AN POD SPÓRT: ‘Buíochas le Dia go bhfuil áit ann i gcónaí don bhfiántas agus don imirt ón gcroí’

Féachann criú ‘An Pod Spórt’ chun cinn ar chluichí móra peile agus iománaíochta an deireadh seachtaine agus ‘anois nó riamh’ ann do na foirne go léir atá ag imirt

AN POD SPÓRT: ‘Buíochas le Dia go bhfuil áit ann i gcónaí don bhfiántas agus don imirt ón gcroí’

Tá Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic ar eagrán na seachtaine de An Pod Spóirt chun súil a chaitheamh chun cinn ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine.

Beidh ar a laghad ceann de na trí fhoireann is mó atá á lua le Sam Maguire imithe as an gcraobh roimh an tarraingt do na babhtaí ceathrú ceannais agus seaimpíní 2024 agus 2025, Ciarraí agus Ard Mhacha, ag tabhairt aghaidh ar a chéile Dé Sathairn. Cé a bhuafaidh ‘comhrac na muc’ lár páirce i gCill Airne?

Agus an éireoidh le Dún na nGall a bhfeachtas craoibhe a chur ar an mbóthar ceart arís in aghaidh Átha Cliath i bPáirc an Crócaigh, nó an bhfuil sé in am tosú ar ullmhú na gceisteanna faoi chur chuige Jim McGuinness?

An féidir brath ar Mhaigh Eo agus iad in aghaidh chontae na Mí ag baile, nó an féidir brath orthu in aghaidh aon dream aon áit?

Sa chluiche eile i mBabhta 3 tabharfaidh Muineachán agus an Iarmhí aghaidh ar a chéile. Is iad seo foirne agus mórghaiscígh na craoibhe go nuige seo ach tiocfaidh deireadh le samhradh stairiúil dream amháin acu Dé Domhnaigh. Cé acu dream?

Tá John Allen linn chomh maith chun plé a dhéanamh ar bhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe iomána, contae an Chláir in aghaidh Átha Cliath Dé Sathairn agus Corcaigh in aghaidh Uíbh Fhailí Dé Domhnaigh.

An mbeidh freagra ag Áth Cliath i ndiaidh dóibh géilleadh go bog i gcluiche ceannais Chúige Laighean nó an iad contae an Chláir a bheidh sna cluichí leathcheannais?

Agus cad faoi Chorcaigh in aghaidh Uíbh Fhailí? An mbrisfidh Ben O’Connor nós chun deis a thabhairt do chuid de na himreoirí nach bhfuil oiread sin imeartha fós acu?

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: ‘Buíochas le Dia go bhfuil áit ann i gcónaí don bhfiántas agus don imirt ón gcroí’'