Ceann des na tuairimí coimhthíocha agus na míthuiscintí atá ag teacht le bláthú chontae Lú i mbliana ná gur fás aon oíche iad. Tá an méid atá feicthe go dtí seo sa chraobh uathu tagtha de dhroim cúig nó sé bliana oibre i nDairbhre. Nach ait é agus nach cuí mar sin féin go bhfuil a nDairbhre féin i gcontae Lú acu agus nach ionann é agus paiste dúchais an pheileadóra is fearr riamh, Mick Ó Conaill?
Is i nDairbhre atá ceanncheathrú CLG an Lú agus is ann leis a thosnaigh Gavin Devlin ar a phrintíseacht in éineacht le Mickey Harte agus iad beirt ag iarraidh contae Lú a bhaint ó íochtar sraithe agus a sheoladh go dtí uachtar craoibhe. Tá mana greanta ar an bhfalla i nDairbhre a deir ‘canathaobh nach sinne?’ agus tá na haon ní atá bainte amach in imeacht sé bliana le fáil sa mhana áirithe sin.
Anois agus iad gafa go tairseach, tá an uile imreoir agus gach mac máthar is iníon athar sa chontae ag cur na ceiste céanna inniu. ‘Canathaobh nach sinne an chéad bhuíon ón gcontae seo a bhainfeadh cluiche ceannais na hÉireann amach don gcéad uair ó aimsir Dermot O’Brien?’
Seo deis ghlórmhar ag an Lú ach ní nach iontach, beidh Maigh Eo den dtuairim chéanna.
Chun go mbuafadh an Lú inniu, caithfidh siad cúl báire chomh saonta nó chomh ceal taithí le Jamie Mooney Mhuineacháin a bheith i mbáide Mhaigh Eo. Tá Jack Livingstone ar bheagán taithí ag an leibhéal seo ach níl sé baileach chomh saonta is a bhí Mooney sa bhabhta ceathrú ceannais. Deineadh iontas de thaispeántas an Lú coicíos ó shin toisc go dtaibhsíodh do scata ná féadfaí cluiche a bhuachtaint le ceithre dhuine dhéag. Bhí fianaise ó Chill Airne agus an cluiche sin idir Ciarraí agus Dún na nGall againn gur geall le fáisc an bháis ar fhoirne anois é a bheith ag iarraidh seilbh na caide a bhuachtaint thar n-ais agus tú i dtaoibh le ceithre dhuine dhéag.
Tar éis díbirt Sheán Callaghan luath san imirt, measadh ná féadfadh an Lú a mbó a chur thar abhainn, dá fheabhas iad. Dheineadar amhlaidh, áfach, toisc go mbuadar 73% dá gciceanna amach féin agus toisc gur éirigh leo Muineachán a choimeád ag 60% dá gcuid féin. Bhí an iomarca gaoithe á cur faoin gcaid ag cúl báire Mhuineacháin, Mooney, agus bhí leithéidí Dhara McDonnell, Conor Grimes agus James Maguire ábalta bheith thíos fé ainneoin éagmais Challaghan.
Más í an tseilbh an máistir sa chluiche nua, tá sé díreach chomh tábhachtach ná beifeá ag cúbadh chughat féin agus ag cosaint do choda ins na nóimeataí deireanacha mar a dheintí tamall.
Ní don gcéad uair i mbliana, bhí speach diamhair ins na deich nóimeat deireanach i gcontae Lú sa bhabhta ceathrú ceannais. Cuimhneofar ar na trí phointe araon a fuair Ciarán Byrne agus Tadhg McDonnell ach bhí a gcaptaen Sam Mulroy ina bheathaigh ar fad sa tréimhse dheiridh sin chomh maith. Nuair a thit iarracht ó Dessie Ward gairid, bhí Mulroy ar imeall na cearnóige chun an chaid a ghreamú agus bhí scéal an chluiche go léir ins an pointe deireanach ó Byrne.
