Fainic faoi theas mór in 12 contae eisithe

Deir Met Éireann go mbeidh uasteocht an lae os cionn 27 céim agus teocht na hoíche os cionn 15 céim

Fainic faoi theas mór in 12 contae eisithe

Tá foláireamh buí ardteochta in 12 contae eisithe ag Met Éireann do na laethanta beaga seo romhainn agus bruth teasa eile i ndán don tír.

Is iad contaetha an bhrothaill sin, Cill Dara, Cill Chainnigh, Ceatharlach, Uíbh Fhailí, Laois, Longfort, Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, an Mhí agus an Iarmhí.

Beidh an foláireamh buí teasa seo i bhfeidhm ón 1.00pm amárach agus seasfaidh sé as sin go dtí a 7.00am maidin Dé Domhnaigh.

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh an uasteocht os cionn 27 céim Celsius agus teocht na hoíche 15 nó os a chionn.

Ina bhfógra, deir lucht na haimsire go mbeidh “an teocht 25 céim Celsius agus as sin suas go dtí na tríochaidí beaga ar an Aoine”. Cuireann siad fainic freisin orainn faoin innéacs UV a bheidh ard nó an-ard. Is í an radaíocht ultravialait seo ón ngrian [agus ó leapacha gréine] an tsiocair is mó le hailse chraicinn, le dó gréine agus damáiste do na súile. An chomhairle nuair a bhíonn an radaíocht sin ard, hata a chaitheamh, folach éadaigh a chur ar an gcraiceann, fanacht ar an bhfoscadh ón ngrian agus neart uachtar gréine a chaitheamh. Nuair a bhíonn an UV an-ard, comhairlítear dúinn fanacht istigh ón ngrian i mbolg an lae.

Agus an teocht 15 céim nó os a chionn beidh na hoícheanta meirbh agus áiteanna áirithe chomh plúchta leis na trópaicí. D’fhéadfadh roinnt stoirmeacha toirní a bheith ann níos deireanaí sa tseachtain.

Agus gan muide mar chine róchleachtach ar an teaspach seo, tá fainic curtha orainn gur míshocair an codladh a dhéanfas muid as seo go dtí an tseachtain seo chugainn. Ní haon dóithín é an brothall agus daoine thar a chéile níos leochailí. Easláin, an dream óg agus an dream atá amach san aois is mó atá i gcontúirt ón strus teasa agus an díhiodráitiú agus iarrtar ar dhaoine súil a choinneáil ar aon duine atá i dtuilleamaí cúraim agus a chinntiú go n-ólann siad neart uisce agus nach bhfágtar sa teas céadach iad.

Ar ndóigh meallann an brothall na sluaite cois trá is abhann is locha agus iarrtar ar dhaoine gan a ghabháil i gcontúirt a mbáite agus súil ghéar a choinneáil ar fhógraí sábháilteachta agus ar na leanaí. Ní aontaíonn an teas leis an mbeithíoch ach oiread agus ní mór súil ghéar a choinneáil orthu sin go léir agus a chinntiú go bhfuil deoch is foscadh acusan chomh maith linn féin.

Fág freagra ar 'Fainic faoi theas mór in 12 contae eisithe'