Ní raibh ach aon dáta amháin i gceann gach bainisteora…tá sé tagtha anois

Cuirfear tús iontach le craobh Laighean níos déanaí inniu agus, mar is gnáth, is deacair torthaí chraobh na Mumhan a thuar

Ní raibh ach aon dáta amháin i gceann gach bainisteora…tá sé tagtha anois

Ó thosaigh na foirne idirchontae ag traenáil ag deireadh na bliana, ní raibh ach aon dáta amháin i gceann gach bainisteora, agus ba é sin inniu, an 18 Aibreán. Ba é seo an dáta a raibh gach cinneadh, gach cluiche, gach beart oirbheartaíochta agus gach gortú dírithe air. Ba é an chéad chluiche sa chraobh, mar a déarfadh na Francaigh, a raison d’être ag gach lucht bainistíochta. Maidir leis na himreoirí a bhí ag plé le gortuithe fadtéarmacha, ba é an deireadh seachtaine seo an sprioc a bhí rompu le bheith i gceart. Agus i gcás gach fisiteiripeora, ba é seo an spriocdháta chomh maith – na himreoirí ab fhearr a bheith ar fáil, aclaí agus slán ó ghortú.

Agus sula mbuailfear sliotar ar bith anocht ná amárach, is iad Luimneach agus Corcaigh comhrogha na ngeallghlacadóirí. Tuigim go maith cén áit as a bhfuil siad ag teacht, agus tuigim chomh maith nach mian leo aon airgead a chailleadh. Tá a mbreithiúnas bunaithe ar fhíricí fuara crua airgeadais ach ní aontaím go bhfuil Corcaigh ar comhchéim le Luimneach (fós).

Tá praghas sách fada acu freisin ar Thiobraid Árann, rud atá aisteach go leor agus iad ina seaimpíní Uile-Éireann.

Agus cad é mar chluiche atá againn chun tús a chur le craobh Laighean níos déanaí inniu. Tá tamall maith caite gan Cill Chainnigh a bheith mar rogha na n-údar i gCúige Laighean, agus cé gurb iadsan fós atá ar bharr an chúige ó thaobh gurb iad seaimpíní Laighean iad, níor léirigh siad go dtí seo i mbliana an caighdeán imeartha a thabharfadh le fios go mbeidh a seachtú craobh as a chéile cinnte acu. Tá siad ag taisteal go Gaillimh tráthnóna agus an fhoireann bhaile mar rogha na coitiantachta.

In ainneoin a bhfuil de cháineadh déanta ar Chúige Laighean i gcomparáid le Craobh na Mumhan, ní raibh Cill Chainnigh rófhada ón mbarr ar chor ar bith an dá séasúr deireanach, agus iad buailte faoi dhá phointe ag na buaiteoirí deiridh, an Clár agus Tiobraid Árann.

Tá sin ar fad curtha i leataobh faoi láthair, áfach, agus turas go Bóthar na Trá i gceist anois. Níl ann ach mí ó shin ó rinne Gaillimh scrios ar na Cait sa tsraith san ionad céanna, agus bhuaigh siad 0-35 in aghaidh 0-17. Tharraing Cill Chainnigh neart cáinte i ndiaidh an chluiche sin. Bheinn ag súil le taispeántas níos fearr uathu níos déanaí inniu.

Sna cluichí eile i gCúige Laighean, tabharfaidh Loch Garman aghaidh ar Chill Dara, áit a bhfuilim ag súil go mbainfidh siad an bua amach. Taistealóidh Baile Átha Cliath go hUíbh Fhailí chomh maith, agus arís, táim ag súil go mbeidh siadsan róláidir don fhoireann bhaile.

Tá craobhchomórtas na Mumhan an-deacair a thuar arís i mbliana. Tosaíonn sé ar a dó amárach i bPáirc Uí Chíosóg in Inis, nuair a thabharfaidh Port Láirge aghaidh ar fhoireann an bhaile. Téann an Clár isteach sa chluiche mar sheaimpíní Roinn 1B sa tsraith, cluiche ceannais a d’imir siad d’uireasa Tony Kelly, David McInerney agus Adam Hogan, ach bhí buntáiste acu sa mhéid is go raibh Shane O’Donnell an-fheiceálach ar fad, ina chéad chluiche i mbliana.

Tá sé deacair a mheas cé chomh cumasach is atá an Clár i mbliana agus iad ag imirt i Roinn 1B na sraithe. Ar an láimh eile, bhí Port Láirge i Roinn 1A, agus i ndiaidh stánadh a fháil ó Chorcaigh thugadar an-taispeántas agus bhuadar ar Luimneach. Ach n’fheadar an bhfuil an painéal láidir go leor chun teacht as an ngrúpa? É sin ráite d’fhéadfadh an cluiche seo a bheith cothrom go leor.

Ó bhuaigh Corcaigh ar Luimneach i gCorcaigh in 2024, tá cúig chluiche ceannais as a chéile sroichte acu, dhá chraobh na hÉireann, dhá chluiche ceannais sraithe, agus príomhócáid na Mumhan. Is tomhas áirithe buanseasmhachta é sin, fiú más pillín searbh le slogadh iad na caillteanais mhóra sin ar an ardán is mó. Má bhuann siad i dTiobraid Árann, is féidir craobh na sraithe a chur síos mar rith traenála, ag líonadh na bearna idir gnáthchluichí na sraithe agus an chraobh; ach má chailleann siad in aghaidh na dTiobraid Árannach déanfar tagairt don taispeántas seo mar thús le meath.

Níl a fhios agam in aon chor cad a scríobhfaidh mé faoi Thiobraid Árann. Níl mórán in aon chor tagtha as an gcampa. Is iad Corcaigh an rogha. Mar is eol dúinn tá chuid maith athraithe ó thug Corcaigh léasadh do na Tiobraid Árannaigh san ionad céanna dhá bhliain ó shin. Ní fheicim mórán in aon chor idir na foirne agus ag an deireadh, b’fhéidir nach mbeidh.

Fág freagra ar 'Ní raibh ach aon dáta amháin i gceann gach bainisteora…tá sé tagtha anois'