Turas deireanach Tomi Reichental, fathach fir

Tháinig an lá go bhfaca Tomi Reichental go bhféadfadh sé maitheas a dhéanamh agus athmhuintearas a chothú, agus scéal an Uileloscadh á insint aige

Turas deireanach Tomi Reichental, fathach fir

Tomi Reichental

Le scór blianta anuas, tháinig an fear ceamara Séamus Deasy ag an doras go rialta le tús a chur le turas eile le Tomi Reichental. An tseachtain seo tháinig sé ag an doras don turas deireanach le Tomi.

Beidh a mhála beag droma crochta taobh thiar den doras agus ní bheidh sé ag taisteal arís. I rith an scór blianta sin, chuaigh Tomi ar fud na hEorpa, go Meiriceá, go dtí an Meánoirthear, chomh fada soir leis an bPolainn agus soir ó dheas go dtí Boisnia. Bhí Séamus agus an stiúrthóir Gerry Gregg in éindí leis ar na turais sin ar fad. Rinneadar trí fhadscannán faisnéise do RTÉ agus Fís Éireann agus thugadar cuairteanna oideachais freisin ar ollscoileanna agus ar choláistí agus na scannáin á dtaispeáint acu.

Bhíodar ag cuimhneamh siar ar na heachtraí a tharla le linn na dturas sin, agus Tomi á chur i gcré na cille an tseachtain seo, in aois a 91 bliain, geall leis.

Thosaigh sé gan mórán poiblíochta ná fógraí, nuair a d’iarr cara leo freastal ar ócáid i gcoláiste oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais. Bhí an fear áirithe seo, Tomi Reichental le labhairt ann agus bhí scéal aige nár inis sé cheana. Ag an am, bhí Tomi ag cur tús le tionscnamh oideachais agus athmhuintearais a thabharfadh mórthimpeall na tíre é, ag caint go háirithe le scoláirí dara leibhéal.

Ag an ócáid, rug Séamus greim ar uillinn Gerry Gregg – ‘is cuma faoi choimisiún ná faoi airgeadú an scannáin – seo scéal a chaithfeas muid a dhéanamh.’

Le seasca bliain roimhe sin, níor oscail Tomi a bhéal ná níor inis a scéal pearsanta. Ach tháinig an lá go bhfaca sé go bhféadfadh sé maitheas a dhéanamh agus athmhuintearas a chothú, agus scéal an Uileloscadh á insint aige.

Thug Tomi an mála droma leis ar na turais ar fad. Thug an máilín le fios go raibh sé réidh i gcónaí chun an bóthar a bhualadh. Mar a bhí nuair a thréig sé féin, a mháthair agus a dheartháir Miki an baile sa tSlóvaic, nuair a bhí sé ina ghasúr óg. Bhí an Gestapo agus a gcomhghuaillithe sa tír ar a dtóir. Rugadh orthu agus iad i mbaile Bratasláiv, agus cuireadh ar aghaidh chuig campaí uafáis Auschwitz iad. Ach bhuamáil na Comhghuaillithe an líne thraenach agus athraíodh a gceann scríbe go Bergen-Belsen. Seacht lá agus seacht n-oíche a bhíodar ar an traein bhrocach, phlódaithe sin.

Triúr páistí a bhí ar an turas sin in éindí lena máthair sa mbliain 1944 – Tomi, a dheartháir Miki agus a chol ceathrar Chava. Tháinig an triúr sin le chéile arís den chéad uair ar thalamh Bergen-Belsen, nuair a osclaíodh músaem ansin sa mbliain 2007, agus bhí an fhoireann scannánaíochta in éindí leo arís. 35 ball de chlann Reichental in iomláine a maraíodh sna campaí géibhinn.

Chuaigh Tomi i dtaithí ar mhodhanna na teilifíse. Bhí sé go hiontach ag leanacht treoracha, rud nach dtagann chomh héasca sin le gach éinne. Dá ndéarfadh Séamus leis go gcaithfeadh sé siúl deich méadar, casadh ar chlé agus a uillinn a leagan ar bhalla, rinne sé amhlaidh ar an gcéad iarraidh.

Ach níor theastaigh aon treoir uaidh an lá a ndeachadar isteach sa halla stairiúil i Wannsee na Gearmáine. Seomra bia galánta a bhí ann i 1942, nuair a leag sna Naitsithe amach a bplean ‘deireanach,’ ag Comhdháil Wannsee, chun fáil réidh le Giúdaigh na hEorpa. Bhí na figiúirí fós ar taispeáint ann agus iad ag taifeadadh. 11 milliún san iomlán a mharófaí.

