Gníomh ó Stormont. Nó fógra gnímh ar aon nós. Tógfaidh sé roinnt míonna sula mbeidh na socruithe i bhfeidhm chun an beart a chur i gcrích, suim bheag airgid a thabhairt do líon teoranta teaghlach.’Is fearr é ná buille sa bpus,’ arsa fear ag stad an bhus ‘ach ní fhuasclóidh sé an tsáinn ina bhfuil daoine de bharr chogadh na hIaráine’.
Íocaíocht £100 in aghaidh an teaghlaigh do dhaoine ar ioncam £30,000 sa mbliain nó níos lú chun cuidiú leo le costas ceirisín don teas lárnach atá i gceist faoin scéim a mhol an tAire Pobal, Gordon Lyons DUP. Cheadaigh Westminster ciste £17 milliún roinnt míonna ó shin chun tacú le lucht úsáide ola don teas lárnach. Airgead suarach dar leis na páirtithe; ní bheadh ann ach £45 in aghaidh an teaghlaigh as an 340,000 teaghlach, ar a laghad, a bhfuil gá acu leis.
Chinn an Feidhmeannas Déardaoin go gcuirfear breis is £19 milliún as acmhainní Stormont leis an gciste ionas gur feidir £100 a íoc le líon tí. Dearbhán a bhéas i gceist agus caithfidh an duine atá cáilithe cur isteach air. B’údar suntais é go mbeidís in ann a theacht ar an £19.2 milliún as a sparán féin – nó as pócaí na rann eile – ó tharla go ndeir siad seasta nach bhfuil a ndóthain maoinithe acu d’obair a leagadh amach roimhe seo. Ní léir go fóill cé as a dtógfar an t-airgead ach d’aontaigh na páirtithe ar fad leis an bplean.
Comhartha sóirt ar thromchúis na géarchéime ab ea é gur fógraíodh an scéal dearfach ag comh-phreasócáid de chuid an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, maille le Gordon Lyons agus an tAire Airgeadais, John O’Dowd, Sinn Féin. Ní dhearna Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly preasócáid le chéile le sé mhí de bharr an teannais idir an dá mhórpháirtí. Tá costas an chogaidh seo ar gach aicme abhus chomh dian sin gurbh éigean a thaispeáint go raibh an chomh-aireacht in ann tarraingt le chéile in am an ghátair chun blúire ar bith muiníne sa pholaitíocht a choinneáil beo.
Fearacht na bhfeilméaraí, lucht iompair agus na gnáth-thiománaithe ó dheas tá costas artola agus díosail ag goilliúint ar dhaoine abhus. Bhí roinnt léirsithe ar bhóithre an Tuaiscirt agus caint ar mheáin shóisialta faoi mhór-agóid an tseachtain seo chugainn. Tríd is tríd choinnigh daoine guaim orthu féin agus mhol go leor nár mhór a bheith cúramach gan éisteacht le daoine anaithnide a bheadh ag fógairt léirsithe. Glacadh leis freisin gur in Westminster thairis Stormont atá an chumhacht maidir le breosla.
Leag na hairí, idir SF agus DUP, béim ar an bhfíric sin is iad ag iarraidh brú a chur ar an Státrúnaí Hilary Benn agus an Príomh-Aire Keir Starmer chun níos mó maoinithe a fhaomhadh do Stormont. Bhi siad an-mhíshásta le Hilary Benn toisc gur dhiúltaigh sé freastal ar an gcruinniú Feidhmeannais. Theastaigh uathu go gcloisfeadh sé na hargóintí ón gcomh-aireacht go léir faoin mbuiséad a bheith easnamhach. Dúinn Benn go raibh coinne eile aige. B’aisteach an cuireadh é – tuige a ligfeadh údarás díláraithe an rialtas láir isteach? Cibé, ba léir nár mheas Benn go raibh buntáiste le breith as. Bhí an tAire Airgeadais ag bualadh leis díreach i ndiaidh na preasócáide.
Dúirt an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire gur theastaigh uathu a dhul díreach chuig an bPríomh-Aire Starmer chun tacaíocht, is buiséad cóir a éileamh. Bhíodar ag iarraidh a dhul chuig barr an dréimire, chun a chur i gcuimhne do Starmer go bhfuil a gcearta tuillte ag an bpobal abhus. An mbuailfidh sé leo? An bhfaighidh siad éisteacht? Ní raibh tada á ghéilleadh aige ag Tráth na gCeist ar an gCéadaoin, é deimhin de gurb é an cúrsa is fearr stop a chur leis an gcogadh – cad eile, dá mb’fhéidir; ansin féin bheadh brú ar sholáthairtí go ceann i bhfad. Ní riachtanas gearrthréimhseach atá le sásamh.
Fág freagra ar 'Gníomh ag teastáil ó Stormont, nó fógra gnímh ar aon nós…'