Ní raibh iomrá ar bith ar ‘The World at War with Laurence Olivier’…

'World War II with Tom Hanks' an t-ainm atá ar shraith nua ar Sky History, sraith nua a phléann an stair ghránna chadránta

Ní raibh iomrá ar bith ar ‘The World at War with Laurence Olivier’…

Imíonn an t-am agus an imíonn an chuimhne ina chuideachta.

‘World War II with Tom Hanks’ an t-ainm atá ar shraith nua ar Sky History. Tá an chuid sin den abairt ‘with Tom Hanks’ tábhachtach; meallann ainm an aisteora chlúitigh an lucht féachana. Ní scéal leadránach faoin dara cogadh domhanda atá againn anseo ach scéal atá á insint ag réalt Saving Private Ryan, ar scannánaíodh cuid de in Éirinn, agus léiritheoir Band of Brothers agus The Pacific, dhá shraith faoi chúrsaí cogaíochta san Eoraip agus san Aigéan Ciúin a tharraing aird an phobail.

Beart cliste margaíochta atá ann ainm Hanks a cheangal leis an tionscnamh agus D-Day díreach á chomóradh. Tá fios a ghnóithe aige.

Ní dócha go bhfuil duine ar bith a throid sa chomhrac sin beo go fóill, rud nach ionann agus a rá nach bhfuil daoine ann a bhfuil cuimhne acu ar an tréimhse. Bhí m’athair féin ar dhuine de na páistí óga sin a aslonnaíodh as Béal Feirste le linn ionsaithe an Luftwaffe agus phós aintín de mo chuid G.I. a bhí lonnaithe sa chathair chéanna. Tá an scéal sin faoina deirfiúr ag mo mháthair, cailín óg ag an am, go fóill.

Ach an é sin atá de dhíth le lucht féachana a tharraingt, Tom Hanks? Beidh cuimhne agat, b’fhéidir, ar an tsraith iomráiteach teilifíse The World at War ar an tréimhse chéanna. Laurence Olivier a bhí ina reacaire sa tsraith sin ach ní raibh iomrá ar bith ar ‘The World at War with Laurence Olivier’ a thabhairt ar an fhiontar.

Insíonn sé sin a scéal féin faoi fhorbairtí teilifíse; tá réalt de dhíth ort le poiblíocht a ghiniúint, fiú d’imeachtaí móra staire. Is fiú a lua fosta go dtugann sraith Hanks le fios gur chóir don bhreathnóir a bhreithiúnas féin a dhéanamh nó tá íomhánna foréigin le feiceáil. I ndáiríre? Doiligh an scéal áirithe seo a insint gan a leithéid.

Ar ndóigh, síleann muid go bhfuil an scéal ar eolas againn ach ní miste ar chor ar bith go gcuirtear inár láthair arís é. Cur chuige traidisiúnta atá ann; cuireann Hanks na príomhphointí i láthair agus fágtar faoi staraithe gairmiúla imeachtaí na linne a fhorbairt.

Chuala muid mórán, ní nach ionadh, faoi chás truacánta na Polainne sa chéad chlár. Ag tús Mheán Fómhair 1939 a thosaigh ionsaí Hitler ar an tír sin agus bíodh is gur fhógair an Bhreatain agus an Fhrainc cogadh ar an Ghearmáin faoi cheann lá nó dhó den ionradh sin, níor ionsaigh siad an Ghearmáin láithreach ná níor chuidigh siad go díreach le fórsaí armtha na Polainne.

Ina áit sin, chleacht an Bhreatain agus an Fhrainc an ‘Suí-krieg’, is é sin, níor chorraigh siad as na hionaid chosanta a bhí acu ar theorainn na Gearmáine. Ní raibh sin ina chuidiú acu nuair a thosaigh an Blitzkrieg in 1940, ámh.

Chuala muid, in ainneoin na bolscaireachta, go raibh arm na Polainne armtha go maith agus go raibh dea-eagar ar a cuid trúpaí. Bhí siad in ann frithionsaí a lainseáil, gníomh a bhain preab as na Gearmánaigh agus a chuir a gcuid pleananna siúd as a riocht ar feadh tamaill bhig. Faraor, ní thiocfadh leo dúshlán an Wehrmacht a thabhairt ar a gconlán féin agus mhúch ionsaí fealltach Stailín cibé seans beag a bhí acu a gceann a thabhairt slán.

Scéal coscrach atá ann. Ní bhfuair oiread agus saighdiúir amháin de chuid na Breataine nó na Fraince bás sa Pholainn agus iad faoi ionsaí ag an Ghearmáin ach fuair na mílte saighdiúir Polannach bás ina dhiaidh sin sa Fhrainc, sa Bhreatain, san Iodáil, i dTuaisceart na hAfraice agus iad ag cuidiú leis an Bhreatain agus, ar íoróin ghránna an tsaoil, sa Rúis leis an Arm Dhearg.

An stair ghránna chadránta.

Fág freagra ar 'Ní raibh iomrá ar bith ar ‘The World at War with Laurence Olivier’…'