Bua Mhaigh Eo – slán go deo le brón is buairt…

Déanann scríbhneoir as Maigh Eo ceiliúradh ar bhua a chontae i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le 75 bliain

Bua Mhaigh Eo – slán go deo le brón is buairt…

Deirtear go dtagann rudaí maithe chuig an té a bhfuil foighne aige.

I gcás Mhaigh Eo, bhí orainn fanacht 75 bliain le fíorú an ráitis sin ach b’in mar a tharla ar an Domhnach seo caite.

Ar ndóigh, is trom é ualach na staire agus is liosta le háireamh iad líon na bpeileadóirí den scoth a d’imir le Maigh Eo thar na blianta, leithéidí Willie Joe Padden, Liam McHale, James Horan, Ciarán McDonald agus laochra cróga eile nach iad, nach raibh i ndán dóibh ach an mí-ádh agus an briseadh croí sna cluichí ceannais a shroicheadar chomh rialta sin thar na blianta.

Ach is léir dúinn anois gur shocraigh an bainisteoir Andy Moran agus a fhoireann ualach na dteipeanna sin ar fad a chaitheamh uathu agus tabhairt faoi chluiche an Domhnaigh seo caite le misneach agus dóchas ina gcroíthe.

Agus b’in mar a rinneadar. Thart ar a cúig a chlog i bPáirc an Chrócaigh tháinig deireadh leis an gcrá croí nuair a chuir Tommy Conroy cúilín an bhua thar thrasnán Chiarraí le foireann óg Mhaigh Eo a thiomáint isteach sna leabhair staire go deo.

Is ar éigean go raibh súil gan deoir san áit nuair a shéid an bonnán ag deireadh na himeartha. Phléasc gáir mhór mholta an lucht leanúna ar fud na staide agus d’imigh brón agus briseadh croí na mblianta le gaoth shéimh an tráthnóna.

Agus faoin uair ar ardaigh an captaen Jack Coyne Corn Mhig Uidhir bhí na deora áthais á sileadh go tréan againn uilig.

Tar éis 75 bliain bhí ‘deireadh leis an ngorta mór’ mar a dúirt Martin Carney ina thráchtaireacht raidió agus is cinnte go mbeidh ceiliúradh i Maigh Eo a mhairfidh i bhfad isteach sa gheimhreadh.

Ba dheacair a rá nach bhfuil sé tuillte againn!

Fág freagra ar 'Bua Mhaigh Eo – slán go deo le brón is buairt…'