Is mó cor a chuireann an duine dó agus is mó áit ar a mbíonn a thriall agus is amhlaidh do Simon, fear a saolaíodh ar an Muirígh i gCorca Dhuibhne sna 1940idí ach a chaith blianta fada ina oifigeach custaim ar an dteorainn ó thuaidh.
Sa Ghaillimh a bhuail Helen leis, áit a bhfuil sé ar a sháimhín só lena chéile, Máire agus a gclann tógtha acu.
Labhair Simon le Helen faoina óige i gCorca Dhuibhne, faoin a bheith ag obair i siopa agus teach lóistín a mhuintire, ag díol ice cream agus ceannaíocha muice agus ag múineadh Gaoluinne do státseirbhísigh.
Pléitear chomh maith a shaol ag taisteal ar fud na tíre ag obair mar fhear chustaim agus an tréimhse lán eachtraí a chaith sé ar an teorainn ag faire lucht smuigleála uibheacha, muc agus íle aimsir na dtrioblóidí.
Frank Allen
Sár agallamh, mar is gnáth don phodchraoladh seo. Súil agam go mbeidh sraith nua sa bhfómhar.