Tuairiscíodh sna meáin le gairid go raibh an chomh-aireacht ar tí cinneadh a dhéanamh rún a rith tríd an Dáil chun deireadh a chur leis an mbeartas, ar a dtugtar an glas triarach, is é sin an riachtanas sula gcuirfí trúpaí ó Óglaigh na hÉireann thar lear go gcaithfeadh an misean a bheith ceadaithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA), ag an Rialtas agus ag an Dáil. Tá sé i gceist ag an Rialtas fáil réidh leis an riachtanas go gcaithfeadh an Chomhairle Slándála misean a cheadú.
Bhí an-phlé ar an ábhar le linn fheachtas na huachtaránachta anuraidh agus beidh plé láidir air arís nuair a thiocfadh an rún os comhair na Dála. Déanfar nasc idir an glas triarach agus neodracht mhíleata na tíre agus an argóint á déanamh go ndéanfadh fáil réidh leis an nglas triarach beartas neodrachta a chreimeadh. Déanfar an argóint go laghdófar an bhaint atá ag an tír leis na NA chomh maith agus nach dtabharfaidh an tír tús áite do mhisin coimeádta síochána dá gcuid as seo amach.
Cuireadh an glas triarach i bhfeidhm in 2001 mar chuid den fheachtas roimh an dara reifreann Nice agus ar léamh amháin níl aon bhaint aige le neodracht mhíleata na tíre.
Mar gheall ar an nglas triarach is féidir an argóint a dhéanamh go bhfuil an tír sásta a cumas maidir le cinntí faoi shaighdiúirí Éireannacha a imlonnú thar lear a ghéilleadh do chinntí eagraíochta idirnáisiúnta, Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Agus dá bharr sin, tá beartas neodrachta míleata na tíre sáraithe cheana féin.
Sular tugadh isteach an glas triarach, bhí an beartas neodrachta míleata bunaithe ar stair agus traidisiún na tíre. Bhí sé bunaithe ar dhearcadh mhuintir na tíre. Léiríodh i bpobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe thar na blianta, go bhfuil formhór mhuintir na hÉireann i bhfabhar neodracht mhíleata, rud a léiríodh arís sa phobalbhreith is déanaí a foilsíodh san Irish Times níos luaithe i mbliana.
Bhí sé bunaithe ar chleachtas na tíre, chomh maith, go háirithe maidir leis an méid a chaithimid ar chúrsaí cosanta gach bliain. Is léir ón gcaiteachas cosanta thar na blianta nach bhfuilimid toilteanach an méid airgid atá riachtanach chun a bheith mar chuid de chomhghuaillíocht mhíleata a chaitheamh.
Cé nach bhfuil bunús dlíthiúil ag na bunchlocha thuasluaite maidir le neodracht an tíre, tá díolúine leagtha amach sa bhunreacht ó bheith mar chuid de chomhstruchtúr cosanta laistigh den AE agus “nach nglacfaidh an Stát le cinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú…i gcás go n-áirítear an Stát sa chomhchosaint sin”.
Tá an fhoráil sin den bhunreacht níos láidre ná an glas triarach ó thaobh neodracht mhíleata na tíre.
Bhí an beartas neodrachta míleata i bhfeidhm roimh theacht isteach an ghlais thriaraigh agus mura dtagann rud éigin aniar aduaidh a imríonn tionchar ar dhearcadh mhuintir na tíre beidh sé i bhfeidhm ina dhiaidh.
Tá stair fhada ag Éirinn mar thír atá tar éis tacaíocht a thabhairt do mhisin na NA agus tá cáil ar Óglaigh na hÉireann as an taithí atá acu mar chuid d’fhórsaí coimeádta síochána thar na blianta. Úsáideadh Óglaigh na hÉireann mar uirlis chun aitheantas a fháil mar thír nach raibh ina ballstát de chomhghuaillíocht mhíleata.
Ach tá tionchar nach beag ag na hathruithe atá ag tarlú ar an ord idirnáisiúnta ar chumas Chomhairle Slándála na NA tús a chur le misin nua.
I ndeireadh na dála, má éiríonn leis an Rialtas an leasú ar an reachtaíocht chun fáil réidh leis an nglas triarach a rith tríd an Dáil, agus níl aon chomharthaí ann nach n-éireoidh leo, ní hionann sin agus nach mbeidh an tír mar chuid de mhisin na NA as seo amach. Beidh an rogha ag an rialtas i gcónaí cead a thabhairt d’Óglaigh na hÉireann a bheith mar chuid d’fhórsa coimeádta síochána má éiríonn leis an Chomhairle Slándála an misean a cheadú, rud a bhfuil siad ag streachailt leis le blianta fada anuas.
Ach osclófar deiseanna eile don tír má ritear an leasú tríd an Dáil. Mar shampla, dá molfadh an tAontas Eorpach (AE), fórsa cosanta do mhisean daonnúil nó misean de chineál ar bith eile, seachas misean comhchosanta, d’fhéadfadh an Rialtas trúpaí a chur chuig an misean gan fanacht ar chead a fháil ón gComhairle Slándála.
Toisc nach bhfuil sé ar ár gcumas cuid mhaith dár bhfreagrachtaí cosanta agus slándála a chomhlíonadh, tá agus beidh muid ag brath ar chomhoibriú níos mó le tíortha eile as seo amach.
Bhí orainn cabhair a fháil ó roinnt tíortha Eorpacha chun cuid den chóras slándála a chur i bhfeidhm roimh an gcuairt a thug an tUachtarán Zelenskyy ar an tír anuraidh. Beidh muid ag lorg cúnamh cosanta agus slándála ó roinnt tíortha nuair a thiocfaidh Uachtaránacht an Aontais i bhfeidhm i mí Iúil.
Seans as seo amach go dtabharfaidh an Rialtas tús áite d’Óglaigh na hÉireann a úsáid chun comhoibriú a dhéanamh le tíortha an AE maidir le cúrsaí slándála atá ag teacht leis an bhforáil sa bhunreacht seachas do Chomhairle Slándála na NA, eagraíocht nach bhfuil ag feidhmiú mar ba chóir.
Fág freagra ar 'Tá beartas neodrachta míleata an stáit sa bhunreacht, níl sé ag brath ar an ghlas triarach'