‘Tá a fhios agam céard a déarfas mé anseo,’ d’fhógair sé. ‘Ní theastaíonn aon chúnamh uaim.’ D’iarr an fear fuaime air ligean do thorann an dorais ciúnú síos sula dtosódh sé ag caint. Tháinig sé isteach tríd an doras mór adhmaid. Dhún an doras agus bhí macalla cúpla soicind ann. Ansin thosaigh sé ar a phíosa cainte.

As a mheabhair féin a tháinig sé agus ní dhearna sé dearmad ar an méid a bhí beartaithe do Ghiúdaigh na hÉireann. Tá siad ansin ar an liosta – 4,000 duine acu a bhí le marú.

Taispeánadh an radharc a luaigh mé anseo i dtuairisc.ie cheana, ar nuacht RTÉ. Tháinig Tomi anuas na céimeanna ó sheantraein, ceann a úsáideadh le linn an chogaidh sa nGearmáin – carráiste eallach a bhí ann i ndáiríre. Bhí an criú ag athchruthú radharc a tharla do Tomi i 1944, nuair a bhí gardaí agus madraí ag béicíl ar chuile thaobh dó, á stiúradh amach as an traein chuig an gcampa géibhinn. Radharc oíche a bhí ann. Ní raibh aon solas ag an gcriú ceamara. D’iarr Gerry Gregg ar na póilíní, na Staatpolizei a bhí i ngar dóibh ag Bergen-Belsen an lae inniu, a gcuid carranna a pháirceáil timpeall i gciorcal agus na soilse a dhíriú ar an gcarráiste traenach. Bhíodar thar a bheith toilteanach an gar a dhéanamh. Agus ar ndóigh bhí Tomi ansin, ag tabhairt a phíosa cainte go paiteanta, ag maireachtáil ina stair féin arís.

Thugadar cuairt lá eile ar láthair uafáis a raibh baint aige le cogadh níos gaire dár ré féin – Srebrenica i mBoisnia. Maraíodh níos mó ná 8,000 fear agus buachaillí Moslamacha ann i 1995. Agus é ag cuimhneamh gur dúradh nach bhféadfadh a leithéid tarlú arís san Eoraip, sular fhág sé an láthair, dúirt sé an phaidir an ‘Kaddish’ os cionn na n-uaigheanna. Paidir speisialta í seo a chuirtear le hanamacha na marbh sa gcreideamh Giúdach. Inniu chuala mé an phaidir á rá go huaigneach os cionn uaigh Tomi Reichental.

Agus é ag dul in aois, agus babhtaí tinnis air ó am go ham, níor stop sé sin é nuair a chuala sé go mb’fhéidir go raibh ábhar scannáin eile ann. Chun turas fada sa veain a spáráil air, iarradh air turas eitleáin a dhéanamh go Hamburg na Gearmáine agus traein a fháil as an gcathair sin go baile éigin amuigh faoin tuath.

Bhí se scríofa ar an sceideal – RV Tomi 1300. Leaindeáil an criú teilifíse ann ag 12.55. Tharraing an traein isteach agus amach le Tomi chun castáil leo. ‘So Professional!’ a dúirt sé, nuair a chonaic sé an veain agus gan iontas ar bith air go raibh sé féin chomh pointeáilte céanna.

Bhí coinne stairiúil aige ag stáisiún eile. Bhí traein le teacht isteach ón Ostair agus bhí bean a raibh ceangal i bhfad siar aici le muintir Reichental ar bord. Ní bheadh ach seans amháin ag Tomi agus ag Séamus Deasy an radharc a thaifeadadh i gceart.

Thuirling Alexandra Senfft den traein agus chuaigh Tomi chuici agus bheannaíodar dá cheile – bhí an bheirt acu ag fanacht le fada an lá leis an nóiméad sin.

Ba é seanathair Alexandra, Hanss E Ludin, a shínigh na horduithe a chuir na mílte Giúdach, clann Tomi ina measc, amach as an tSlóvaic chuig na campaí géibhinn. D’éirigh go hiontach le Alexandra agus Tomi le chéile agus ba chairde móra iad ó shin i leith. Beidh Alexandra i mBaile Átha Cliath don chomóradh a bheas ann do Tomi i gceann cúpla mí.

Agus ba é an radharc sin, Tomi agus Alexandra le chéile ar shuíomh na feirme a bhí ag muintir Reichental sa tSlováic, an radharc deireanach sa scannán Close to Evil.

Chroch sé an mála droma ar chrúca sa halla tamall de bhlianta ó shin. Coicís ó shin chuir sé glaoch orainn ag tabhairt cuireadh chuig ‘Kugel’ dúinn. Cuireadh é seo a fuaireamar go rialta sna 20 bliain – cupán caife agus slios Kugel. Bhí an seans ann i gcónaí go mbeadh an mála droma ag teastáil arís. Tá deireadh ré ann cinnte.

Fág freagra ar 'Turas deireanach Tomi Reichental, fathach fir'