Fothoghchán i Sasana a d’fhéadfadh a shocrú cén chéad duine eile a bheidh ina Phríomh-Aire

Dá mbeadh an lá inniu i Makerfield le Méara Mhanchain, Andy Burnham, bheadh cead aige dúshlán Keir Starmer a thabhairt le haghaidh ceannaireacht pháirtí an Lucht Oibre

Fothoghchán i Sasana a d’fhéadfadh a shocrú cén chéad duine eile a bheidh ina Phríomh-Aire

Inniu a thabharfaidh lucht vótála thoghcheantar beag Makerfield in iarthuaisceart Shasana a n-aghaidh ar na botháin vótála i bhfothoghchán a d’fhéadfadh a shocrú cén chéad duine eile a bheidh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain.

Maítear go bhfuil an fothoghchán seo i Makerfield ar an gceann is tábhachtaí le fada an lá mar dá mbeadh an lá inniu le Méara Mhanchain, Andy Burnham, bheadh cead aige dúshlán Keir Starmer a thabhairt le haghaidh ceannaireacht pháirtí an Lucht Oibre.

Más fíor do na pobalbhreitheanna, tá Andy Burnham ar an bpolaiteoir is mó i bpáirtí an Lucht Oibre a bhfuil tacaíocht na mball aige agus ceaptar go n-éireodh leis in aon chomórtas ceannaireachta in aghaidh Starmer.

Is é Robert Kenyon, pluiméir sa gceantar atá ag seasamh don pháirtí Reform UK, an t-iomaitheoir is fearr atá ag déanamh in aghaidh Burnham agus in olltoghchán 2024, ba eisean a bhí sa dara háit ó thaobh vótaí a fháil.

Sna pobalbhreitheanna náisiúnta tá páirtí Nigel Farage, Reform UK, ar an rogha is fearr le daoine ach ní baileach gurb amhlaidh an scéal i Makerfield.

Bhí an-mhisneach ag Reform go sciobfaidís suíochán Makerfield ach bhain an rath atá ar an bpáirtí beag Restore Britain cuid den tacaíocht sin díobh. Tá Restore Britain níos faide ar dheis ná Reform UK agus ní haon chuidiú d’fheachtas an pháirtí ach oiread an chonspóid a bhain lena n-iarrthóir, Robert Kenyon.

Tá an chonspóid sin tarraingthe ag iarrthóir Reform UK mar gheall ar phostálacha dá chuid ar na meáin shóisialta a líomhnaítear atá gnéasaíoch agus a léiríonn fuath ar mhná ach níl sé i bhfad ón sprioc sa toghchán seo agus sin i dtoghcheantar ina raibh an suíochán ag páirtí an Lucht Oibre ó 1983.

Tá fothoghchán an lae inniu á reáchtáil mar gur éirigh Feisire Parlaiminte an pháirtí, Josh Simons, as a shuíochán le deis a thabhairt d’Andy Burnham tabhairt faoin suíochán.

Is mó ná riamh an brú atá ar an bPríomh-Aire Starmer éirí as an gceannaireacht ó chonacthas na torthaí tubaisteacha a bhí ag an bpáirtí i dtoghcháin áitiúla na míosa seo caite.

Mar bharr ar an mí-ádh, d’éirigh beirt dá chuid airí rialtais as a gcúraimí an tseachtain seo, an Státrúnaí Cosanta, John Healey agus Aire na bhFórsaí Armtha, Al Carns in agóid in aghaidh an chaiteachais ar chosaint na tíre.

Tá fainic curtha ag Starmer ar Andy Burnham gan dúshlán dá cheannaireacht a thabhairt láithreach bonn má éiríonn leis sa toghchán agus gur chóra go mór don pháirtí díriú ar mhéara nua a thoghadh ar Mhórcheantar Mhanchain.

Dúirt Starmer gur ‘drochrud’ don tír a bheadh i bhfeachtas ceannaireachta agus d’áitigh go dtroidfeadh sé féin aon dúshlán a thabharfaí ina aghaidh.

Dúirt an Príomh-Aire Starmer freisin go dtairgfeadh sé “ról mór sa rialtas” do Burnham má thoghtar ina fheisire é inniu.

Dúirt an Feisire Wes Streeting ón bpáirtí go raibh sé féin sásta comórtas ceannaireachta a thionscnamh ach a mbeadh toghchán an lae inniu thart.

D’éirigh thar cionn go deo le páirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deiridh in 2024, ach tá an tóin tite as an tacaíocht sin le dhá bhliain agus an tacaíocht ag neartú go gasta do Reform UK, páirtí atá i bhfad ar dheis agus i gcoinne na hinimirce go dtí an Ríocht Aontaithe.

Sna toghcháin áitiúla an mhí seo caite chaill páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 suíochán ar na comhairlí áitiúla agus an svae le Reform. Ní raibh ag Reform roimh na toghcháin áitiúla sin ach 100 suíochán agus d’éirigh leo thart ar 1,450 suíochán a fháil.

Ní féidir le duine nach bhfuil ina fheisire seasamh do cheannaireacht an pháirtí agus ina Mhéara ar Mhanchain atá Andy Brunham agus is chuige sin an fothoghchán cinniúnach seo.

Níos túisce i mbliana thriail Burnham seasamh i bhfothoghchán a bhí ar siúl i dtoghcheantar Gorton agus Denton ach níor cheadaigh an páirtí dó seasamh agus chaill an páirtí an suíochán agus ag an bPáirtí Glas atá sé.

Fág freagra ar 'Fothoghchán i Sasana a d’fhéadfadh a shocrú cén chéad duine eile a bheidh ina Phríomh-Aire'