Ba chóir ‘Carn Tóchair’ a bheith i ngach contae sa tír – polasaí Gaeilge nua molta ag coiste Oireachtais

Tá Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag iarraidh go mbeadh sé ina pholasaí oifigiúil teanga ag an Rialtas ‘samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn

Ba chóir ‘Carn Tóchair’ a bheith i ngach contae sa tír – polasaí Gaeilge nua molta ag coiste Oireachtais

Tá coiste Oireachtais ag iarraidh go mbeadh sé ina pholasaí ag an Rialtas ceantair ‘Ghaeltachta’ a fhorbairt i ngach contae sa tír taobh istigh de 20 bliain.

Deir Coiste Gaeilge an Oireachtais gur cheart go mbeadh sé mar bheartas oifigiúil ag an Rialtas ceantair ‘Ghaeltachta’ a bhunú nó a athbhunú ar fud na tíre agus tacaíocht a chur ar fáil do phobail atá ag iarraidh a leithéid a dhéanamh.

Déantar an moladh sin i dtuarascáil ón gCoiste Gaeilge atá bunaithe ar chuairt a thug na baill ar cheantar Charn Tóchair i nDoire, áit a bhfuil obair mhór déanta le roinnt blianta anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn ansin.

Deirtear sa tuarascáil gur mian leis an gcoiste aird an Taoisigh, Airí na Gaeltachta agus a gcuid ranna a dhíriú ar an “éacht” atá déanta ag pobal Charn Tóchair agus ar an obair leanúnach atá ar siúl sa cheantar.

Moltar go mbeadh sé “ina bheartas oifigiúil de chuid Rialtas na hÉireann ‘Samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn, agus an tacaíocht agus an córas riaracháin cuí a chur i gcrích láithreach, chun an cuspóir uasal seo a thosú agus a chur i gcrích taobh istigh de 20 bliain.”

Bhí Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ar an toscaireacht a thug cuairt ar Charn Tóchair níos luaithe i mbliana chun léargas a fháil ar an obair atá ar bun.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, deir Ó Snodaigh go léiríonn rath na hoibre ansin go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh i gceantair eile ar fud na tíre.

“Léiríonn an t-éacht atá bainte amach acu i gCarn Tóchair nach bhfuil sé dodhéanta na heagrais, grúpaí agus daoine cuí a tharraingt le chéile i gceantar tuaithe agus beocht a chur le labhairt na Gaeilge ann.”

Deir Ó Snodaigh go bhféadfaí tuilleadh airgid a chur ar fáil don chóras pleanála teanga chun a leithéid a dhéanamh, mar a bhí leagtha amach i mbuiséad malartach Shinn Féin, a deir sé.

Tá Carn Tóchair ar cheann de na ceantair ag a bhfuil aitheantas mar Líonra Gaeilge bainte amach faoin phróiseas pleanála teanga agus deir Ó Snodaigh gur samplaí iad na bailte eile a bhfuil an t-aitheantas sin faighte nó á lorg acu d’áiteanna ina bhféadfaí ‘Samhail Charn Tóchair’ a chur i bhfeidhm.

“Tá ceantair ann ina bhfuil daoine bródúil as an oidhreacht a bhí acu mar breacGhaeltachtaí sa chéad seo caite, áit nach bhfuil mórán Gaeilge á labhairt ann anois ach ina bhfuil ceol agus traidisiúin Ghaelacha fós beo agus mar chuid lárnach de shaol an phobail.

“Tá áiteanna aitheanta freisin ag an rialtas agus Foras na Gaeilge ina bhfuil daoine agus eagrais ag iarraidh Líonraí Gaeilge a fhorbairt, ach is gá an cineál uaillmhian agus spreagadh a bhí i gCarn Tóchair a úsáid mar eiseamláir agus gan a bheith dírithe ar cheantair uirbeacha amháin. Áit a bhfuil suim ann a leithéid de dhul chun cinn a bhaint amach, ní mór don stát é sin a fhorbairt agus a fhás trí dhaoine a tharraingt le chéile agus tacú lena gcuid pleananna, agus is léir gur féidir sin a dhéanamh ón méid atá feicthe ag an gCoiste.”

