Tá cónaí ar neacht de mo chuid in Barcelona, agus ós rud é go bhfuil mé ar chamchuairt Interrail timpeall na hEorpa faoi láthair shocraigh mé cuairt a thabhairt uirthi. Tar éis trí seachtaine ar an mbóthar – ní hea, ar na ráillí – bhí sé go deas lá nó dhó a chaitheamh le duine muinteartha.
Thaispeáin sí an chathair dom, agus a láthair oibre – ionad comhoibre agus líonraithe mór millteach agus fíor-nua-aimseartha atá buailte ar an trá, radharc agat ar an Meánmhuir agus ar dhaoine i mbun aclaíochta agus ag déanamh bolg-le-gréin.
Ollannach í mo neacht ach oiread liom féin. Iarchéim sa dearadh tionsclaíoch a mheall go Barcelona an chéad lá riamh í ach thaitin an chathair chomh mór sin léi go ndearna sí socrú cianoibre leis an gcomhlacht ón Ísiltír a d’fhostaigh í.
Fearacht go leor daoine eile ón iasacht in Barcelona is fánaí digiteach í.
Ach anois agus í ag maireachtáil ar an gcaoi sin le breis agus dhá bhliain anuas, tá sí ag éirí tuirseach den stíl bheatha sin.
‘Mothaím uaim comhghleacaithe, comhghleacaithe dáiríre. Comhghleacaithe de chineál iad na daoine a a chastar orm san ionad comhoibre, agus áit den scoth atá ann chun aithne a chur ar dhaoine, ach ní bhíonn siad ag obair sa chomhlacht céanna nó fiú amháin sa réimse chéanna agus lena chois sin, mo dhála féin, is daoine ón iasacht iad an chuid is mó acu, rud a fhágann go mbíonn tú sáinnithe i mbolgán na n-ex-pats.’
Tuigim di. Tá mé féin i m’fhánaí digiteach le mí go leith anuas agus níor mhaith liom an stíl bheatha sin go fadtréimhseach ach oiread.
Obair í an scríbhneoireacht a dhéanann tú i d’aonar agus ní hionann agus mo neacht, ní bhíonn comhoibrithe agam ná gá agam leo. Ach tugaim faoi deara agus mé ag fánaíocht liom go digiteach ó chaifé go caifé agus ó chathair go cathair go mothaím uaim ceangal le muintir na háite pé áit a mbím, toisc gur mo leithéidí féin den chuid is mó a chastar orm.
Lena chois sin, bíonn dúshláin le sárú ag an bhfánaí digiteach nach gcuimhneofá orthu, b’fhéidir, agus tú ag imeacht leat go Barcelona, Liospóin nó Cape Town agus do ríomhaire glúine i do mhála. Lóistín. Gleo. Wifi lochtach. A bheith i bhfad ó ghaolta, cairde, fostóirí nó cliaint. Má imíonn tú leat go fadtréimhseach, rialacha cánach.
Anuas air sin arís, nuair a bhíonn tóir mhór ag ex-pats ar chathair cuireann sé sin brú aisteach ar an margadh tithíochta áitiúil agus fiú amháin ar nósanna teanga áitiúla, agus táim ag teacht ar an tuairim nach stíl bheatha inmharthana í an fhánaíocht dhigiteach – ní hamháin don fhánaí digiteach féin, ach do na pobail a mbíonn siad ina gcónaí ina measc go háirithe.
Ach thit mo neacht i ngrá le cailín Spáinneach agus shocraigh sí socrú síos in Barcelona don fhadtréimhse. Bhog siad isteach le chéile, d’fhág mo neacht a post leis an gcomhlacht san Ísiltír agus an mhí seo beidh sí ag tosú i gcomhlacht atá lonnaithe in Barcelona féin, áit a mbeidh comhghleacaithe dáiríre aici arís den chéad uair le breis agus dhá bhliain anuas.
Agus mise, bíodh is gur aoibhinn liom an taisteal, tá mé ag súil go mór le hárasán agus oifig de mo chuid féin a bheith agam arís.
Ní cathair mar a tuairisc í an fhánaíocht dhigiteach, dar liom. Sceach i mbearna í an lá is fearr é.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN EORAIP: Ní cathair mar a tuairisc í an fhánaíocht dhigiteach'