Léirscrios clainne. Ba mhillteanach an radharc a chonaic póilíní nuair a chuaigh siad isteach i dteach ar an mBaile Meánach i gcontae Aontroma. Girseach ocht mbliana d’aois, bean 39 agus fear 41 marbh, an PSNI den bharúil gur dúnmharú dúbailte agus féinmharú a tharla.
Ba mhór idir an íomhá de chuaráin bhándearga an pháiste crochta ar an líne éadaigh in aice leis an luascán sa chlós agus an radharc istigh; fear básaithe i seomra amháin agus an bhean is an páiste maraithe i seomra eile, dar le comharsa.
Fógraíodh go luath sa bhfiosrú nach raibh na póilíní sa tóir ar éinne, iad cinnte gur dhúnmharaigh an t-athair a bhean agus a n-iníon agus gur chuir sé lámh ina bhás féin. B’as an bPolainn an lánúin ach rugadh an cailín anseo. Ba chosúil nach raibh aithne mhaith ag daoine ar an teaghlach. Níor léir an raibh stair thrioblóideach ag an lánúin nó nach raibh. Dúirt urlabhraí ó ionad tacaíochta do Pholannaigh nár iarr an chlann cabhair ón gcumann, agus nach ndearna siad teagmháil leo in aon chor. Ní raibh aithne orthu go forleathan i measc an phobail de bhunadh na Polainne abhus. Ní raibh caidreamh ar bith acu le Consal oinigh na Polainne, Jerome Mullen ach an oiread.
Sí an mháthair an 31ú bean a maraíodh i dTuaisceart Éireann ó 2020. Ba í an cailín beag an tríú páiste a maraíodh in eachtra díothaithe teaghlaigh taobh istigh de bhliain. Cothrom an ama seo anuraidh i gcontae Fhear Manach mharaigh a fear céile Vanessa Whyte agus a bpáistí James 14 agus Sara 13 sular lámhach sé é féin, fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin.
Chuir an t-uafás sin alltacht ar an bpobal, an port céanna ag gach duine ‘féachaimis chuige nach dtarlóidh a leithéid arís’. Cé chomh minic is atá sé sé sin ráite againn go léir? Chualathas an teachtaireacht chéanna arís cúpla oíche ó shin ó dhaoine ar bhigil ar an mBaile Meánach mar ómós don ngirseach agus dá máthair. Faraor ní chuireann briathra ná cáineadh an phobail stop leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus chailíní atá mar a bheadh plá i dTuaisceart Éireann.
Tá an scéal ag dul in olcas ó dheas freisin. Dúirt Women’s Aid gur maraíodh ochtar ban sa Phoblacht i mbliana. Ag tagairt do dhúnmharú Jamey Carney i gCill Airne agus cúiseamh a céile as dúnmharú Adina Constantin i gcontae Laoise, dúirt Sarah Benson, príomhfheidhmeannach Women’s Aid gur seachtar a maraíodh sa bhliain 2025 ach go raibh duine sa bhreis air sin marbh cheana féin i mbliana.
Seanscéal ag an gcolún seo is ea an phráinn a bhaineann le stop a chur le foréigean in aghaidh na mban. Ní mór é a rá arís. Admhaím nach féidir a theacht roimh gach cás eisceachtúil. Sí an fhadhb go bhfuil fuath ban coitianta agus ag éirí níos forleithne; níl aon rud as an ngnáth ag baint leis. Tá droch-éifeacht ag ábhar pornagrafach atá ar fáil go héasca, fuath agus drochmheas á scaipeadh ar líne – ag tionchairí, mar údar ‘ grinn’ ar ócáidí atá in ainm is a bheith measúil, beag beann ar aicme, aois nó stádas. Le fás na heite fíordheise ar fud na cruinne is mó an luí acu le forneart ina n-iarrachtaí chun cearta na mban a theorannú; tá beag is fiú agus gráin de dhlúth agus d’inneach sa bhfeachtas sin.
Ba cheart múineadh do ghasúir sa bhaile go bhfuil foréigean in aghaidh na mban agus chailíní do-ghlactha. Ní mór an teagasc a neartú ar scoil, sa chlub, ag an obair agus gach áit a dtagann daoine le chéile. Anuas air sin ní mór don bpobal fré chéile a bheith airdeallach, idirbheart a dhéanamh nuair is gá agus diúltú as éadan do na leithscéalta ar nós ‘ní raibh ann ach clabhta’ nó ‘ní tharlóidh sé arís’; is gearr an t-aistear é ó chlabhta go marú. Tá oideachas riachtanach freisin do roinnt de lucht riartha na córa idir phóilíní, sheirbhísí ionchúisimh agus bhreithiúna. Caithfidh ciontóirí fios a bheith acu go mbeidh an pionós dlíthiúil dian agus an costas sóisialta an-ard.
Fág freagra ar '31 bean maraithe i dTuaisceart Éireann ó 2020'