Tharlódh gurb é an cluiche idir iad féin agus Ros Comáin ar Pháirc na nGael sa Bronx Dé Domhnaigh seo caite an uair dheireanach ag Nua-Eabhrac imirt i gCraobh Chonnacht – ansiúd ar chuma ar bith.
Tá siad sa gcomórtas ó bhí 1999 agus tá athbhreithniú déanta ar an scéal ó am go chéile. Beidh a leithéid sin ar siúl arís sula mbeidh an bhliain seo caite agus mura bhfuil an léamh atá agam ar an scéal as compás amach agus amach, déarfainn athrú poirt a bheith ar na bacáin.
Costas is mó a chuirfidh de dhroim seoil é sa gcás gurb in a tharlóidh. Deir fear a mbeadh scil a ghnaithí aige gur chosain a dturas 4 lá ar Nua-Eabhrac €300,000 ar Choiste Contae Ros Comáin, an méid sin ar fad le seasamh acu féin cé is moite den €50,000 a fhaigheann siad mar chúnamh ó Chomhairle a gCúige.
Ar fhaitíos go gceapann tú go bhfuil an costas sin as cuimse, sheiceáil mé na praghsanna a bhainfeadh gníomhairí taistil amach ar eitiltí agus ar shaoire ceithre oíche sa gcathair sin an tseachtain seo chugainn – bhí a mbunáite os cionn €1,500. Ní fada a bheadh duine ag caitheamh a oiread eile san achar sin nuair a chuireann tú san áireamh go bhféadfadh os cionn €10 a bheith ar phionta beorach, ar a laghad €50 ar dhinnéar maith go leor.
Idir an phainéal imeartha, lucht bainistíochta, foirne leighis, staitisticí, oifigigh an bhoird, etc., seans go mbeadh billí do thrí scór duine le seasamh ag an gcontae a thagann as Connachta. Dá réir, ní bheadh €300,000 i bhfad as marc. Sin mórán leath an airgid a chaith Fear Manach ar fhoirne a gcontae féin i gcaitheamh na bliana seo caite.
Caithfear socrú éicint a dhéanamh agus pé bealach a shéidfidh an ghaoth cuirfidh sé léan ar Chumann Lúthchleas Gael ón mbarr síos mar is eagraíocht í a bhfuil bród an tsaoil ag a baill as a ceangal le himircigh.
Agus tá a cheart sin acu.
Ceangal é atá ann nach mór ó bunaíodh CLG an chéad lá ariamh in 1884. Ceithre bliana dar gcionn thug os cionn dhá scór iománaí agus lúthchleasaí as an tír seo cuairt ar Mheiriceá ar mhaithe le hairgead a bhailiú don eagraíocht nuabhunaithe agus spreagadh a mhúscailt ina measc siúd as an tír seo a bhí imithe ar imirce thall.
Sa mbliain 1947 tugadh urraim d’imircigh arís nuair a imríodh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i Nua-Eabhrac. Ariamh anall is iad na fochumainn de chuid CLG a bhunaigh imircigh Éireannacha thar lear agus go háirid sna Státaí, croílár an cheangail leis an tír a d’fhág siad féin nó a sinsear ina ndiaidh . Ní ó thaobh spórt amháin is fíor sin, ach freisin ó thaobh cultúir, imeachtaí sóisialta agus thar rud ar bith eile, an fhéiniúlacht a bhaineann leo.
Ní hé nach mbíodh corrábhar aighnis ann anois agus arís, go háirithe i gcás Nua-Eabhrac. Idir na 1940idí agus 1970idí ba mhinic achrann a bheith idir ardfheidhmeannaigh CLG i bPáirc an Chrócaigh agus fear a raibh John Kerry O’ Donnell air. Ní amháin go mba aige siúd a bhí an léas ar Pháirc na nGael ach san achar atá luaite agam bhí sé ina uachtarán ar CLG Nua-Eabhrac seacht n-uaire agus ina leasuachtarán, cathaoirleach agus rúnaí chomh minic céanna.
Rudaí beaga suaracha i saol an lae inniu a bhí i gceist le cuid den easaontas – ól a bheith á dhíol i bPáirc na nGael (tábhairneoir ab ea O’Donnell), urraíocht a fháil ó ghrúdlanna (nuair a bhí a leithéid coiscthe anseo) mar aon le bheith ag mealladh imreoirí cáiliúla as Éirinn a bhíodh ag fáil cúitimh i ngan fhios.
Le himeacht na mblianta agus cumhacht John Kerry ag dul i léig, tháinig deireadh le heasaontais agus le cuid mhaith blianta anois tá an stádas céanna ag Coiste Contae Nua-Eabhrac agus atá ag aon chontae sa tír seo.
Fiú le linn na corraíola, tugadh áit d’fhoireann na cathrach sin i mbabhtaí ceannais na Sraithe Náisiúnta Iomána (1964 – 1970) agus peile (1963 – 1969). Bhuaigh siad siad cluiche ceannais na peile faoi dhó – in aghaidh Átha Cliath i 1963 agus ceithre bliana dár gcionn in aghaidh fhoireann chaithréimeach na Gaillimh a raibh Corn Mhig Uidhir tugtha leo acu trí huaire as a chéile.
Níor náirigh siad iad féin ach an oiread ó thosaigh siad ag imirt i gCraobh Peile Chonnacht 16 bliain ó shin, cé go mba é an léasadh a thug Ros Comáin dóibh Dé Domhnaigh seo caite an bhearna ba mhó a tugadh dóibh san achar sin.
Níl sé ach 3 bliana ó shin ó bhuaigh siad ar Liatroim, más le ciceanna pionóis féin é. Bliain roimhe bhíodar ar comhscór le Sligeach faoi dhó sna nóiméid dheireanacha sular chliseadar de 4 chúilín – na postaí buailte faoi thrí acu sa gcluiche sin.
Pébrí uair as seo go deireadh na bliana a shuífear síos le socrú a dhéanamh faoi chéard atá i ndán do Nua-Eabhrac, beidh i bhfad níos mó le plé ná a gcumas peile agus cláracha comhordaithe airgid.
Idir neamh agus talamh a bheas rudaí go dtabharfar breithiúnas an uair sin.
Rud amháin gur féidir leat a bheith cinnte de is ea nach dtabharfar droim láimhe dóibh. Tá áit acu i gCorn Tailteann i mbliana mar a bhí ó bunaíodh an comórtas in 2022, cé nach móide go mbeadh siad féin sásta más taobh leis sin a bheas siad feasta.
Ní bheadh sé ceart ná cóir maolú a dhéanamh ar pháirt na n-imirceach sa gCumann Lúthchleas, dearmad a dhéanamh ar an stair ná beagán a dhéanamh dá tábhacht.
Mar sin féin tá sé chomh míréasúnta céanna a bheith ag súil go seasfaidh contaetha agus Comhairle Chonnacht an costas ollmhór atá i gceist le foireann a chur go Nua-Eabhrac na laethanta seo.
Mo bharúil go gcuartóidh CLG foinsí maoinithe eile nó go n-íocfar an costas ar an lárchiste. Is beag a bhainfeadh an tsuim i gceist as an ioncam a thuilltear as Páirc an Chrócaigh a ligean amach ar cíos nuair a thagann foirne Pheil Mheiriceá nó réalta pop chun na háite.
Fág freagra ar 'Tá siad sa gcomórtas ó bhí 1999 agus tá athbhreithniú déanta ar an scéal ó am go chéile'