Bhí mé ag smaoineamh go minic ar shábháilteacht uisce le gairid, go háirithe ón uair a chuala mé an t-iriseoir Lara Marlowe ag trácht ar an eachtra a tharla di féin sa Fhrainc.
Ba chosúil go raibh sí ag snámh amach ón trá ar chósta thiar na Fraince, agus nuair a chas sí ar ais, le dul i dtreo na trá arís, chinn sé uirthi a bealach a dhéanamh ann.
D’airigh sí í féin ag cailleadh nirt agus an t-aon rud a bhí sí in ann a dhéanamh, ná casadh ar a droim. Ní raibh sí ag déanamh aon dul chun cinn agus dúirt sí léi féin ‘is mar seo a gheobhaidh mé bás’.
Tháinig cara léi i gcabhair uirthi agus thug héileacaptar chuig an ospidéal í.
Gach lá den samhradh breá seo, a bhfuilimid ar fad ag baint an oiread sin taitnimh as, téann daoine i gcontúirt agus glaoitear amach ar na seirbhísí éigeandála go minic. Tharla eachtra an-chosúil leis an scéal sin thuas gar go maith don áit a dtéann muid fhéin ag snámh ar an gCarraig Dhubh gach lá.
D’fhéadfadh sé a bheith ina thragóid iomlán murach go bhfaca duine de na snámhaithe rud neamhghnách agus í ag trasnú an droichid, thar an líne traenach. Bhí sí píosa maith ón bhfarraige, ach bhí léargas breá aici ó bharr an droichid.
‘Tá bean thíos ansin (sa bhfarraige) agus measaim go bhfuil sí i sáinn,’ a dúirt sí agus rith síos i dtreo na farraige. Gan fiú amháin na bróga a chaitheamh di, isteach léi agus chuaigh chomh fada leis an mbean. Bhí sise ar a droim agus á caitheamh isteach is amach ar na carraigeacha, gan aon seans aici i féin a tharraingt amach as. Bhí an mothú imithe aisti.
Chuaigh beirt eile de na snámhaithe i gcabhair ar an gcéad bhean. Ar deireadh bhrúigh siad isteach ar thalamh tirim í.
Tháinig na seirbhísí éigeandála ach ní ghlacfadh an bhean le cabhair ar bith. Tarlaíonn sin go minic freisin– is cineál ‘suaitheadh’ a bhíonn ann.
Dúirt an dream a tháinig i gcabhair ar an snámhaí, le mo chara – díreach ag cur comhairle uirthi – gur cheart di an glaoch práinne a dhéanamh i dtosach sula ndeachaigh sí féin isteach sa bhfarraige. Mar phrionsabal, ba chóir an chabhair a iarraidh ó na daoine gairmiúla sa gcéad áit.
Bhí mo chara scríobtha ó na glúine síos ag na carraigeacha agus tá a dá cos clúdaithe le bindealáin ó shin.
Bhí an dá scéal ag dul timpeall i m’intinn ar feadh na seachtaine. Thosaigh mé ag tabhairt faoi deara cé chomh minic is a bhí daoine ag dul sa seans. Dhá lá ina dhiaidh sin, agus muide ag fáil faoi réir le dul amach sna báid dragan, bhíomar ciaptha ag slua daoine óga a bhí ag léimt isteach is amach sa Duga, beag beann ar bháid, ar ‘throscán’ an Duga agus ar an bpontún s’againne.
Chuireamar fainic orthu gan a bheith ag léimt chomh gar sin dúinne agus fiú amháin chomh gar don phontún, a bhíonn ar snámh in aghaidh bhalla an Duga.
‘D’fhéadfadh sibh titim isteach sa spás cúng sin agus beidh sibh brúite idir an balla agus an pontún,’ a duirt muid agus scanradh orainn féin.
‘Ó beidh muide ceart go leor, tá snámh againn, beimid in ann tumadh faoi,’ a dúirt duine acu. Choinníodar orthu.
Thosaigh siad ag casaoid. Bhíomar ag cur isteach ar an spraoi, a dúradar. D’airigh mé duine acu ag rá ‘go raibh sé de cheart acu a rogha rud a dhéanamh’. Sórt ceist chearta an duine, más maith leat.
‘Tá a fhios acu uilig faoina gcuid ceart,’ arsa an bhean a bhí le mo thaobh sa mbád. Bhíodh siopa grósaera aici féin agus a fear go dtí gur éiríodar as. Bhíodar céasta ag daoine óga ag rith isteach agus ag goid ón siopa. Sheas sí os comhair duine acu lá agus d’fhógair sí go raibh a fhios aici go raibh seisean ag goid uaithi, nach raibh an fhianaise aici ar an CCTV?
‘Is cuma liom,’ a dúirt seisean. ‘Tá mise neamhchiontach, beidh me ag caint le mo ‘brief’ faoi seo.’
Bhí go leor cainte ar siúl na laethanta sin faoin Aire O’Callaghan a bheith ag tabhairt dúshlán na ndlíodóirí faoin gcostas a bhain leis an scéim dlí ‘saor in aisce’. Ach an raibh a fhios ag an saol mór go raibh ‘briefs’ ag leads óga na Canálach Móire?
Agus is fíor do mo chara, tá eolas ag gach éinne faoina gcuid ceart anois.
Scéilín eile ón bhfarraige. Tharla sé seo díreach san áit a dtéann muide ag snámh. Tá céimeanna agus ráille – ar son sábháilteachta – ag dul síos ón mballa isteach sa bhfarraige. Tharla an lá seo go raibh bean óg thíos ag íochtar na gcéimeanna agus greim ‘an fhir bháite’ aici ar an ráille. Ní raibh tada mícheart léi ach bhí sí sa mbealach ar gach duine a bhí ag iarraidh dul ag snámh.
D’iarr mé uirthi an bealach a fhágáil saor do na snámhaithe eile. ‘Ó caithfidh sí fanacht i ngreim an ráille,’ arsa cara léi a bhí ag snámh amach uainn. ‘Níl sí in ann snámh.’
‘Ba chóir di fanacht glan ar an áit seo, mar sin,’ a dúirt mé féin. ‘Tá sé contúirteach, níl ann ach lá no dhó ó shin a chuaigh bean gar go maith dá bá nuair a caitheadh isteach ar na carraigeacha í.’
‘Ó beidh sí ceart go leor, ná bíodh aon imní ort,’ a mhaígh an cara arís.
‘Tá mise in ann snámh agus sábhálfaidh mé í.’
‘Agus ar aon nós, tá sé de cheart againn snámh aon áit is mian linn.’
Sea, tá a gcuid ceart ar eolas acu, ach níl cliú acu faoi céard is ‘ceart’ a dhéanamh.
Fág freagra ar '‘Tá sé de cheart againn snámh aon áit is mian linn’'