Tá mé suite san áit a luaigh mé roinnt seachtainí ó shin, i gceartlár Carolina Thuaidh, lárionad an Triantáin Taighde, mar a thugtar air. Faraor, ní mórán taighde a bhí mé féin in ann a dhéanamh ó thuirling m’eitleán. Thaistil mé le Aer Lingus ar bhealach nua ‘díreach’ atá curtha ar bun acu idir Baile Átha Cliath agus Raleigh/Durham. Is mór an buntáiste é an turas a dhéanamh gan briseadh de shaghas ar bith, i Nua-Eabhrac, Washington nó a leithéid.
Ní leisce a bhí orm i ndáiríre ach an gcreidfeá gurb í an nuacht chéanna beagnach a gheobhaidh duine an taobh seo den Atlantach agus a fhaigheann muidne thall sa mbaile? Táimid ar fad dírithe ar an gcogadh leis an Iaráin agus ar Uachtarán Mheiriceá agus an ráiteas is deireanaí óna bhéal.
Cinnte beidh scéal nó dhó agam daoibh as Washington an tseachtain seo chugainn.
Idir an dá linn shíl mé go n-inseodh mé scéal de chineál eile ar fad.
Is minic ráite é nach n-éiríonn Meiriceánaigh as an obair. Má fhéadann siad ar chor ar bith coinníonn siad orthu ag baint lá amach ag déanamh rud éicint, bíodh pá maith as nó ná bíodh.
Casadh duine acu sin orm an lá cheana, d’iarr mo dheartháir chuig lón mé le beirt iar-chomhghleacaithe dá chuid féin.
Chas mé le duine acu cheana, i dtús na nóchaidí ceapaim, nuair a casadh mo dheartháir orm, gan choinne, i gcathair Iarúsailéim. Bhí mise i mbun clár teilifíse faoin gcathair ársa sin agus bhí seisean ag freastal ar chomhdháil leighis ann.
Bhí a fhios agam go mbeadh sé ag ithe dinnéir oíche amháin i mbialann a cheap mé a bhain leis an gcultúr Airméanach. Ní raibh a fhios agam go baileach cá raibh an bhialann, ach nuair a shiúil mé isteach i gceann a raibh ‘bia na hAirméine’ scríofa ar an doras ann, nach raibh sé féin agus beirt nó triúr eile ann romhainn.
An oíche é sin i Iarúsailéim chuir sé in aithne mé don fhear áirithe seo a bhí sinsearach go maith san Ospidéal agus san Ollscoil in Chapel Hill, Carolina Thuaidh. (Go deimhin, chuir an fear seo na múrtha fáilte roimh an deartháir nuair a chuaigh sé go Meiriceá mar dhochtúir óg ar imirce as an tír seo agus d’fháiltigh roimhe isteach ar a fhoireann taighde agus leighis féin.)
Ag an am sin, bhí cáil ar an ospidéal, agus go háirithe ar mo dhuine a bhí i gceannas ar fhoireann taighde ann, mar gheall ar an dul chun cinn a bhí déanta acu chomh fada agus a bhain leis an ngalar Fiobróis Chisteach. Ba chosúil go raibh daoine ag maireachtáil i bhfad ní b’fhaide ansin ná mar a bhí in Éirinn, mar shampla.
Ar aon nós choinnigh an fear seo ag obair anuas trí na blianta go dtí go ndeachaigh sé amach ar scor, cúpla bliain ó shin.
Ach ní hin le rá go bhfuil sé éirithe as go hiomlán, choinnigh sé air i mbun taighde agus ní léir fós go bhfuil sé tar éis an oifig a thréigean.
Ag an lón an lá cheana i gCarolina Thuaidh, d’inis sé scéalta dúinn faoina shaol sna seascaidí agus sna seachtóidí nuair a bhí Cogadh Vítneam faoi lán seoil. Ní raibh sé ach ina mhac léinn leighis nuair a fuair sé a uimhir don chlárú míleata – an ‘Draft’. D’fhéach sé ar an uimhir, sna 200í agus fios maith aige go raibh gach seans ann go nglaofaí suas air. Mar mhac léinn leighis, chuirfí amach i lár na cogaíochta é ag freastal ar na riachtanais leighis agus drochsheans go bhfillfeadh sé ar an mbaile go deo arís.
