Ní haon iontas é gur cúrsaí iománaíochta atá idir chamáin againn an tseachtain seo ar An Pod Spórt agus an uile dhuine ag súil go mór leis an gcath Cois Laoi idir Corcaigh agus Luimneach i gCúige Mumhan agus cluiche ceannais Chúige Laighean i bPáirc an Chrócaigh, mar a mbeidh Áth Cliath ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh chun Corn Bob O’Keefe a thabhairt leo den chéad uair ó 2013.
Linn chun réamhanailís a dhéanamh ar an dá chluiche mór, tá John Allen, iarimreoir agus iarbhainisteoir le Corcaigh a bhí ina bhainisteoir chomh maith ar Luimneach agus Mark Foley duine de na himreoirí is fearr a bhí ag Luimneach riamh.
Insíonn siad dúinn cá mbeidh an difríocht idir bris is bua ag an deireadh seachtaine agus tráchtann siad ar an mealladh a bhaineann le bheith ag féachaint ar dhráma nach bhfuil an script scríofa go fóill dó. Pléitear chomh maith cinneadh Derek Lyng éirí as mar bhainisteoir ar Chill Chainnigh agus an tábhacht a bhaineann le Cluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh idir Ceatharlach agus Laois.
Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Corcaigh v Luimneach – ag súil leis an dráma mór nach bhfuil aon script scríofa dó'