Beidh “an-bhrú” ar aistritheoirí Gaeilge mar gheall ar a fheabhas is atá an Intleacht Shaorga i mbun aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge, dar le comhairleoir Intleachta Saorga Údarás na Gaeltachta, Colm Ó Riain.
Deir Ó Riain go mbeidh “an-bhrú” ar aistritheoirí Gaeilge ach go bhfuil “an todhchaí linn agus tá AI lárnach ann pé rud a smaoinímid”.
Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi thaighde nua atá seolta ag Údarás na Gaeltachta faoi na samhlacha móra teanga is fearr ó thaobh na Gaeilge, dúirt Ó Riain gur “curation” a bheadh i gceist leis an aistriúchán amach anseo mar gheall ar a chumhachtaí is atá na samhlacha móra teanga
Rinneadh an taighde le “clár ceannais” a chur le chéile de na córais intleachta saorga is “éifeachtaí” ó thaobh an aistriúcháin Gaeilge de a mheas.
Deir an tÚdarás gur scrúdaíodh sa taighde “cé chomh cumasach” is atá na huirlisí Intleacht Saorga ó thaobh an aistriúcháin de agus go ndearnadh “iniúchadh” ar an gcaoi a láimhseálann siad “gramadach, cultúr agus comhthéacs” na teanga.
Dúirt Ó Riain gur “uirlis” a bheadh sa chlár ceannais nua a thabharfadh “cabhair” d’aistritheoirí Gaeilge. Dúirt sé freisin go raibh cuid de na huirlisí intleachta saorga ag feidhmiú ag “caighdeán daonna” i réimsí áirithe anois, an Ghaeilge ina measc.
“Tá córas IS ag baint caighdeán daonna amach sa Ghaeilge. Ní i ngach áit ach tá feabhas mór ag teacht orthu,” a dúirt Ó Riain.
De réir an taighde a rinneadh i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Luimnigh agus taighdeoirí “neamhspleácha”, tá Gemini Flash – uirlis AI atá níos lú ná na ceanna eile ar an liosta – “níos fearr” ná na córais atá níos aitheanta.
Cuireadh tástáil ar naoi gcinn de shamhlacha móra teanga sa taighde: dhá leagan de Chat GPT, dhá leagan de Gemini, trí leagan de Llama, Mistral, agus Claude. Ba é Gemini 3-Flash an leagan “is fearr” ó thaobh na Gaeilge de, dar leis an Údarás. Sa dara háit bhí Chat GPT-5, agus sa tríú háit bhí Gemini 2.0.
Tugadh 12 pháipéar Ardteiste, in ábhair éagsúla, do na hinnill éagsúla agus cuireadh na freagraí a ghin siad i gcomparáid le scéimeanna marcála na Roinne Oideachais. Ba iad na páipéir as Gaeilge a úsáideadh sa taighde agus gineadh na freagraí i nGaeilge.
“Ceann de na torthaí is suntasach ná go bhfuil IS ‘beag’ Gemini Flash ag déanamh níos fearr ná córais IS níos mó agus i roinnt tástálacha, níos fearr ná córais eile Gemini féin,” a dúradh i ráiteas ón Údarás.
“Dealraíonn sé go bhféadfadh feabhas a chur ar chóras IS i mBéarla dochar a dhéanamh dá feidhmíocht i dteangacha ar nós na Gaeilge,” a dúirt an tÚdarás.
Deir an tÚdarás go bhfuil “bearna” ann i sonraí digiteacha na Gaeilge i gcomparáid le mórtheangacha an domhain amhail an Béarla agus an Spáinnis agus gurb é cuspóir na taighde seo “an bhearna sin a thomhas, a rianú, agus le himeacht ama spreagadh a thabhairt do na comhlachtaí IS a bheith airdeallach ar an nGaeilge”.
“Mar an eagraíocht a bhfuil cúram uirthi i dtaobh forbairt shóisialta agus eacnamaíoch phobail na Gaeltachta, caithfimid a bheith gníomhach lena chinntiú go mbeidh freastal ar an nGaeilge sna huirlisí a mhúnlóidh an chéad ghlúin eile de sheirbhísí digiteacha,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
Deir an tÚdarás go bhfuil “dul chun cinn mór” déanta le dhá bhliain anuas i réimse na hintleachta saorga ach nach mbíonn an “dul chun cinn sin i bhfabhar teangacha ar nós na Gaeilge i gcónaí”.
“Ní chiallaíonn leagan nua de chóras IS go bhfuil sé níos fearr don Ghaeilge. Mar chruthúnas air sin, d’fheidhmigh Claude 3.7 níos laige ná 3.5 ar chuid mhaith cúraimí Gaeilge. Tá córais IS ag baint caighdeán daonna amach sa Ghaeilge den chéad uair. Osclaíonn sé sin doras nua, d’fhoghlaimeoirí, do chruthú ábhair, agus do chaomhnú na teanga.
“Tá an clár ceannais nua seo ann le feasacht a thógáil i measc forbróirí agus an phobail, agus le cuideachtaí móra IS a chur ar an eolas faoi cé chomh maith nó chomh holc is atá a gcuid uirlisí ag freastal ar phobal na Gaeilge,” a dúradh i ráiteas ón Údarás faoin taighde.
Cé go bhfuil cairt leagtha amach ag an Údarás ina ndéantar rangú ar chumas na n-uirlisí éagsúla, dúirt Colm Ó Riain go “n-athraíonn sé seo ó lá go lá”.
