Níl aon chogadh is géire ná is nimhní ná cogadh na gcarad. Agus mar bharr air sin tá an cogadh idir deartháireacha. Tharraing an teannas idir beirt dhearthár i rítheaghlach polaitiúil Chiarraí, muintir Healy-Rae, aird an tseachtain seo ar chomh héasca agus atá sé dochar a dhéanamh d’aontas rialtais, cuma cén tromlach atá acu.
Is maith is cuimhin liom comhaireamh na vótaí san olltoghchán in 2016 nuair a léirigh an teailí go raibh dhá shuíochán le bheith ag na deartháireacha Healy-Rae, Michael agus Danny. Is dona a chreid cuid againn na tuairiscí ach b’fhíor iad agus ar bhealach ní raibh ansin ach tús na forbartha ar an ngluaiseacht is láidre i bpolaitíocht na ríochta. Má labhraíonn tú le pobal Chiarraí, ní iontas ar bith do dhaoine an teaghlach polaitiúil a bheith ag dul ó neart go neart. Má tá aon cheist agat labhair le duine de na Healy-Raes, a déarfar leat. Tá dea-cháil orthu mar ionadaithe dílse poiblí.
Deineadh beagán dochair don cháil sin an tseachtain seo nuair a thug Michael Healy-Rae le fios go soiléir go bhfuil an tionchar a bhí ag an teaghlach ar an rialtas caillte acu.
Mhínigh sé gurbh éigean dó eirí as a Aireacht Stáit mar thoradh ar a raibh le rá ag a dheartháir Danny gur chóir do chúlbhinseoirí Fhianna Fáil agus Fhine Gael a gcuid ceannairí a dhíbirt le linn na conspóide faoi na hagóidí fuinnimh le gairid.
Ní mba le teachta neamhspleách a leithéid a rá, a dúirt Michael Healy-Rae. Ba dhóigh leat i rith na mblianta go mbíodh an bheirt dhearthár ag obair as lámh a chéile, go mbíodh Danny béalscaoilte agus go mbaineadh Michael an dochar as. Ní hamhlaidh a bhí an babhta seo.
An cheist anois, an bhfuil buille marfach tugtha d’fhoireann Healy-Rae? An mbeidh na deartháireacha atá chomh mórtasach as an ról atá acu ag tacú leis an gcomhrialtas in ann an dochar a bhaint as an aighneas seo? Níos tábhachtaí fós, an mbeidh siad in ann a chur ina luí ar phobal Chiarraí go bhfuil siad chomh héifeachtach agus a bhí riamh agus gur fiú leanúint leis an tacaíocht dóibh.
An mbeidh an rialtas níos laige mar thoradh ar an sárú seo idir deartháireacha? Níor athraigh na fothoghcháin le gairid an mhatamaitic sa Dáil agus tá an rialtas socair go maith. Mar sin féin, tá na ceisteanna faoina bhfuil teannas idir an príomhpháirtithe sa rialtas agus a gcúltaca neamhspleách ag méadú. Sna míonna seo romhainn, tá bille na gcríocha gafa, deireadh leis an nglas triarach agus buiséad i lár na corraíola idirnáisiúnta le cur tríd an Dáil. Glactar leis go mbeidh athrú ceannaireachta i bhFianna Fáil gan aon rómhoill. Díol imní má leantar le cogaí idir páirtithe agus neamhspleáigh gan trácht ar aighneas na ndeartháireacha.
Fág freagra ar 'Deireadh ré do chomhghuaillíocht chumhachtach Mhichael agus Danny?'