Tá an t-úrscéal suimiúil Rúnaí an Aire bunaithe ar an gcaidreamh casta idir polaiteoirí agus státseirbhísigh. Bhuaigh an leabhar a scríobh Brian Ó Tiomáin, agus a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht le gairid, duais ag an Oireachtas.
Le linn comhrá sa scéal idir aire stáit agus a rúnaí príobháideach, admhaíonn an t-aire go bhfuil meas aici ar urlabhraí sa bhfreasúra cé go mbíonn sí ag troid léi sa Dáil:
“Is cuid den chluiche – brón orm – cuid den phróiseas daonlathach é. Seans go mbeidh muid ag obair le chéile i gcomhrialtas lá éigin.”
Is cuid de chomhrá ficseanúil í an chaint thuas ach léiríonn sí meon atá coitianta i dTeach Laighean agus lasmuigh de. Bíonn cathú ar pholaiteoirí, agus ar iriseoirí go háirithe, breathnú uaireanta ar iomaíocht pholaitiúil mar chluiche atá bunaithe ar shíor-iarracht an lámh in uachtar a fháil ar an taobh eile.
Gan dabht is dlúthchuid comórtas de ghairm an pholaiteora ach ní folláin an meon a chothaíonn sé má chuirtear róbhéim air. Go háirithe mar shampla má thugann polaiteoirí le fios go bhfuil béicíl, fonóid, agus masla sa Dáil níos tábhachtaí ná ceistiú géar agus fíordhíospóireacht.
Tháinig úrscéal Bhriain Uí Thiomáin chun cuimhne agus ruaille buaille sa Dáil á cháineadh ag an Leas-Cheann Comhairle, John McGuinness le gairid. Bhí fearg nár cheil sé ar McGuinness agus ní chuirfeá an milleán air.
Bíonn sé sa chathaoir gach maidin Déardaoin agus an Tánaiste Simon Harris á cheistiú ag Pearse Doherty. ‘Ceisteanna ó Cheannairí’ a thugtar ar an mír laethúil ar chlár na Dála ach de ghnáth ní bhíonn an Taoiseach i láthair Déardaoin agus bíonn an Tánaiste Simon Harris á cheistiú ag Pearse Doherty thar ceann Shinn Féin.
Bíonn an ceistiú agus an fhreagairt colgach, géar i gcónaí agus drochmheas pearsanta á nochtadh go follasach ag an mbeirt. Ní leasc le ceachtar acu goimh a chur sa chaint eatarthu.
Ní caint ghéar áfach a spreag míshásamh an Leas-Cheann Comhairle ar an 26 Feabhra ach an clampar ginearálta a bhíonn i réim go minic gach Déardaoin, dar leis agus Harris á cheistiú. Ní briathra láidre a chuir as dó ach iompar “náireach” agus neamhaird ar Bhuan-Orduithe na Dála.
Ar thabhairt faoi deara go raibh scata daltaí meánscoile san áiléar poiblí, labhair John McGuinness leo go díreach. Theastaigh uaidh obair bhaile a thabhairt dóibh, a dúirt sé. D’iarr sé orthu scríobh chuig an gCeann Comhairle agus a dtuairimí faoinar chuala siad a nochtadh.
Ba bhreá leis a gcuid litreacha a léamh, a dúirt John McGuinness, go háirithe tar éis dó clampar sa Dáil a phlé lena ghariníon atá dhá bhliain déag d’aois.
Dúirt sí leis dá n-iompródh daltaí ina rang scoile iad féin mar a iompraíonn daoine áirithe iad féin sa Dáil go gcuirfí chuig oifig an phríomhoide iad.
Is fiú an seisiún a spreag gearán an Leas-Cheann Comhairle a scrúdú go mion. Chuir Pearse Doherty dhá cheist de réir rialacha na Dála lena linn ar an Tánaiste Simon Harris.
Chuir Doherty féin isteach ar fhreagraí Harris dhá uair déag. Chuir Teachtaí eile Shinn Féin isteach ar fhreagraí an Tánaiste freisin, mar seo: Thomas Gould (sé huaire), Conor McGuinness (ceithre huaire) agus Paul Donnelly, Aengus Ó Snodaigh agus Pat Buckley (uair amháin an duine). Chuir Harris isteach ar chaint Doherty aon uair amháin.
San iomlán mar sin, bhris ionadaithe Shinn Féin isteach ar fhreagraí Harris 25 uair in imeacht cúig nóiméad – ar an meán uair gach dhá shoicind déag. Thugadar neamhaird ar shé achainí ón Leas-Cheann Comhairle a bheith ina dtost agus ligean don Tánaiste a fhreagraí a chríochnú.
Bhí an neamhord a chonaic na daltaí scoile ar aon chaighdeán leis an gcineál amaidí agus achasáin a chloistear, ní de ghnáth ach rómhinic, agus Teachtaí éagsúla ag cur isteach ar fhreagraí an Taoisigh agus an Tánaiste.
