David Keenan agus an cneasú a fuair sna seanscéalta agus sa Ghaeilge

Agus é ag crosbhóthar ina shaol fuair David Keenan inspioráid sna laochra a bhaineann lena cheantar dúchais, Dún Dealgan. Agus é ag ullmhú do cheolchoirm sa Spidéal, labhair sé le Tuairisc

David Keenan agus an cneasú a fuair sna seanscéalta agus sa Ghaeilge

Ó chuaigh A Beginner’s Guide to Bravery go barr chairt neamhspleách na hÉireann in 2020, tá David Keenan ar dhuine de na scríbhneoirí is amhránaithe óga is suntasaí sa tír. An Aoine bheag seo, beidh an t-amhránaí as Dún Dealgan ar stáitse i Stiúideo Cuan agus é ar camchuairt lena albam, Modern Mythologies.

D’eisigh Keenan trí albam i ndiaidh a chéile idir 2020-2022. Ghnóthaigh sé ardmholadh ó léirmheastóirí agus ón bpobal éisteachta agus bhí éileamh mór ar na halbaim. Tar éis A Beginner’s Guide to Bravery, d’eisigh sé What Then? in 2021, agus tháinig Crude amach an bhliain dár gcionn.

Bhí sé ag dul ó neart go neart ina ghairm, ach deir sé anois agus é ag breathnú siar ar na blianta sin, gur blianta deacra a bhí iontu ar bhonn pearsanta agus é ag streachailt leis an mbrú a chuir an cháil agus an sceideal dian a bhain léi air.

“Bhí mé chomh sásta a bheith ar an stáitse mór agus bhí an chéad albam ag flyáil ach ag an am céanna bhí brú teibí ar siúl faoin dromchla.

Tá saol an cheoil sa lá atá inniu ann lán le margaíocht agus bhí mé i m’fhear óg agus níor thuig mé an domhan sin ag an am. Bhí mé ar nós droch-chliché leis an deoch agus na drugaí, i gcónaí ag lorg tuilleadh.”

Deir sé go bhfuil sé tagtha tríd an tréimhse sin agus é in áit an-difriúil ina shaol anois.

“Bhí sé deacair, ach mothaíonn m’anam i bhfad níos éadroime anois, agus tá mé i bhfad níos compordaí i mo chraiceann inniu.”

Tá cuid den turas sin le feiceáil sa scannán Focla ar Chanbhás, tionscadal a rinne sé leis an stiúrthóir Paddy Hayes agus a taispeánadh ag féilte scannáin in Éirinn agus ar fud an domhain.

Sa scannán, filleann sé ar Dhún Dealgan agus déanann sé iniúchadh ar an ealaín, ar an mhiotaseolaíocht agus ar a chaidreamh leis an nGaeilge.

“Bhí an t-ádh orm é a dhéanamh agus mé féin a chur i láthair sa scannán. Rinne muid an scannán thar 500 lá, bhí mé ag lorg inspioráide nua agus ag iarraidh a theacht ar mo ghlór arís. Bhí mo cheann saghas scriosta ag an am agus chuaigh muid ar ais go Dún Dealgan, an áit ar thosaigh mé amach.”

Bhí tionchar láidir ag miotaseolaíocht na háite air, go háirithe agus é ag déileáil lena chuid dúshlán féin. Tharraing sé misneach ó laochra agus ó sheanscéalta an cheantair.

“Fuair mé inspioráid ó na seanscéalta, An Táin, Dún Dealgan an áit a rugadh Cúchulann agus i mo shaol féin, bhí mé ag cineál crosbhóthar, ní raibh léiritheoir agam, bhí mé ag déanamh gach rud i m’aonar agus bhí an chontúirt ann go mbeadh mé dóite amach. Bhí mo cheann scriosta ag an deoch ag an am freisin. Bhí sé deacair.”

Deir sé gur thug an tionscadal agus an fhoireann a bhí taobh thiar de tacaíocht mhór dó.

“Fuair mé an-tacaíocht ó Paddy Hayes agus na leaids. Bhí mé ar ais sa stiúideo agus bhí Paddy taobh thiar díom leis an gceamara ach tar éis tamaillín bhí muid go léir cairdiúil lena chéile.”

Ceann de na buntáistí ba mhó a bhain sé as an scannán ná an mhuinín nua atá aige as a chuid Gaeilge.

“Tá Gaeilge bunscoile agam agus fuair mé a lán tacaíochta ón bhfoireann go léir le mo chuid Gaeilge. Is dóigh go mothaíonn go leor daoine an bealach céanna, bíonn faitíos ort botún a dhéanamh leis an ngramadach agus mar gheall ar an gclár seo tá muinín nua agam leis an teanga.”

“Ceann de na buaicphointí atá tábhachtach dom ná an feabhas ar mo chuid Gaeilge, níl mé líofa ach airím an fuinneamh nua atá i mo shaol mar gheall ar an scannán seo.”

Tá sé ag ullmhú d’eisiúint Modern Mythologies le tamall anuas, albam a deir sé a bhfuil an cneasú fite fuaite tríd. Scríobh sé an t-albam agus é ina chónaí i gCill Chainnigh amuigh faoin tuath.

“Tá mé in aice leis na triúr deirfiúracha, bhí mé ag lorg suaimhnis agus bím ag féachaint amach ar an abhainn agus ceansaíonn sí mé.

“Nuair a chuimhním ar Éirinn sa lá atá inniu ann agus ar an domhan feicim go bhfuil an domhan briste in áiteanna. Faighimse an leigheas sa scríbhneoireacht agus sa cheol agus tá mé ar bís ag súil leis an albam nua a theacht amach.”

Ceacht mór atá foghlamtha aige ó na blianta dúshlánacha agus an turas a thóg sé le teacht slán astu, ná a bheith oscailte roimh smaointe nua.

“Caithfidh muid a bheith oscailte agus úsáid a bhaint as an ealaín, an fhilíocht, an scríbhneoireacht chun an leigheas a fháil. Tá an tacaíocht amuigh ansin ach caithfidh tú a bheith oscailte.”

Fág freagra ar 'David Keenan agus an cneasú a fuair sna seanscéalta agus sa Ghaeilge'