách láidir.

Fág freagra ar 'An rud is annamh is iontach – náire curtha ar pholaiteoirí Stormont'

  • Colm O Cathasaigh

    Ab fhiú comparáid a dhéanamh le chúlú
    ar phlean don Aerphort Dún na nGall?