Ceol agus caint ar Camino Glen Hansard
Dúirt an ceoltóir Liam Ó Maonlaí ar An Saol Ó Dheas ar RnaG an tseachtain go raibh aithreachas ar Glen Hansard nár fhoghlaim sé i gceart an Ghaeilge.
Ach ní hin le rá nach raibh cúpla focal ag an amhránaí cáiliúil a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste ghluaisrothair an tseachtain seo.
Ní foláir gur fhoghlaim sé roinnt Gaeilge in 2016 nuair a rinne sé cuid de ‘Camino na Sáile’ ó Gheata San Séamus, cois Life, go Santiago de Compostella sa Spáinn le criú naomhóige an Naomh Gobnait.
Bhíodh míreanna rialta An Saol Ó Dheas le criú an Naomh Gobnait ag an am agus chur an láithreoir Helen Ní Shé, mar dhúshlán orthu cora cainte dúchasacha Duibhneacha a mhúineadh dá leathbhádóir ó Bhaile Munna san ardchathair.
Nuair a labhair Glen Hansard leis An Saol ó Dheas ó Lekeitio i dTír na mBascach i mBealtaine 2016 bhí ‘tarraing a bhastairt!’ tugtha leis aige ó achainíocha Bhreanndáin Uí Bheaglaoich, duine eile den chriú.
Ach ag deireadh na míosa sin, agus iad buailte le cé ag Castro Urdiales, dúirt siad beirt leagan an-bhreá ‘d’Óró mo Bháidín’ le chéile ar an gclár.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
An Ghaeilge tagtha go Disneyland Paris
Tá an Ghaeilge tagtha go Disneyland Paris agus comharthaí ‘Fáilte’ agus ‘Slán go fóill’ curtha leis an mharcaíocht siamsaíochta cháiliúil ‘It’s a Small World’ le deireanas.
Chruthaigh Disney ‘It’s a Small World’ don World’s Fair i Nua-Eabhrac sna blianta 1964/65. Coimisiún de chuid UNICEF a bhí ann le ceiliúradh a dhéanamh ar shíocháin idir páistí an domhain. An téama a bhí ag an aonach domhanda an bhliain sin ná ‘síocháin trí thuiscint’.
Cur i láthair simplí atá ann ina dtéann cuairteoirí ar bháid bheaga a théann trí thaispeántais a thugann léiriú ar thíortha agus cultúir éagsúla.
Tar éis an aonaigh, aistríodh an mharcaíocht go Disneyland i gCalifornia agus is ann atá sé i gcónaí. Rinneadh leaganacha eile di ina dhiaidh sin, Disneyland Paris ina measc.
Cuireadh na comharthaí Gaeilge leis an comharthaí ilteangacha atá le feiceáil mar thoradh ar iarrachtaí Stuart McHugh, Éireannach atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur san áireamh sa taispeántas le dhá bhliain anuas. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do McHugh agus chuaigh sé go dtí bunscoil Ghaeilge.
Cruthaíonn McHugh ábhar ar líne agus tugann sé cuairt ar pháirceanna Disney go minic. I bhfíseán a roinn sé ar Instagram @diptipsforIrish, mhínigh sé gur thug sé faoi deara nach raibh an Ghaeilge i measc na dteangacha a bhí le feiceáil ar an taispeántas ‘It’s a Small World’.
Ó shin i leith, tá an cheist á lua aige le haon Éireannach a d’oibrigh le Disney a casadh air. Ba léir go raibh ríméad ar McHugh nuair a chonaic sé go raibh an Ghaeilge curtha leis an taispeántas agus chuir sé físeán amach ag fáiltiú roimh na comharthaí nua.
“Fáilte and Slán go Fóill, we did it! Thank you to everyone at Disneyland who had a hand in this. You’ve made us proud, you’ve made me proud. Go raibh míle maith agaibh!”
Bridget Bhreathnach
Fág freagra ar 'Cora cainte Glen Hansard, Fáilte go Disneyland, Páras…'