‘Gá’ leis an Intleacht Shaorga a úsáid leis an nGaeilge a ‘athbheochan’ i seirbhísí poiblí – Údarás na Gaeltachta

Luaitear trí ‘phríomhchúis úsáide’ leis an AI i dtuarascáil nua atá foilsithe ag an Údarás

‘Gá’ leis an Intleacht Shaorga a úsáid leis an nGaeilge a ‘athbheochan’ i seirbhísí poiblí – Údarás na Gaeltachta

Is gá an Intleacht Shaorga a úsáid leis an nGaeilge a “athbheochan ar fud na seirbhísí poiblí”, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Údarás na Gaeltachta.

Deirtear in IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara, a d’fhoilsigh an tÚdarás, gur“gá” úsáid a bhaint as an Intleacht Shaorga “chun tacú leis an nGaeilge agus chun an Ghaeilge a athbheochan ar fud na seirbhísí poiblí”.

Luaitear trí “phríomhchúis úsáide” don AI sa tuarascáil a d’fhéadfadh “an luach is mó a sholáthar don earnáil phoiblí agus don phobal araon”, dar leis an Údarás. Moltar ann go gcruthófaí “bota comhrá do sheirbhísí poiblí” chun fiosrúcháin ón bpobal a “láimhseáil i nGaeilge ar an bhfón agus ar chainéil eile”. Maíonn an tÚdarás go gcuirfeadh sé sin “go mór le raon na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge”.

Moltar freisin go n-úsáidfí an Intleacht Shaorga leis an nGaeilge a mhúineadh do dhaoine agus go bhféadfaí “bota comhrá comhráiteach” a chruthú a thabharfadh “deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh go neamhfhoirmiúil ina ngnáthshaol” agus go bhféadfadh cainteoirí líofa Gaeilge “nach mbíonn an deis” acu an Ghaeilge a labhairt gach lá comhráite a bheith acu.

An tríú moladh atá sa tuarascáil ná go gcruthófaí “áis idirghníomhach foghlama agus cumarsáide” a bheadh ar fáil do dhaltaí scoile agus a bheadh “in oiriúint dá suimeanna agus dá leibhéal féin”.

Maíonn an tÚdarás go léiríonn an tuarascáil agus na moltaí atá inti “deis straitéiseach” chun “ardán aontaithe a dhearadh” a bheadh bunaithe ar an mbonn teicneolaíochta céanna – ‘Teanga go Téacs’, ‘Téacs go Teanga’ agus ‘Samhlacha Teanga Móra’.

“Is ionann an chosúlacht seo idir teicneolaíochtaí bunúsacha agus deis straitéiseach chun ardán aontaithe a dhearadh agus a úsáid a thacaíonn leis na trí chás úsáide,” a dúirt an tÚdarás i ráiteas.

Agus an tuarascáil á seoladh in oifig Ernst and Young i mBaile Átha Cliath inné, dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin go bhfuil an eagraíocht “tiomanta” do chórais Intleachta Saorga a fhorbairt a fhreastalóidh ar chainteoirí Gaeilge.

“Is léir ón tuarascáil seo go bhfuil deis iontach againn an Ghaeilge a neadú i dtodhchaí dhigiteach na hÉireann. Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta don ról comhordúcháin seo a ghlacadh agus muid ag obair le comhpháirtithe ar fud na hearnála poiblí, lucht acadúil agus gnó chun réitigh IS a fhorbairt a fhreastalaíonn ar phobail Ghaeltachta agus ar chainteoirí Gaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil an “cheannaireacht” atá léirithe ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh cúrsaí IS [AI] agus Gaeilge “ag feidhmiú mar bhunchloch láidir” do na moltaí “mar thoradh ar na tionscadail phíolótacha a cuireadh i gcrích ag tús an phróisis”.

Maítear ann gur féidir leis an IS “tacú” le “cuspóirí beartais náisiúnta, cosúil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a bhaint amach”.

Deirtear go mbeidh an tÚdarás in ann, ach infheistíocht a dhéanamh sna huirlisí AI atá luaite sa tuarascáil, “dlús a chur” le cur chun feidhme “ardán teicniúil roinnte bunaithe ar theanga go téacs, téacs go teanga agus teicneolaíochtaí IS comhráiteacha”.

“Ionas go mbeidh rath ar an obair, áfach, beidh gá le comhoibriú go leanúnach, aird ar leith a thabhairt ar chúrsaí teangeolaíocha agus cultúrtha, agus cur chuige réamhghníomhach maidir le rialachas agus úsáid fhreagrach a bhaint as IS,” a deirtear ann.

Maítear gur “anois an t-am” díriú ar an obair seo ar chórais AI a fhorbairt agus gur féidir leis an Údarás “a chinntiú ní hamháin go mbeidh ról ag an nGaeilge i dtodhchaí dhigiteach, ach go mbeidh rath ar an nGaeilge sna blianta fada amach romhainn”.

Fág freagra ar '‘Gá’ leis an Intleacht Shaorga a úsáid leis an nGaeilge a ‘athbheochan’ i seirbhísí poiblí – Údarás na Gaeltachta'

  • Breathnach

    D’íoc Údarás na Galtachta as tuairisc a thacaíonn leis na mianta a bhí acu cheana féin. Woopdidoo.