Tá sé seacht mbliana ó toghadh Volodymyr Zelensky ina uachtarán ar an Úcráin agus de réir na pobalbhreithe is déanaí ó Institiúid Socheolaíochta Chív i mí Aibreáin, tá muinín ag 58% den phobal as. Is cúis éada tacaíocht dá leithéid i measc ceannairí i dtíortha daonlathacha ag am go bhfuil Keir Starmer ag 31%, Donald Trump ag 40%, Emmanuel Macron ag 21%, Friedrich Merz ag 20% agus Micheál Martin ag 39% de réir pobalbhreitheanna. De ghnáth bíonn leibhéal tacaíochta idir 60% agus 80% ag Zelensky i bpobalbhreitheanna in iarthar na hEorpa. Tá meas forleathan ar a chrógacht phearsanta agus a dhiongbháilteacht ag seasamh an fhóid ar son a thíre fiú nuair a bhí an chuma ar an scéal go dtitfeadh Cív agus go bhfaigheadh an Rúis greim ar an Úcráin ar fad. Ach ina ainneoin seo ar fad má éiríonn le Zelensky deireadh a chur leis an gcogadh agus socrú síochána a bhaint amach, creidim nach mbuafaidh sé an chéad toghchán uachtaránachta eile ina dhiaidh sin.
Bhí an-mheas ag na Briotanaigh ar Winston Churchill mar cheannaire cogaidh ach fós féin chaith siad amach as oifig é tar éis an dara cogadh domhanda agus creidim go dtarlóidh an rud céanna do Zelensky. Tá sé an-soiléir d’éinne a chaitheann am ar bith ag caint le hÚcránaigh go ndéanann siad deighilt idir Zelensky ina ról mar cheannaire cogaidh, agus Zelensky ina ról maidir le riaradh inmheánach na hÚcráine. Oidhreacht choiteann atá ag an Rúis agus an Úcráin ó ré an Aontais Shóivéadaigh is ea an chaimiléireacht.
Tá an chaimiléireacht fite fuaite i bpolaitíocht agus i sochaí na hÚcráine le fada an lá. Bhí baint mhór ag ‘Réabhlóid na Dínite’ nó ‘Réabhlóid an Euromaidan’ in 2014 san Úcráin le fearg an phobail faoi chaimiléireacht an Uachtaráin Viktor Yanukovych.
Nuair a d’éirigh le léirsitheoirí agus iriseoirí rochtain a fháil ar a áitreabh cónaithe tar éis dó teitheadh, d’aimsigh siad eastát príobháideach 140 heicteár ina raibh zú príobháideach, galfchúrsa, crainn solais ar luach €39 milliún agus go leor eile a bhí faighte aige ar chostas an stáit. Fuarthas fianaise go raibh na billiúin euro goidte aige fhéin agus a chairde ón stát, agus go leor de sin aistrithe go cuntais thar sáile. Bhí dóchas ann an t-am sin go raibh deireadh le ré na caimiléireachta san Úcráin ach níor fíoraíodh an aisling sin agus faoi 2019 bhí an pobal dubh dóite den aicme pholaitiúil arís.
B’in an uair a chuir Volodymyr Zelensky é fhéin i láthair an phobail – ar nós Trump i Meiriceá – mar dhuine ón taobh amuigh den chóras polaitiúil a bhí chun an pholaitíocht a ghlanadh agus an fód a sheasamh ar son na cosmhuintire. Ar nós Trump ní raibh taithí ar bith aige sa pholaitíocht agus ar nós Trump bhí cáil air mar phearsa teilifíse. Sheas Zelensky ar chlár toghchán inar gheall sé deireadh a chuir leis an gcogadh leis an Rúis in oirthear na tíre agus deireadh a chur leis an gcaimiléireacht. Bhuaigh sé mandáid ollmhór le 73% den vóta sa dara babhta den toghchán uachtaránachta agus tromlach freisin don pháirtí a bhunaigh sé sna toghcháin don Rada nó an Pharlaimint. Ach arís eile níor fíoraíodh an aisling do mhuintir na hÚcráine agus níor éirigh le Zelensky deireadh a chur leis an gcogadh nó dul chun cinn mór a dhéanamh i gcoinne na caimiléireachta. Faoi mhí Feabhra 2022 bhí a thacaíocht tite go dtí 37%.
