Íocadh €40,000 ar phictiúr dar teideal Mass in a Connemara Cabin, leis an ealaíontóir Aloysius C O’Kelly, ag ceant a bhí ar bun i mBaile Átha Cliath le gairid.
Treoirphraghas idir €20,000 agus €30,000 a bhí luaite ag na ceantálaithe Whyte’s leis an uiscedhath, atá 42cm ar airde agus 57cm ar leithead, agus a rinneadh thart ar an mbliain 1883.
Tá leagan den phictiúr céanna, a rinneadh in ola, ar taispeáint i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Thart ar €50,000 a tugadh ar Mass in a Connemara Cabin le biseach an cheannaitheora agus CBL san áireamh
Sa bpictiúr, tá scór daoine, fir, mná agus páistí, ar a nglúine os comhair sagairt óig agus é ag ceiliúradh an Aifrinn i seomra beag, an nós ar a tugtar na Stáisiúin agus a bhíodh á chleachtadh i bparóistí go leor timpeall na hÉireann go dtí le gairid.
Ní fios cén áit i gConamara atá i gceist sa bpictiúr.
Taispeánadh an pictiúr den chéad uair sa Watercolour Club i Nua-Eabhrac (áit a raibh cónaí ar O’Kelly ó 1895) sa mbliain 1899 agus bhí sé i dteach reachtaire sa gcathair sin go dtí gur cuireadh é ar taispeáint sa Gorry Gallery i mBaile Átha Cliath in 2005.
Thug an ceantálaí Ian Whyte le fios go mbeidh an pictiúr ag filleadh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar is bailitheoir de bhunadh na hÉireann sa tír sin a cheannaigh é ag an gceant.
Rugadh Aloysius C O’Kelly i mBaile Átha Cliath in 1853 agus bhog sé go Londain le linn a óige. In 1874 chuaigh sé go Páras le staidéar a dhéanamh ar an ealaín agus ina dhiaidh sin chaith sé tamall ag péintéireacht sa mBriotáin.
Ag tús na 1880idí, ceapadh é ina ‘ealaíontóir speisialta’ ag an Illustrated London News agus é mar phost aige léirithe d’imeachtaí in Éirinn a sholáthar don iris sin.
Bhí an-tóir ar an nuachtán úd ag an am agus na céadta míle cóip de á ndíol chuile sheachtain.
Is ag léiriú gníomhaíochtaí Chonradh na Talún in iarthar na hÉireann a chaith O’Kelly go leor dá chuid ama. Foilsíodh léirithe leis san Illustrated London News ag taispeáint eachtraí i Ros Comáin, i nGaillimh is i Maigh Eo, díshealbhú i mBéal an Mhuirthead ina measc.
Níl na léirithe seo ar aon dul leis na scigléirithe de mhuintir na hÉireann a bhíodh á bhfoilsiú in irisí Sasanacha eile ag an am, leithéidí Punch agus Blackwoods Magazine.
Agus tá daoine den tuairim gurbh amhlaidh a bhí O’Kelly ina chuid pictiúr in ola agus sna huiscedhathanna a rinne sé in Éirinn ag troid i gcoinne an tslí a mbíodh muintir na hÉireann á gcur os comhair mhuintir Shasana i ré Victoria, mar dhream leisciúil, díomhaoin arbh orthu féin a bhí an milleán faoina gcuid bochtanais.
Níl aon rian den bhochtanas ná den drochbhail a bhí curtha ar Chonamara ag na tiarnaí talún agus ag an nGorta Mór is gortaí eile le feiceáil sa dá leagan den phictiúr ‘Mass in a Connemara Cabin’.
Ba náisiúnaithe a bhí i muintir Aloysius C O’Kelly agus bhí deartháireacha leis sna Fíníní. Ina cur síos ar an bpictiúr sa gcatalóg don cheant, deir an staraí ealaíne Niamh O’Sullivan go bhféadfadh bunús polaitiúil a bheith leis an bpictiúr chomh maith. Ba mhinic cruinnithe polaitiúla a bheith ann tar éis an Aifrinn sna tithe.
Tá cóipeanna den leagan ola de ‘Mass in a Connemara Cabin’ atá ar taispeáint sa nGailearaí Náisiúnta ar díol i siopa an ghailearaí agus bíonn díol leanúnach air, a thug lucht an tsiopa le fios. Is léir go bhfuil brí agus cumhacht ag baint leis an bpictiúr seo i gcónaí.
Ag an gceant céanna, íocadh an praghas is airde – €230,000 (€286,580 le biseach an ceannaitheora agus CBL san áireamh) – ar an bpictiúr ‘Dapping on Lough Mask’, a rinne Paul Henry idir na blianta 1928 agus 1936.
Fág freagra ar 'Aifreann i gConamara díolta €40,000'