D’fhéadfaí cur chuige teanga Charn Tóchair a chur ag obair ar fud na hÉireann ach is gá dearcadh na n-údarás a athrú maidir le hinfheistíocht sa nGaeilge, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné.
Tá an obair atá déanta le 30 bliain anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Charn Tóchair i gcontae Dhoire aitheanta mar eiseamláir den bhealach gur féidir an teanga a athbheochan agus a spreagadh i measc an phobail.
Tá sé molta ag coiste Oireachtais cheana go mbeadh sé ina pholasaí ag an Rialtas múnla Charn Tóchair a leanúint chun ceantair ‘Ghaeltachta’ a fhorbairt i ngach contae sa tír taobh istigh de 20 bliain.
Deir an coiste pobail atá ag cur na teanga chun cinn i gCarn Tóchair gur féidir an dul chun cinn a rinneadh i gceantar s’acusan a dhéanamh in áiteanna eile in Éirinn ach an tacaíocht chuí a chur ar fáil.
“Gan acmhainn lánaimseartha, ní fhéadfadh coiste deonach an obair atá le déanamh a dhéanamh agus de réir mar a mhéadaíonn an clár bíonn gá le níos mó acmhainní,” a dúirt Pádraig Ó Mianáin, ball de Choiste Forbartha Charn Tochair.
“Is cinnte nach bhféadfaí leath an méid atá bainte amach a bhaint amach gan oifigigh lánaimseartha Gaeilge,” a dúirt sé agus é ag labhairt ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais.
Dúradh ag an gcruinniú nach ar an nGaeilge amháin a dhírítear i gCarn Tóchair agus gurb ionann an phleanáil teanga agus an phleanáil pobail. Chomh maith le cúrsaí oideachais, bíonn an coiste forbartha ag plé le fiontair shóisialta, le cúrsaí ealaíon, le cúrsaí oidhreachta agus le cúrsaí timpeallachta.
Dúirt Pádraig Ó Mianáin go bhfuil sé “contúirteach” má bhreathnaítear ar airgead a chaitear ar an bpleanáil teanga mar airgead a chaitear ar an nGaeilge amháin agus “a imíonn le gaoth”.
“Má tá tríocha duine fostaithe mar shampla ins An Carn [an t-ionad pobail sa cheantar] idir na gnónna difriúla agus an Ghaeilge i lár gach ceann acu sin, bhuel sin infheistíocht i bhfostaíocht, ní infheistíocht go díreach i nGaeilge a imíonn le gaoth nó a imíonn le sruth. Tá poist cruthaithe do dhaoine ins an cheantar. Áit a raibh páirc ghlas tríocha bliain ó shin, tá tríocha duine ag obair anois.
“Mar an gcéanna, nuair a chuirtear infheistíocht isteach ins an Ghaeloideachas, bhuel sin páistí atá le teagasc áit éigin, i scoil Bhéarla nó i scoil Ghaeilge. Is atreorú seachas maoiniú breise atá i gceist nuair a bhunaítear soláthar Gaeloideachais.”
Dúirt Ó Mianáin gur féidir le caiteachas ar an nGaeloideachas nó ar an bpleanáil teanga daoine a choinneáil i gceantair thuaithe atá faoi bhrú, mar a bhí Carn Tóchair, agus gur féidir leis an infheistíocht sin iad siúd nach bhfuil an Ghaeilge acu a mhealladh i dtreo na teanga.
Dúradh ag an gcruinniú go raibh cainteoirí dúchasacha Gaeilge i gCarn Tóchair isteach sa 20ú hAois ach “nach raibh ach cúpla duine sa phobal a raibh Gaeilge líofa acu” nuair a cuireadh tús leis na hiarrachtaí í a chur chun cinn mar theanga phobail arís ag tús na nóchaidí.
Dúirt Pádraig Ó Mianáin gur cinneadh “réabhlóideach” a bhí ann soláthar Gaeloideachais neamhspleách a bhunú i gCarn Tóchair ag an am.
“Bhí sé chomh réabhlóideach lena rá tá mé ag gabháil a theagasc páistí i nGearmáinis nó i dteanga eile. Ní raibh an teanga ag daoine. B’éigean muinín an phobail a fháil ins an Ghaeilge tríd an Ghaeloideachas agus trí chaighdeán an Ghaeloideachais agus ina dhiaidh sin is féidir pobal a thógáil thart air.”
Tá thart ar 350 páiste agus duine óg ó cheantar Charn Tóchair anois ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, idir réamhscoil, bunscoil agus iarbhunscoil. Tá os cionn 180 dalta ag freastal ar sruth Gaeilge sa mbunscoil áitiúil, beagnach a thrí oiread níos mó ná mar atá ag fáil a gcuid oideachais trí Bhéarla sa scoil chéanna.
Maidir leis an múnla a scaipeadh chuig áiteanna eile ar fud na tíre, dúirt Ó Mianáin go raibh aon áit a bhfuil soláthar Gaeloideachais bunaithe agus a bhfuil muinín ann “deich nó cúig bliana déag chun tosaigh ar an áit ar thosaigh Carn Tóchair i 1992”, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an comhthéacs polaitiúil ó thuaidh.
Is é Carn Tóchair an t-aon cheantar tuaithe in Éirinn a bhfuil stádas bainte amach aige mar Líonra Gaeilge faoin bpróiseas pleanála teanga
Timpeall 2,000 duine a chónaíonn i gCarn Tóchair/Sleacht Néill, atá ag bun Shliabh Charn Tóchair in aice le Machaire Rátha i gcontae Dhoire.
Dúirt an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil go bhfuil pobal na Gaeilge fud fad na hÉireann “in éad faoin éacht atá déanta ag Pobal Charn Tóchair le glúin anuas” agus go raibh Gaeltacht “athbhunaithe” sa gceantar.
“Dá mbeimis in ann macasamhail a dhéanamh ar Charn Tóchair i ngach chontae in Éirinn, dá mbeimis in ann pobail mar seo a éascú timpeall na tíre, bheadh an Ghaeilge slán. Agus tá na pobail ann cheana atá ag obair ar son na nGaeilge ina gceantair féin, na Líonraí Gaeilge, i gCill Dara, i gCluain Dolcáin agus araile.”
Fág freagra ar '‘Tá sé contúirteach má bhreathnaítear ar airgead a chaitear ar an nGaeilge mar airgead a imíonn le gaoth’'