Fágann sé sin go mb’fhéidir go mbeadh córas eile seachas Gemini Flash ar bharr an liosta go han-sciobtha.
Deir an tÚdarás go “nuashonrófar an clár ceannais seo go rialta agus forbairtí nua ag teacht chun cinn”.
Dúirt Ó Riain go bhfuil sé beartaithe freisin “costais agus úsáid fuinnimh” a chur san áireamh sa rangú AI amach anseo.
“Tá IS inbhuanaithe chomh tábhachtach le IS cumasach, b’fhéidir níos tábhachtaí fós. Sa deireadh, ba cheart don chlár ceannais seo a bheith ina threoir a spreagann forbróirí infheistíocht cheart a dhéanamh sa Ghaeilge. Níor cheart go mbeadh aon teanga fágtha ar leataobh san aois nua seo, ba cheart go mbeadh siad i gcroílár na forbartha,” a dúirt sé.
An samhradh seo caite, léirigh aistritheoirí gairmiúla imní faoi úsáid na hintleachta saorga in obair aistriúcháin sa tseirbhís phoiblí. Dúirt roinnt aistritheoirí le Tuairisc go raibh imní orthu go bhféadfaí eolas míchruinn a scaipeadh i nGaeilge agus i dteangacha eile mura mbíonn daoine ag plé leis an aistriúchán.
Lillis Ó Laoire
Is iomaí “caighdeán daonna” ann. Beidh eagarthóirí riachtanach i gcónaí leis an aistriúchán a fhaomhadh.
Pádraig Ó Briain
Is aistritheoir mé agus cuireann ailt mar seo ina ndéanann Údarás na Gaeilge stocaireacht ar son na hIntleachta Saorga idir lagmhisneach agus fhearg orm. Tuigim gur cuid den saol an IS anois agus nach féidir cur ina coinne go pointe ach cén fáth a bhfuil Údarás na Gaeltachta chomh díograiseach sin faoin IS a chur chun cinn nuair is ann dóibh chun fostaíocht trí Ghaeilge a chruthú sa Ghaeltacht (agus lasmuigh di b’fhéidir)?
Cén fáth a theastaonn uathu ‘spreagadh a thabhairt do na comhlachtaí IS a bheith airdeallach ar an nGaeilge’? Osclófar doirse nua, dar leo, ‘d’fhoghlaimeoirí, do chruthú ábhair, agus do chaomhnú na teanga’ nuair a bhainfidh na córais IS caighdeán daonna amach.
Tuigim an fiúntas a bhainfeadh foghlaimeoir Gaeilge as an nGaeilge a chleachtadh le bota comhrá ach nár léirigh an míshásamh a bhí ann nuair a d’fhógair Údarás na Gaeilge comórtas ginte físeán le IS tamall ó shin gur beag dúil atá ag a lán Gaeilgeoirí in ábhair Ghaeilge ginte ag IS? Agus cén chabhair í ó thaobh ‘caomhnú na teanga de’ aistritheoirí a chur as obair nuair is é an t-aistriúchán ceann den bheagán post inar ghá caighdeán ard Gaeilge a bhaint amach?
Arís, nílim ag rá gur cheart neamhaird a dhéanamh den Intleacht Shaorga ach cad chuige an díograis mhór seo chun cabhrú leis na hollchomhlachtaí teic í a dhéanamh níos fearr? FOMO, nó ‘Fear of Missing Out’ atá taobh thiar den díograis seo, dar liom, agus tá sé an-choitianta sa chaint mhór faoi IS a chloistear faoi láthair. Caithfear athrú leis an saol is dócha ach ní gá cabhrú leis an saol (na hollchomhlachtaí teic sa chás seo) dlús a chur leis an athrú nuair a dhéanfaidh an t-athrú sin tuilleadh dochair do mhionteanga atá leochaileach cheana féin. Nó sin a cheapaimse pé scéal é.
Indrek
An-spéisiúil ar fad, a Mhaitiú! Déanann tú cur síos ar an tastáil ina raibh ar an IS ceisteanna Ardteiste a fhreagairt as Gaeilge. Ach cén bhaint atá aige sin le cúrsaí aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge? Nó ab é go bhfuil mé ag baint ciall mhícheart as an alt?
Ciarán Ó hAgáin
Taighde atá míthreorach, i mo thuairim féin.
Fadhb amháin, tá an comhthéacs pearsanta (socruithe, e-leabharlann pearsanta, stair an chomhrá, agus mar sin de) thar a bheith tábhachtach.
Fadhb eile, caithfidh tú i gcónaí treoracha beachta a thabhairt don IS faoin gcaoi le rudaí a scríobh srl.
Is cosúil go raibh na macasamhlacha ag feidhmiú gan srian sa taighde seo.
I láthair na huaire, an comórtas, sin Gemini 3.5 Flash vs Claude 4.8 (& caithfidh tú íoc as)
I mo chás féin,
* Bainim úsáid as Claude go minic do na rudaí is tabhachtaí dom (cód, dlí, sláinte, Gaeilge, ábhar casta …) agus síntiús agam.
* Bainim úsáid as Gemini (gan síntiús) do gach rud eile (eolas ginearálta, nuacht srl). Cur chuige solúbtha de dhíth
* Déan dearmad ar ChatGPT, Copilot srl. (i láthair na huaire)
Tionscal a bheadh níos fearr ná brú a chur ar Anthropic chun úsáid a bhaint as tearma & focloir .ie (níl cead ag Claude inniu) #TacúChunTairbhe Údarás na Gaeilge !