“Trust me, I am going to get you my clip from Ros na Rún!” an gealltanas a thug an láithreoir Conan O’Brien don aisteoir Éireannach, Andrew Scott, agus é ar cuairt aige ar a phodchraoladh aitheanta Conan Needs a Friend le deireanas. Bhí Scott ar cuairt ar an gclár agus poiblíocht á déanamh aige ar an scannán is deireanaí uaidh, Pressure.
Bíonn Conan ag caint go minic ar a oidhreacht Éireannach agus ní raibh sé féin agus Andrew Scott ach tosaithe ar an gcaint nuair a luaigh sé an mhír a rinne sé ar Ros na Rún. Thug Conan agus a chriú cuairt ar Éirinn lena chlár taistil sa mbliain 2024, agus d’éirigh leo cameo a fháil dó ar an sobalchlár Gaeilge.
Bhí ardmholadh ag O’Brien d’Andrew Scott agus thug sé duine de na haisteoirí is fearr sa domhan air, ach bhí rud amháin déanta aige féin nach bhfuil déanta ag an Éireannach – fós ar aon nós.
Ní fada nó go raibh an chlib tarraingthe aníos acu agus Conan istigh Tigh Thaidhg ag seachadadh balún.
Cén chaoi a raibh a chuid Gaeilge? a d’fhiafraigh cúntóir feidhmiúcháin Conan O’Brien, Sona Movsesian, d’Andrew tar éis an chlib a sheinm. “Absolutely beautiful!” a deir sé agus é thar a bheith béasach, “bualadh bos, as we say in Ireland”.
Scéal atá i scannán nua Andrew Scott faoin méid a thiteann amach sa 72 uair a’ chloig roimh ionsaithe D-Day agus faoin gcumarsáid idir an Ginearál Dwight D. Eisenhower agus an meitéareolaí an Captaen James Stagg (Andrew Scott) agus iad ag iarraidh cinneadh a dhéanamh an ngabhfaidh siad ar aghaidh leis an ionradh nó stop a chur leis.
Tá baint mhór ag scéal na haimsire ar D-Day le Cuan an Fhóid Dhuibh in Iorras i gcontae Mhaigh Eo. Níl an scannán feicthe fós agam agus níl a fhios agam an bhfuil tagairt dhó ann.
Bhí ról cinniúnach ag bean an phoist i gCuan an Fhóid Dhuibh, Maureen Sweeney, i stair D-Day. Is í a bhí ag taifeadadh na léamha ón mbaraiméadar agus an teirmiméadar ag stáisiún aimsire Chuan an Fhir Dhuibh i gCo. Mhaigh Eo. Cé go raibh seasamh neodrach againn sa chogadh, bhí cead tugtha ag Éamon de Valera leis na toisí aimsire a roinnt leis na Comhghuaillithe.
Ar an 5 Meitheamh, 1944, a bhí an t-ionadh mór beartaithe ag Eisenhower i dtosach báire, ach cuireadh ar athló é tar éis do Maureen a thuairisciú go raibh titim mhór sa lagbhrú ar an 3 Meitheamh. Thug sé seo le fios dóibh go raibh stoirm ar an mbealach. Socraíodh D-Day a chur siar go dtí an 6 Meitheamh, 1944, dá bharr.
Spreag scéal Mhaureen, a bhásaigh i mí na Nollag, 2023 agus í 100 bliain d’aois, leabhar do pháistí The Weather Girls le Sarah Webb a d’fhoilsigh O’Brien’s Press in 2024 agus a ghnóthaigh ainmniúchán do Leabhar na Bliana do Pháistí an bhliain chéanna.
***
Bunú Teilifís na Gaeilge, nó TG4 mar atá anois air, i 1996, atá mar ábhar ag eagrán 2 Meitheamh den chlár raidió Witness History atá á chur i láthair ag Lorcan Clancy ar an BBC World Service.
Ba í Sinéad Ní Ghuidhir an chéad duine a labhair ar an gcainéal nua agus déanann sí cur síos sa chlár ar an gcaoi ar airigh sí an oíche sin.
Tá meascán d’ábhar cartlainne agus tuairiscí tugtha sa chlár agus beagán de chúlra an stáisiúin chomh maith le hachoimre ar stádas na Gaeilge in Éirinn.
Bhí a cuid línte de ghlanmheabhair ag Ní Ghuidhir, a deir sí sa ngiota cainte agus ní raibh uaithi, a deir sí, ach é a rá go glan soiléir gan titim ar na focail ná ar a cosa. Rinne sí thar cionn, ar ndóigh, agus cloistear na línte a dúirt sí agus anonn léi ansin go dtí Ailbhe Ó Monacháin.
Labhraíonn sí le Lorcan Clancy faoi na sceitimíní a bhí uirthi an chéad oíche sin.
Fág freagra ar 'Cara sa chúirt ag Conan O’Brien, stair sheoladh TnaG ar ‘World Service’ an BBC'