Bhí uair ann agus ba le Bertie Ahern Baile Átha Cliath Láir uile. Go deimhin ó d’éirigh sé as an bpolaitíocht ní raibh suíochán ag Fianna Fáil sa dáilcheantar. Caolseans go mbeidh aon suíochán ag an bpáirtí sa dáilcheantar arís go gairid.
Nach tráthúil ar an deireadh seachtaine a bhfuil Fianna Fáil ag comóradh céad bliain a mbunaithe go bhfuil Bertie Ahern sna ceannlínte nuachta arís.
Is eisean an Taoiseach nó ceannaire de chuid Fhianna Fáil is mó a raibh rath air ó bunaíodh an páirtí, cé is moite d’Éamon de Valera. Toghadh an páirtí ar ais i rialtas trí huaire as a chéile – sin ainneoin conspóidí go leor a bhain leis féin, a chaidreamh le lucht tógála, an t-airgead a fuair sé ó fhoinsí aisteacha agus an cháil a bhí ar an bpáirtí faoi chalaois le linn a bhlianta mar Thaoiseach.
Chaithfeadh go bhfuil Micheál Martin ag fiafraí de féin an dá lá seo – cén chaoi nach féidir liom éalú ó thionchar an fhir seo. Tá sé dearbhaithe aige nach ionann an méid a bhí le rá ag Bertie Ahern i bhfístéip ar na meáin shóisialta le linn dó a bheith ag stocaireacht i mBaile Átha Cliath Láir agus seasamh Fhianna Fáil ar cheist na himirce. Go deimhin, tá sé ráite go lom ag Bertie Ahern féin nach bhfuil aon deacracht aige le himircigh.
An rud a léiríonn an chonspóid is déanaí seo an fhadhb atá le polasaí imirce na tíre. Tarraingíonn an dáilcheantar ina raibh Bertie Ahern ag stocaireacht aird ar leith ar an gceist mar go bhfuil níos mó daoine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath Láir nár rugadh in Éirinn ná mar atá in aon dáilcheantar eile.
Is anseo a bhí na círéibeacha in 2024 mar thoradh ar ionsaí fíochmhar a tharla sa dáilcheantar. Le bheith fírinneach faoi bhain na círéibeacha le fearg an phobail a chreideann go gcaitear níos fearr le daoine ón iasacht ná mar a chaitear leo féin, bunadh an cheantair. Tá an tuairim sin sa dáilcheantar leis na cianta – is mar thoradh ar fhearg an phobail sa gceantar leis an bhfaillí a dhéantar orthu a d’éirigh chomh maith le Tony Gregory anseo i dtús na n-ochtóidí.
Tá fadhb sa tír maidir leis an tuairim atá ag polaiteoirí ar leith go dtugtar tús áite d’inimircigh agus do lucht cuardaigh dídine. Tá aird ar an gceist mar thoradh ar chaint an iarThaoisigh, fear a raibh tuiscint aige riamh le linn a chuid blianta féin sa bpolaitíocht ar mheon an phobail. Níor mhór mar sin don té atá tagtha anois mar chomharba air mar cheannaire ar Fhianna Fáil agus mar Thaoiseach na tíre labhairt amach go soiléir in aghaidh an chiníochais. Chomh maith leis sin, ba chóir dó comóradh céad bliain Fhianna Fáil a úsáid le polasaí soiléir rialtais a chur os comhair an phobail a thugann tearmann do dhaoine atá faoi bhrú, iadsan a rugadh anseo atá bocht agus gan dídean freisin.
Fág freagra ar 'Chaithfeadh go bhfuil Micheál Martin ag fiafraí de féin– cén chaoi nach féidir liom éalú ó Bertie Ahern?'