Is iomaí iniúchadh atá déanta le seachtain ar thorthaí na bhfothoghchán i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Na ciallachais do na páirtithe rialtais agus do phríomhpháirtí an fhreasúra. Téarnamh de bheagán ag an gComhaontas Glas. Tacaíocht láidir go leor d’iarrthóirí a bhfuil dearcadh láidir acu in aghaidh inimirceach agus lucht cuardaigh tearmainn. Tábhacht an vóta pearsanta agus an fháilte a chuireann pobal na hÉireann fós roimh iarrthóir a thagann chuig an doras acu ag stocaireacht agus ag lorg a vóta.
Vótáil clé, aistrigh ar chlé a bhí ar cheann de na manaí a tháinig chun chinn sa bhfeachtas. Luath go maith, tháinig Tonn na Clé le chéile i nGaillimh Thiar agus d’iarr siad ar dhaoine tacú lena gcuid iarrthóirí agus leanúint ansin lena gcuid aistriúchán chuig páirtithe a bhí a bheag nó a mhór ar an eite chéanna den pholaitíocht.
Níor éirigh leo sa mhéid agus nár bhuaigh aon cheann de na páirtithe an suíochán. Bhí cúpla sárú eile eatarthu freisin a d’fhág nach raibh na haistriúcháin chomh dílis agus ba chóir a bheith. Gné eile den scéal is ea an vóta ard pearsanta a fuair Seán Kyne agus Noel Thomas a d’fhág níos lú ag an eite chlé.
Chothaigh na torthaí sa dá fhothoghchán comhrá nua faoin gcomhghuaillíocht ar an eite chlé a raibh an oiread muiníne aisti tar éis thoghchán na huachtaránachta. Spreag sé Páirtí an Lucht Oibre le tabhairt faoi chomhghuaillíocht nua ar an eite chlé inar fágadh Sinn Féin ar lár.
Bhí ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta lom ina cuid cainte faoi Shinn Féin le linn an chomhairimh, go gcaithfidh an páirtí an seasamh atá acu ar roinnt ábhair a shoiléiriú. Céard dó an seasann siad seachas Éire Aontaithe agus síorcháineadh feargach ar an rialtas.
Ba chóir go mbeadh an suíochán i mBÁC Láir tugtha leo acu gan stró agus ba chóir go mbeadh vóta céadrogha i bhfad níos fearr ag Mark Lohan i nGaillimh. Dá mbeadh ag éirí leis an bpáirtí cur ina luí ar an bpobal gurb iadsan an malairt rialtais ba chóir go mbeadh éirithe i bhfad níos fearr leo.
Is léir go dtuigeann Ivana Bacik an méid sin agus tá súil aici anois comhghuaillíocht a bhunú leis na Daonlathaithe Sóisialta agus an Comhaontas Glas. Táid ann gur cheart go mbeadh iarracht chomhtháite ar bun aontas foirmiúil a dhéanamh idir Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta nuair a chuirtear san áireamh gur ón bhfoinse chéanna a tháinig siad an chéad lá.
Ba léir ó na fothoghcháin nach bhfuil an oiread rath ar Thonn na Clé agus a bhí súil ag an dream a bhí páirteach ann. Is léir má bhreathnaítear ar stair na heite clé sa bpolaitíocht anseo leis an scórtha de bhlianta anuas go mbíonn deacracht acu aontú agus comhoibriú le chéile. Beifear ag faire go géar go bhfeicfear cén rath a bheidh ar an iarracht is déanaí seo.
Fág freagra ar 'Comhrá nua tosaithe faoin gcomhghuaillíocht ar an eite chlé'