Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad’

Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé a dhéanann cur síos ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte chuig an bhfeirm a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad’

Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach tá gach iarracht á dhéanamh aige a bheith i gcomhluadar.

I measc na rudaí a bhíonn sé sáite ann, tá an scéim ‘Feirmeoireacht Shóisialta Chiarraí’, faoina gcuireann Maidhc fáilte roimh dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu chun píosa oibre a dhéanamh leis ar an bhfeirm. Deir Maidhc gurb é an cinneadh is fearr a rinne sé riamh dul leis an scéim agus go mbaineann sé féin an oiread pléisiúir as an gcomhluadar is a bhaineann na leaideanna a thagann chuige.

Labhraíonn Maidhc chomh maith faoin athrú atá tagtha ar an saol ó bhí sé féin ina leaid óg agus na cuimhní atá aige ar theacht na haibhléise. Is cuimhin leis, mar shampla, aintín agus uncail leis nach raibh toradh chluiche ceannais na hÉireann 1968 acu go dtí an Mháirt tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh. Anois, is féidir an scéal is déanaí ó chluiche Phiarsaigh na Dromad a fháil i lár an aifrinn, ar sé.

Insíonn sé do Helen freisin conas go bhfuil bladhmghunna ó eitleán Naitsíoch sa teach aige.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad’'