Bhí Ryan Burns teanntaithe ar an líne chúil agus thug drochphas i dtreo Mulroy, a cheansaigh go healaíonta, thug pas do Byrne a thug faoin scór gan féachaint ar na pollaí. Bhí Byrne féin crampálta ar an dtalamh faoin dtráth seo ach d’éirigh sé ina sheasamh agus an chaid ag tuirlingt ar eagla ná bainfeadh sí an sprioc amach. Na haoinne luite amach air féin ar son na cúise. Tógfaidh sé iarracht mhínádúrtha ó Mhaigh Eo chun foireann mar sin a chloí.
Aisteach go leor, tá an tslí go bhfuil Maigh Eo gafa go dtí’n bpointe seo sa chraobh mínádúrtha i mórán slite.
Níl an glam ná an gleo céanna a bheadh ag bailiú nirt timpeall orthu an tráth seo den gcraobh is a bhíodh nuair a bhíodar anseo cheana. As na buillí go léir a thóg sprid, meanma agus teaspach Mhaigh Eo i gcaitheamh na mblian, ná bíodh aon amhras ort ná gurb é an tuisle a baineadh astu i gcluiche ceannais na bliana 2021 in aghaidh Thír Eoghain an buille ba mheasa.
Bhí cluichí móra caillte acu ins na haon tslí a d’fhéadfá a shamhlú sna deich mbliana roimis 2021 ach deineadh díobháil ná féadfaí teacht as an lá úd in aghaidh Thír Eoghain agus caitheadh daoine maithe ar leataoibh sna cúig bliana a lean. Nuair a thosnaigh Andy Moran ag caint ar phlean trí bliana tar éis a mbris in aghaidh Ros Comáin i ndeireadh an Aibreáin i mbliana, cheapamar go léir ná cífimis Maigh Eo ar an ardán seo an tráth seo bliana go dtí 2028.
Bhíodh sé ráite coitianta i mblianta dealbha Mhaigh Eo ná féadfaidís cluichí a bhuachtaint toisc ná raibh aon tosaí múnlaithe sa ghleo agus a mhairfeadh sa mharquee acu. Ainneoin Cillian O’Connor bheith i gceann an tslua ag príomhaimsitheoirí uile-Éireann, measadh ná raibh scoth na dtosaithe riamh ag Maigh Eo agus glacadh leis mar chúis nó mar scéal thairis nuair ná féadfaí greim a fháil ar chorn Sam Mhig Uidhir.
Nach mór thar oíche, tá líne lántosach ag Maigh Eo atá chomh bioranta, aibí is atá fágtha sa chraobh ach an cheist inniu – an leanfaidh a sodar agus an mbeidh cead a gcos á thabhairt dóibh mar a bhí go dtí seo? Raghaidh sé dian ar Dhaire Nally, Donal McKenny agus Emmet Carolan srian a choimeád ar Kobe McDonald (imreoir speisialta amach is amach) agus Ryan O’Donoghue (imreoir gur féidir brath air) ach, dá fheabhas é Darragh Beirne, braithim gur féidir le cúpla droch-chinneadh uaidh agus na néaróga a thagann leis an ardstáitse é a chiúnú tráthnóna.
Níl oiread is imreoir amháin ag an Lú tar éis imirt i gcluiche leathcheannais uile-Éireann cheana agus ar an dtaobh eile, tá Enda Hession, Stephen Coen, Conor Loftus, Jordan Flynn, Ryan O’Donoghue, Tommy Conroy, Rory Brickenden, Matthew Ruane, Rob Hennelly, Aidan O’Shea agus Paddy Durcan tar éis a bheith anseo cheana.
Comhaireann an taithí sin ar laethanta mar seo ach má chomhaireann féin, is dóigh liom go bhfaca rud éigin coicíos ó shin in imreoirí, i dtaobhlíne agus i lucht leanúna chontae Lú a bheidh ana-dheacair a chloí.
Fág freagra ar '‘Canathaobh nach sinne?’ – an Lú agus Maigh Eo ar thairseach na staire'