Cíortar an teacht atá ag cainteoirí Gaeilge ar an gceartas i gcóras dlí na hÉireann i leabhar nua ó pheann an Dr Gearóidín McEvoy. Access to Justice for Minority Language Communities: Experiences of Irish Speakers and Irish Sign Language Users is ainm don leabhar nua atá le foilsiú i mí Lúnasa.
Tá an leabhar nua bunaithe ar thaighde a rinne McEvoy dá dochtúireacht ar an ábhar, obair a thosaigh sí sa bhliain 2017, tamaillín sular achtaíodh Acht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann.
Dhírigh McEvoy ar an taithí atá ag dhá phobal mionteanga in Éirinn sa chóras dlí agus na deacrachtaí agus dúshláin a bhíonn rompu agus iad ag iarraidh a gceart a fháil ina dteangacha féin – teangacha a bhfuil stádas oifigiúil acu sa tír seo.
Dúirt McEvoy le Tuairisc go bhfuil cúpla difríocht idir an dá phobal teanga ach go bhfuil go leor cosúlachtaí eatarthu agus idir an chaoi a bpléitear le baill den dá phobal i gcóras dlí na tíre.
Ar cheann de na difríochtaí suntasacha a luaitear sa leabhar tá an dá mheon ar a dtugann McEvoy ‘the slíbhín trope’ agus ‘the créatúr trope’. Maífidh sí sa leabhar nua gur minic a bhreathnaítear ar chainteoirí Gaeilge a dhéanann iarracht dul i ngleic leis an gcóras dlí ina dteanga féin mar ‘shlíbhíní’ agus gur minic a bhreathnaítear ar bhodhair a dhéanann an rud céanna mar ‘chréatúir bhochta’.
“Baineann an dá théarma leis an dá phobal, ach den chuid is mó tugtar ‘slíbhín’ ar an bpobal Gaeilge. Tháinig sé seo aníos arís agus arís eile le linn na taighde, an dearcadh atá ag na Gardaí agus na Cúirteanna i leith cainteoirí Gaeilge [a labhraíonn Gaeilge leo].
“Baintear a bhféiniúlacht cheart de phobal na Gaeilge agus deirtear ‘tá tú ag úsáid na Gaeilge le cur isteach orainn, le neamhaird a dhéanamh ar an gcóras, nó le cur isteach ar an gceartas’ seachas mar gurb í a dteanga í,” a dúirt McEvoy.
Ar an láimh eile, a dúirt sí, caitear go minic le pobal bodhar na hÉireann amhail is nach féidir leo rudaí casta ar nós an dlí a thuiscint agus gur díol trua iad nuair a thagann siad os comhair na gcúirteanna.
“Is féidir an tróp seo a fheiceáil sa stair i gcás an chainteora Gaeilge freisin, i gcás Mhaolra Sheoighe a luaitear sa leabhar – an ‘duine bocht, gan oideachas’. Tá sé le feiceáil i gcás an phobail bhodhair, deirtear ‘ní thuigeann sé go bhfuil sé mídhleathach’ nó ‘ní féidir leis rudaí mar seo a thuiscint’. Úsáidtear tróp an chréatúir i gcás na Gaeilge agus tróp an tslíbhín i gcás an duine bhodhair freisin,” a dúirt McEvoy.
Tá sraith moltaí le déanamh ag McEvoy sa leabhar nua, ach dúirt sí le Tuairisc nach bhféadfaí a bheith ag súil go leigheasfadh a thuilleadh infheistíochta an scéal ach go gcaithfí athrú meoin ar fud na tíre a thionscnamh.
“Tá sé deacair a rá ‘níos mó airgid a chur isteach anseo’. Caithfidh an saol mór athrú, caithfidh na smaointe athrú. Ní féidir é a athrú, go háirithe leis an bpobal Gaelach, le hairgead. Tá steiréitíopaí ann agus caithfidh muid iad a bhriseadh. Tá siad ag cur isteach orainn agus ag iarraidh ár dteanga a shéanadh.
“Tá an dlí ann, ach níl a fhios [ag na Gardaí agus na cúirteanna] fúthu [Gaeilgeoirí], ná aon rud faoin bpobal bodhar. Tuiscint agus eolas an dá rud is tábhachtaí, ach tá sé sin an-deacair a scaipeadh. Ní féidir airgead a chaitheamh air sin, ar shlí éigin,” a dúirt sí.
Tá “an-chuid” le déanamh sula gcuirfí an scéal ina cheart, a dúirt McEvoy, ach dúirt sí gurb iad an tuiscint ar ghrúpaí mionteangacha agus ar an gcomhbhá leo an dá rud is mó atá ag teastáil ón gcóras dlí.
Dúirt sí freisin gur mhaith léi níos mó dlúthpháirtíochta a fheiceáil idir an dá phobal teanga agus go mbeadh pobal na Gaeilge níos feasaí ar an bpobal bodhar agus na dúshláin a bhíonn rompu siúd agus iad ag iarraidh a gcearta teanga a bhaint amach.
Fág freagra ar '‘Slíbhíní’ – cearta teanga phobal na Gaeilge i gcóras dlí na hÉireann le cíoradh i leabhar nua'