Chomh maith le Carn Tóchair, tá stádas mar Líonra Gaeilge bainte amach ag Baile Locha Riach, Inis, Cluan Dolcáin agus Iarthar Bhéal Feirste.

Thug an toscaireacht ó Choiste na Gaeilge cuairt ar An Carn, an t-ionad pobail sa cheantar ina bhfuil ionad comhdhála, ionad ealaíon, bialann agus siopa. Tugadh cuairt freisin ar Thearmann Dúlra Dhroim nDamh, atá faoi bhainistíocht Choiste Forbartha Charn Tóchair, agus ar chumann CLG an cheantair, Sleacht Néill.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go raibh pobal Charn Tóchair ina “eiseamláir iontach” den dul chun cinn a d’fhéadfaí a dhéanamh le pobal Gaelach a chruthú.

Timpeall 2,000 duine a chónaíonn i gCarn Tóchair/Sleacht Néill, atá ag bun Shliabh Charn Tóchair in aice le Machaire Rátha i gcontae Dhoire. A bhuíochas le Coiste Forbartha Charn Tóchair, tá an ceantar aitheanta mar cheann de na ceantair is láidre sa tír ó thaobh na teanga.

Ní raibh ach cúpla Gaeilgeoir sa cheantar tríocha bliain ó shin, ach sa lá atá inniu ann tá 35 páiste ag freastal ar an dá naíscoil atá sa cheantar agus tá 182 ag freastal ar thaobh Gaeilge Bhunscoil Naomh Bríd, i gcomparáid le 70 dalta sa taobh Béarla den scoil. 272 dalta atá ag freastal ar Ghaelcholáiste Dhoire.

Tháinig ionadaithe ó phobal Charn Tóchair os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana chun an obair a bhí ar bun acu a phlé.

Ag an gcruinniú sin, dúirt Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir an Fhoclóra Béarla-Gaeilge agus gníomhaí pobail as Carn Tóchair, nach bhféadfaí brath ar an oideachas lán-Ghaeilge amháin chun an teanga a fhréamhú i bpobal agus gur gá pobal Gaeilge a bhunú timpeall ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt sé go raibh foghlamtha chomh maith ag lucht athbheochana na Gaeilge i gceantar Charn Tóchair go bhfuil “géarghá le tacaíocht mhaoinithe sheasmhach le bonn inmharthana a chur faoi iarrachtaí na ndaoine”. Mheas sé go raibh an baol ann go ligfear don Ghaeilge cúlú arís sna háiteanna ina bhfuil dúshraith nua curtha fúithi cheal an mhaoinithe sin.

Tá toscaireacht ó Choiste na Gaeilge le cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste an mhí seo chugainn chun léargas a fháil ar an obair atá déanta ag grúpaí pobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair sin.

Fág freagra ar 'Ba chóir ‘Carn Tóchair’ a bheith i ngach contae sa tír – polasaí Gaeilge nua molta ag coiste Oireachtais'

  • Seán ÓM

    Smaoineamh iontach mar sin féin! Ach is léir dom nach bhfuil an ceacht is tábhachtaí ó na hUltaigh foghlama ag muintir an Deiscirt go fóill:

    Déanaigi é gan an Rialtas ar dtús agus faigh tacaíocht uathu ina dhiadh.

    Sa bhealach sin, beidh an poball níos láidre, eagraithe agus neamhspleách ón Stát – agus beidh sé i bhfad níos éasca brú a chur ar an Rialtas ina dhiadh sin (cosúil le Bóthar Seoighe).

    Má fhanann sibh ar an Rialtas súla dtosaíonn sibh, ní tharlóidh aon rud go brách.
    Agus má tharlaíonn aon rud, beidh sé ina rud beag bídeach agus sop in áit na scuaibe atá 100% spleách ar an Stát agus ar dheamhion na bpolaiteoirí.