Bhí mé ag súil le bheith i m’fhánaí digiteach arís, ach tá an saol sa chaifé athraithe

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Fadó, b’aoibhinn lenár gcolúnaí a chuid scríbhneoireachta a dhéanamh i dtithe caife. Ach d’imigh sin agus tháinig seo

Bhí mé ag súil le bheith i m’fhánaí digiteach arís, ach tá an saol sa chaifé athraithe

Agus mé gan oifig faoi láthair, tá mé ag brath ar thithe caife agus a leithéidí chun mo chuid oibre a dhéanamh.

Fadó fadó, thaitin an stíl bheatha sin go mór liom. Ríomhaire glúine ar an mbord, cupán caife in aice leis, bús timpeall orm, na custaiméirí eile agus na freastalaithe mar a bheadh ‘comhghleacaithe’ iontu. Gairm uaigneach í an scríbhneoireacht agus uaireanta is deas an rud é comhluadar de chineál éigin a bheith agat.

Ní bhíodh de chomhluadar oifige agam i dteach mo mhuintire, atá díolta anois, ach cat na comharsan a chónaigh liomsa agus ar ghnách léi léimt ar an méarchlár uair ar bith a mbíodh bia, slíocadh nó rud éigin eile uaithi.

Ar bhealach bhí mé ag súil le bheith i m’fhánaí digiteach arís, ar feadh tamaill pé scéal é. Ach is cosúil gur tháinig athrú ar earnáil na dtithe caife, orm féin, nó ar an dá rud ó bhínn ag obair ar an gcaoi sin go deireanach.

I dtús báire, tá an modh oibre sin éirithe chomh coitianta sin anois go bhfuil cosc curtha air scun scan ag caiféanna áirithe. An lá cheana chonaic mé an fógra seo ar dhoras: ríomhaire glúine agus líne dhearg tríd. Sin cinneadh an úinéara agus tá sé sin togha, ar a laghad ar bith tá sé nó sí soiléir faoi.

I dtithe caife eile, seo an margadh neamhscríofa, ach intuigthe: cupán caife nó tae amháin in aghaidh an uair an chloig mar ‘chíos’ ar láthair oibre agus wifi saor in aisce nuair nach mbíonn sé gnóthach, greim bia lena chois le linn am bricfeasta, lóin nó dinnéir.

Ach seo anois an rud. A bhuíochas le hathrú na haeráide agus cúiseanna eile tá pónairí caife níos daoire ná riamh, agus cosnóidh maidin oibre amháin €12-€15 ort (beidh ocras ort ina dhiaidh sin agus íocfaidh tú €10-€12 ar cheapaire.)

Tá athrú tagtha ar an gcineál duine a bhíonn ag obair i dtithe caife chomh maith. Fadó, roimh an bpaindéim, scríbhneoirí, ealaíontóirí agus daoine a bhí ag obair i bpostanna cruthaitheacha den chuid is mó a bhíodh ag obair i gcaiféanna. Ach ó d’éirigh an obair ón mbaile coitianta i réimsí eile freisin tiocfaidh tú ar chuile chineál oibrí, agus ní bhíonn drogall ar chuid acu sin (fís)ghlaonna a dhéanamh. Maidin inné agus colún á scríobh agam, bhí bean ag an mbord taobh thiar díom i mbun cruinniú Teams (bhí cluasáin uirthi, ach mar sin féin.)

Ach seans gur orm féin atá sé. Fadó, d’éiríodh liom neamhaird a dhéanamh den ghleo i dteach caife ach anois agus an leathchéad bainte amach agam tugaim faoi deara go mbíonn an diabhal orm iarracht a dhéanamh custaiméirí glórmhara a chur ina dtost le féachaintí fíochmhara. Rud nach n-oibríonn, gan dabht, agus ní maith liom féin a bheith ar an gcaoi sin.

Níl ach réiteach amháin ann, mar sin: seomra oibre de mo chuid féin a aimsiú a luaithe agus is féidir.

Fág freagra ar 'Bhí mé ag súil le bheith i m’fhánaí digiteach arís, ach tá an saol sa chaifé athraithe'

  • Caoimhín Mac Luinge

    Céard faoin leabharlann? Cé go mbíonn na leabharlanna dúnta san oíche agus Dé Domhnaigh (sna SAM pé scéal é), tá WiFi nó roímhairí phoiblí ann.

  • Pádraig

    Tá an ‘leabharlann oscailte’ ar bun i roinnt áiteanna anois in Éirinn, an ceann i nDún Garbhán a ghnáthaím féin agus is iontach, conláisteach, compordach mar shaoráid é.
    Níl an coincheap sin préamhaithe i dtíortha eile fós, go bhfios dom.
    Bíonn sé ar oscailt ó cheann ceann na bliana, seacht lá na seachtaine, 6-10pm, seachas Lá Nollag.
    B’fhiú é sin a dhéanamh i gcéin is i gcóngar.