Beidh cead ag Aire na Gaeltachta síneadh a chur le feidhmiú pleananna teanga sna Limistéir Pleanála Gaeltachta faoi leasú atá molta ar an reachtaíocht.
Agus plé á dhéanamh ar bhille Údarás na Gaeltachta sa Dáil, glacadh le leasú a d’fhágfadh go mbeadh sé de chumhacht ag Aire na Gaeltachta síneadh dhá bhliain a chur le pleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm.
Seacht mbliana a mhaireann na pleananna teanga a cheadaítear sna Limistéir Pleanála Teanga agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta ach faoin leasú nua, bheadh sé de chumhacht ag an Aire “ré an phlean a fhadú go tréimhse nach faide ná 9 mbliana”.
Bheadh ar Údarás na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Aire chun síneadh a chur le plean sa nGaeltacht. Foras na Gaeilge a bheadh i gceist do phleananna do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta atá lasmuigh den Ghaeltacht agus do phleananna sna Líonraí Gaeilge.
Tá imní léirithe ag oifigigh pleanála teanga faoin easpa soiléire atá ann maidir le todhchaí na hearnála, ach dheimhnigh Roinn na Gaeltachta roimhe seo go raibh sé i gceist síneadh a chur le feidhmiú na bpleananna reatha go dtí go gcuirfí cinn nua le chéile.
Tá deireadh tagtha nó le teacht le go leor de na chéad phleananna teanga Gaeltachta a ceadaíodh faoin bpróiseas pleanála. Chuaigh naoi bplean in éag faoi dheireadh 2025 agus tá deireadh le teacht le sé phlean eile in 2026.
Dúradh in athbhreithniú a choimisiúnaigh an Roinn ar na chéad deich bplean teanga Gaeltachta go raibh gá le hathrú ar an gcóras pleanála teanga sa nGaeltacht agus go raibh tuilleadh tacaíochta ón stát de dhíth.
Faoin reachtaíocht mholta, bheadh an tAire freisin in ann treoir a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta iarraidh ar eagraíocht plean teanga nua a ullmhú do Limistéar Pleanála Gaeltachta
Tá leasú molta chomh maith chun soiléiriú a dhéanamh ar na critéir faoin bhféadfaí baile a roghnú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Faoi láthair, deirtear ní deirtear ach gur gá do bhaile a bheith “suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, nó tadhlach leis” chun a bheith san áireamh ach tá sé molta go n-athrófaí sin go dtí “suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tadhlach leis nó laistigh de gha 30 ciliméadar uaidh”.
Is éard atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite sa nGaeltacht nó taobh léi agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le soláthar seirbhísí poiblí agus eile do phobal na Gaeltachta. Faoin reachtaíocht, caithfidh daonra 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí, chun gur féidir é a áireamh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Tá ocht mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán agus Cathair Saidhbhín.
Fág freagra ar 'Cead le tabhairt d’Aire na Gaeltachta síneadh dhá bhliain a thabhairt do phleananna teanga'