Leagan Gaeilge de ‘Trumpflation’ ag teastáil, diostóipe i mBóthar na Trá

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí Tuairisc ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

Leagan Gaeilge de ‘Trumpflation’ ag teastáil, diostóipe i mBóthar na Trá

De réir mar a bhí na léirsithe breosla ag dul ar aghaidh is ar aghaidh, bhí na stáisiúin pheitril á bhfolmhú ar fud na tíre. Ní raibh éinne ag caint ar thada eile i gcaitheamh an deireadh seachtaine ach cá raibh díosal fós le fáil.

Bhí cathair na Gaillimhe sách ciúin i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus daoine ag iarraidh a bheith spárálach le pé braoinín a bhí acu i dtanc an chairr.

Ar éigean go raibh aon charr páirceáilte le taobh an phrom i mBóthar na Trá, áit a bhíonn lán le carranna go hiondúil agus daoine ag dul amach ag snámh sa bhfarraige nó ag siúl go dtí an Charraig Dhubh.

Is gearr gur thosaigh na gasúir ag fiafraí an raibh aon bhaol ann go mbeadh an scoil dúnta Dé Luain. Fuair mé teachtaireacht ó mo chara a bhfuil carr leictreach aici ag ofráil síobanna dúinn dá mbeidís ag teastáil. B’fhéidir é, a dúirt mé léi, níl a fhios agam fós. Bhí ceathrú tainc fós agam.

Thíos ar na duganna in aice leis an áit a raibh na tarracóirí agus na leoraithe cruinnithe ag blocáil an bhóthair go clós an chalafoirt i nGaillimh, d’éirigh liom €30 díosail a cheannach.

Bhí an siopa lán le léirsitheoirí ag ceannacht ceapairí agus cupáin tae. D’airigh mé teannas is fuadar san aer is mé sa líne ag dul ag an gcuntar. B’fhéidir gur orm féin a bhí sé.

Ag an gcuntar, bhí fógra lámhscríofa crochta in aice leis an scipéad ‘Abuse of staff will not be tolerated’.

Bhí a leathcheann de chomhartha crochta sa siopa ag Crois an Chairn Mhóir taobh thoir de Ghaillimh, áit a raibh mé níos túisce sa tráthnóna ag cluiche camógaíochta. €50 díosail a bhí ceadaithe do chaon tiománaí a cheannacht ansin. Bhí sé chomh maith ag duine é a cheannacht agus an deis agat.

Ba gheall le radharc as scannán diostóipeach an stáisiún peitril i mBóthar na Trá Íochtarach ar maidin inniu agus mé ag tiomáint thairis. Ní raibh aon solas lasta ar an gclár praghsanna ná ar an seoltán os comhair an tsiopa. Chuirfeadh sé scáth ort, chomh lag atá an leagan amach ar an soláthar breosla againn.

Is dóigh go bhfuil siadsan ar cheann den 300 stáisiún peitril ar fud na tíre atá folamh fós i ndiaidh 6 lá léirsithe.

Scáileáin loma a bhí le feiceáil ar an gclár mór san áit a raibh praghsanna an díosail agus an pheitril ag rince gach oíche le mí anuas. Ba chaitheamh aimsire dom gach maidin ag dul thairis breathnú le fáil amach cén praghas nua a bheadh ar an mbreosla théis na hoíche.

***

Chonaic mé an téarma ‘Trumpflation’ ar ais sna páipéir le cúpla seachtain anuas. Focal é a chum eacnamaithe in 2016 roimh an gcéad téarma Uachtaránachta ag Donald Trump, agus iad ag cur síos ar an imní a bhí orthu faoi bhoilsciú mar gheall ar a pholasaithe eacnamaíochta.

Deich mbliana níos deireanaí agus tá an dusta le glanadh den téarma agus deatach le baint arís as. Is dóigh go mbeidh leagan Gaeilge le cumadh.

Ní téarma oifigiúil eacnamaíochta é, pé duine a shocraíonn na cúrsaí seo, ach tá eacnamaithe agus lucht airgeadais ag úsáid an téarma go coitianta le cur síos a dhéanamh ar an ardú ar an ráta boilscithe mar gheall ar pholasaithe Trump.

Cé nach bhfuil a fhios go fóill cén tionchar ar an ráta boilscithe a bheidh ag an gcogadh san Iaráin agus an ghéarchéim i gCaolas Hormuz, ní haon chomhartha maith é an t-ardú atá tagtha ar an gcostas breosla.

Faoi láthair, trasna na hEorpa, tá an ráta boilscithe ag 1.9%, díreach faoi bhun an 2% a bhíonn mar sprioc ag an mBanc Ceannais Eorpach [ECB]. Tá an ráta úis atá socraithe ag an ECB faoi láthair ag 2% freisin.

Má thagann ardú ar an ráta boilscithe beidh ar an ECB an ráta úis a mhéadú in iarracht leis an mboilsciú a mhaolú agus ardóidh an costas ar iasachtaí agus morgáistí dá réir.

Sin a tharla in 2022 nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin. Tháinig méadú 10% ar an meán ar phraghsanna in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2022 mar gheall ar arduithe ar chostas breosla a d’eascair as an gcogadh sin.

Meastar go gcosnóidh an t-ardú is deireanaí atá tagtha ar chostas an bhreosla €1,000 ar an meán sa mbreis ar theaghlaigh in Éirinn. Ní beag an méid airgid é do theaghlach ar bith, ach beidh sé thar a bheith crua agus b’fhéidir dodhéanta ag teaghlaigh ar ioncam íseal an t-ardú sin a sheasamh.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge de ‘Trumpflation’ ag teastáil, diostóipe i mBóthar na Trá'