Ansin tharla mór-ionradh na Rúise, agus thuill Zelensky cáil sa bhaile agus thar lear as ucht diúltú teitheadh ó Chív fiú agus an chuma ar an scéal go raibh a rás rite. Léim a ráta tacaíochta san Úcráin go dtí 90% agus níor thit sé riamh faoi bhun 50% ó shin i leith. Ach ní féidir pobalbhreitheanna faoi cheannaire i dtír dhaonlathach a bhfuil ionradh á dhéanamh uirthi a léamh ar nós pobalbhreitheanna in aimsir síochána. Táim tar éis labhairt le go leor Úcránach a deir go dtacaíonn siad le Zelensky nuair atá an bhéim sa chomhrá ar an gcogadh, ach ansin má fhiafraím díobh an vótálfadh siad dó i dtoghchán tar éis an chogaidh bíonn sé deacair freagra díreach a fháil uathu. Is léir dom go bhfuil go leor Úcránach ag tabhairt a gcuid tacaíochta ‘ar iasacht’ do Zelensky agus go gcreideann siad tríd is tríd gur ceannaire cogaidh éifeachtach é agus gurb é an rud ceart é tacú le ceannaire na tíre agus an tír faoi ionsaí. Ag an am céanna, áfach, aithnítear go forleathan nach bhfuil Zelensky tar éis na gealltanais a rinne sé maidir le deireadh a chur le caimiléireacht a chomhlíonadh. A mhalairt glan – tá go leor daoine gar do Zelensky sáite i scannail chaimiléireachta. Tá beirt airí rialtais tar éis éirí as, tá iarleas-phríomhaire cúisithe, tá a iarcheann foirne Andriy Yermak faoi amhras agus á fhiosrú chomh maith lena sheanchara le fada an lá, an fear gnó Timur Mindich. Níl Zelensky fhéin á fhiosrú ach tá imdhíonacht aige agus é ina uachtarán agus tá sé deacair do dhaoine a chreidiúint nach raibh eolas ar bith aige faoi aon cheann de na scannail éagsúla.
Is cúis dóchais d’Úcránaigh go bhfuil na forais fhrithchaimiléireachta neamhspleácha sa tír ag déanamh a jab agus ag dul sa tóir ar dhaoine cumhachtacha gan scáth ná faitíos fiú agus an tír ag troid i gcoinne ionradh na Rúise. Is cúis dóchais dóibh ról na meán cumarsáide atá ag tabhairt go leor de na scannail seo chun solais. Is cúis dóchais freisin go ndeachaigh daoine ag agóidíocht ar na sráideanna i gcoinne Zelensky nuair a rinne sé iarracht deireadh a chur le neamhspleáchas na bhforas frithchaimiléireachta mí Iúil 2025 agus gur chúlaigh Zelensky ón bplean de bharr an bhrú sin.
Ach a lán de na gníomhaithe agus na hiriseoirí atá ag dul dian ar Zelensky faoi na cúrsaí seo, is iadsan an dream céanna a chosnóidh é go fíochmhar i gcoinne mhaslaí Trump nó bolscaireacht na Rúise. Agus níor bhuail mé fós le hoiread is Úcránach amháin, pé rud a cheapann siad faoi Zelensky, nach nglacann leis gur fíric oibiachtúil é nach féidir toghchán féaráilte a reáchtáil le linn don Rúis a bheith ag déanamh ionradh ar an tír, agus nach nglacann leis gurbh é Zelensky uachtarán dlisteanach na tíre.
Níor atoghadh uachtarán ar bith don dara téarma as a chéile san Úcráin riamh.
Tá muintir na hÚcráine ag iarraidh go gcríochnódh Zelensky a jab mar cheannaire cogaidh ach ní bheidh drogall ar bith orthu bata agus bóthar a thabhairt dó ina dhiaidh sin, dar liom. Tá cás amháin, b’fhéidir, ina bhféadfadh sé toghchán iarchogaidh a bhuachan. Abair go raibh sos cogaidh ann agus gur éiligh Putin agus Trump go mbeadh toghchán ann chun mandáid a thabhairt do pé duine a bheadh i mbun cainteanna síochána, agus dá mbeadh sé soiléir do mhuintir na hÚcráine gur ag iarraidh fáil réidh le Zelensky a bhí siad, tá seans sa chás sin go gcuirfeadh siad cosa i dtaca mar léiriú ar a neamhspleáchas. Ach bhraithfeadh sé ar cé eile a bheadh san iomaíocht. Tá meas forleathan san Úcráin ar iarcheannasaí fhórsaí armtha na hÚcráine, Valerii Zaluzhnyi atá anois ina ambasadóir go Londain agus bheadh muinín ag an bpobal as go seasfadh sé an fód ar a son gach pioc chomh diongbháilte le Zelensky in aon chainteanna síochána. Seans go mbeadh sé críonna do Zelensky gan seasamh don uachtaránacht arís tar éis an chogaidh.
Sa chás sin measaim go gcuimhneofaí air go príomha mar cheannaire cogaidh a bhí cróga éifeachtach agus go maithfí a theipeanna (nó a pheacaí?) dó.
Ach is druga an chumhacht agus is annamh go n-aithníonn ceannairí polaitiúla an t-am ceart chun í a thabhairt suas.
An tSean Commie Bocht
Ta na droch rudaí faoi Zelensky fíor ach níl na rudaí maithe.