Cuireadh tús an tseachtain seo le creimeadh an rialtais.
Tá an bhearna idir na neamhspleáigh agus an dá mhórpháirtí tagtha chun cinn le himeacht na ndeartháireacha Healy-Rae ó bhord an rialtais ach níl an scéal chomh simplí sin.
Tá teannas idir an dá phríomhpháirtí ag bord an rialtais agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gurb iad féin seachas an dream eile a bhfuil leas an phobail ar intinn acu. Chomh maith leis sin tá an teannas inmheánach, i bhFianna Fáil, go háirithe, ach i bhFine Gael freisin, le sonrú agus is beag cor anois a thógfadh sé cruachás ceannaireachta a chothú i gceachtar acu.
Ba nós le muintir Healy-Rae a thabhairt le fios gurbh iadsan an ceathrú cos ar stól an chomhrialtais seo. Tá an stól bacach anois agus droim láimhe tugtha acu don chomhrialtas – a ndílseacht teaghlaigh agus ceantair níos tábhachtaí dóibh ná seal ina suí ar stól lag éidreorach. Tá roinnt teachtaí eile anois i measc na neamhspleách nach bhfuil róchinnte faoi cé acu is fearr dóibh féin seasamh leis an rialtas nó lena ndeis a suíochán Dála a chosaint.
Tá aighneas na seachtaine seo ciúnaithe go ceann seala. Tá fothoghcháin ar an mbealach an mhí seo chugainn a thabharfaidh léargas níos soiléire ar thacaíocht na bpáirtithe i measc an phobail.
An t-aon rud is féidir a bheith ionann is cinnte de go mbeidh dhá shuíochán eile caillte ag an rialtas faoi dheireadh seachtaine na Cincíse. Ní chuirfidh sin an móramh i mbaol ach cuirfidh leithéid an ráitis a d’eisigh Teachtaí óga de chuid Fhianna Fáil. D’eisigh Ryan O’Meara, Albert Dolan agus James O’Connor ráiteas ag cáineadh a gcuid comhghleacaithe mar gheall ar na fadhbanna cumarsáide sa bpáirtí. Cháin roinnt ionadaithe tofa eile sa bpáirtí na deacrachtaí céanna le linn na n-agóidí an tseachtain seo caite. Tá na hionadaithe is óige agus cúlbhinseoirí clamhsánach anois ach tá an té a bhí luaite leis an gceannaireacht, Jim O’ Callaghan, gonta ag a chuid cainte faoin arm a chur ar na sráideanna.
Anuas air sin, chruthaigh an chaint chéanna teannas idir é féin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Helen McEntee. Easpa cumarsáide ba chionsiocair leis an teannas sin freisin. Agus ós ag caint ar chumarsáid é rinne an Tánaiste beag is fiú de ráiteas an Aire Cumarsáide. Patrick O’Donovan go dteastódh clúdach RTÉ ar na hagóidí a iniúchadh.
Beidh an rialtas buíoch ach briseadh an tsamhraidh a fheiceáil ag teacht ach teastóidh go leor oibre le bonn níos seasta a chuir faoi in athuair sa bhfómhar nuair a bheidh dualgais na huachtaránachta Eorpaí le comhlíonadh agus cáinaisnéis le cur le chéile.
Níor cheart dearmad a dhéanamh ach an oiread go bhfuil go leor den phobal faoi bhrú ag an gcostas maireachtála agus gan aon drogall orthu a míshástacht a chur in iúl don rialtas. Má tá aon cheacht le foghlaim ó imeachtaí na seachtaine seo is é gur cheart don rialtas éisteacht le himní na ndaoine agus a seasamh féin a mhíniú ar bhealach meáite, tuisceanach. Mura n-éiríonn leo an míshásamh a chur faoi smacht leanfar den chreimeadh agus tá an baol ann go mbeidh roinnt teachtaí eile ag titim i bhfarraige.
Fág freagra ar 'Is beag cor a thógfadh sé cruachás ceannaireachta a chothú'