Seoda mar seo, mar shampla:
‘Are you talking to yourself?’Pearse Doherty, Sinn Féin, ag cur isteach ar fhreagra an Taoisigh, Sinn Féin, 10 Feabhra; ‘Get the violin’ – Gary Gannon, na Daonlathaithe Sóisialta, 11 Feabhra; ‘The Taoiseach is one arrogant man’ – Mary Lou McDonald, Sinn Féin, 24 Feabhra; ‘You are bullshitting as usual’ – Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, ag cur isteach ar fhreagra an Tánaiste, 26 Feabhra);
‘The Leinster House comedy club’ – Conor McGuinness, Sinn Féin, 26 Feabhra); ‘You had one job and you did not do it’ – Marie Sherlock, an Lucht Oibre, 17 Feabhra; ‘Sit down, you are a disgrace’ – John Brady, Sinn Féin, ag moladh don Taoiseach suí síos, 3 Márta;
Níor dhírigh an Leas-Cheann Comhairle a ghearán ar pháirtí áirithe. Ach léirigh cíoradh ar thuairisc oifigiúil na Dála in imeacht ceithre seachtaine go raibh Teachtaí Shinn Féin, agus an ceannaire Mary Lou McDonald san áireamh, chun cinn ar pháirtithe eile an fhreasúra agus iad ag cur isteach ar fhreagraí cheannairí an rialtais.
Sa tréimhse ón 10 Feabhra go dtí 5 Márta (an lá ar ar cuireadh an Dáil ar atráth roimh Lá Fhéile Pádraig), bhris Teachtaí ó Shinn Féin isteach ar fhreagraí an Taoisigh agus an Tánaiste 116 uair. Chuir Teachtaí ó na príomhpháirthe eile – an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Seachas Brabús – isteach ar a bhfreagraí 85 uair.
Ní foláir a rá agus trasnáil dá leithéid á plé nach briathra gan tairbhe a dúradh i gcónaí. Uaireanta, mar shampla, bhí soiléiriú á lorg ar cheist nó ar fhreagra ach níor bhain an chuid is mó den trasnáil lena leithéid.
Rómhinic áfach a chloistear cabaireacht pháistiúil, béicíl agus fonóid agus ceisteanna na gceannairí á bhfreagairt. Sin nó ráitis a léiríonn neamhaird ar bhuan-orduithe na Dála a thugann ar an gCeann Comhairle nó ar an té a bhíonn sa chathaoir ina hionad cur i gcuimhne don fhreasúra nach gceadaíonn ‘Ceisteanna ó Cheannairí’ ceisteanna ná ráitis ó neamhcheannairí.
‘Ara cén dochar,’ a déarfaidh corrléitheoir b’fhéidir ar léamh na línte thuas, ‘má sháraíonn Teachtaí Dála na rialacha agus má léiríonn siad easurraim ar a chéile ó am go ham? Cloistear caint bhríomhar ar chaon taobh uaireanta. Níl dualgas ar Theachtaí a bheith sollúnta ná dea-bhéasach i gcónaí.’
Níl gan dabht agus ní foláir a rá nach mbíonn gnáthdhíospóireachtaí Dála chomh teasaí leis na seisiúin a spreag gearán John McGuinness.
Sin ráite, is tábhachtaí ceisteanna na gceannairí, áfach, toisc go mbaineann siad le mórábhair nuachta a éilíonn diancheistiú agus éisteacht ghéar. Ní théann babhtaí ceistiúcháin ina mbíonn trasnáil, béicíl agus achasáin i réim chun tairbhe do dhuine ar bith, ainneoin an tsásaimh a bhaineann go leor polaiteoirí astu uaireanta.
Ceiltear cuid den raiméis ar an bpobal toisc nach fiú é a thuairisciú.
Bhí Teachtaí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael chomh ciontach as nuair a bhí siad sa bhfreasúra ach ní leor a mí-iompar roimhe seo mar leithscéal ar mhí-iompar reatha.
Is intuigthe an t-iontas a chuir clampar sa Dáil ar ghariníon John McGuinness. Ní cabaireacht pháistiúil ná trasnáil gan tairbhe ná cur amú ama a theastaíonn agus ceannairí an rialtais á gceistiú ag ceannairí an fhreasúra ach diancheistiú agus éisteacht ghéar.
Go háirithe agus ceisteanna tábhachtacha á gcur ar agus á bhfreagairt ar ár son.
Go háirithe agus ceisteanna tábhachtacha á gcur agus á bhfreagairt ag ionadaithe a fhaigheann tuarastal breá chun freastal dáiríre ar an bpobal a thogh iad.
Beartla
Focail mhóra agus mogaill fholmha ag liairní de pholaiteoirí ó chaon taobh.