D’fhiosraigh sé an raibh aon bhealach go bhféadfadh sé a chuid staidéir leighis a chríochnú. An freagra a fuair sé ná nach raibh, ach amháin dá liostálfadh sé dá dheoin féin san aerfhórsa.
Rud a rinne sé. Fáiltíodh roimhe isteach san aerfhórsa agus cuireadh ag obair é i Meiriceá, seachas é a chur caol díreach go Vítneam. Chríochnaigh sé a chuid staidéir agus le linn a chuid ama ag obair i mbunáit Andrews, casadh go leor daoine spéisiúla air, dúirt sé.
D’inis sé dúinn gur casadh fear amháin air – Fred Cherry- a chuaigh i bhfeidhm go mór air. Píolóta Afracach-Meiriceánach a bhí ann a gortaíodh go han-dona nuair a cuireadh a eitleán go talamh agus fuair sé an-drochíde sa phríosún ar tugadh an ‘Hanoi Hilton’ air ina dhiaidh sin. Bhí ár gcara ar an bhfoireann a chuir cóir leighis air nuair a d’fhill na príosúnaigh [POWs] ar fad ar na Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Blianta ina dhiaidh sin, rinne an t-aisteoir Tom Hanks scannán faisnéise faoi ghrúpa saighdiúirí a d’fhill abhaile ón gcogadh ach a raibh scéal drámatúil le n-inseacht acu. (Bhí an polaiteoir cáiliúil John McCain, atá ar shlí na fírinne anois, ar dhuine acu.) Agus bhí an fear a raibh ár gcara ag cur cóir leighis air, Fred Cherry, ina measc freisin. Toisc gur fear den chine dubh a bhí ann, chuir na Vítneamaigh Thuaidh i gcillín é sa ‘Hanoi Hilton’ in éindí le saighdiúir Meiriceánach eile, fear den chine geal, arbh as Stát Deisceartach é. Bhíodar cinnte go maróidís a chéile nó ar a laghad go dtitfidís amach go láidir. A mhalairt ar fad a tharla. Thug an fear geal aire na huibhe don fhear dubh agus chuir ar ais ar a chosa é.
Nuair a scaoileadh saor iad, agus nuair a tugadh ar ais go Bunáit Andrews iad, tháinig Fred Cherry faoi chúram ár gcara agus d’éirigh siad an-chairdiúil lena chéile.
Return with Honor an teideal atá ar scannán Tom Hanks, scannán a fuair ardmholadh nuair a tháinig sé amach sa mbliain 1999.
Agus a scéal inste aige, bhí ár gcara réidh lena lón. Níor ith sé an oiread sin agus i bhfaiteadh na súl bhí an fuílleach curtha isteach i mbosca plaisteach aige le tabhairt abhaile.
Ní raibh sé i bhfad tagtha abhaile ó shaoire sna Páirceanna móra poiblí in iardheisceart Mheiriceá, an Grand Canyon ina measc. Bhí sé ag déanamh staidéir ar áiteacha suimiúla eile a mb’fhéidir a ngabhfadh sé ar saoire iontu an chéad bhliain eile – na ‘Stans’ mar shampla [An Chasacstáin, An Chirgeastáin, An Úisbéiceastáin agus a leithéidí).
Ach idir seo agus sin, tá sé le cuairt a thabhairt ar Florida. Tá iarscoláire dá chuid ag léamh páipéar taighde ann ag comhdháil mhór leighis (American Thoracic Society Conference) agus beidh sé féin ansin i lár an aonaigh. Deir mo dheartháir go bhfuil sé ag tarraingt ar 81 bliain d’aois.
Fág freagra ar 'An fear a chuir cóir leighis ar POW an Hanoi Hilton'